An Roinn Iompair: Nochtaí Cosanta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá nuashonrú déanta ag an Roinn Iompair ar an mBeartas um Nochtaí Cosanta chun an tAcht um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2022 a chur san áireamh.
Is ceadmhach do na daoine seo a leanas nochtadh cosanta a dhéanamh de réir bheartas na Roinne Iompair:
Leagtar amach sa bheartas an próiseas ar dá réir a bhféadfaidh oibrí nochtadh cosanta a dhéanamh, an chaoi a ndéanfar plé le tuairiscí den sórt sin agus a ndéanfaidh an Roinn chun an duine a rinne an tuairisc a chosaint.
Caitheann an Roinn Iompair agus Bord Bainistíochta na Roinne dúthracht chun tacú le cultúr inar féidir lenár gcuid oibrithe go léir labhairt amach go sábháilte agus aon ní is údar imní a bhaineann le héagóir ábhartha, de réir mar a shainmhínítear sa reachtaíocht é, a thuairisciú, agus chun na tacaíochtaí riachtanacha a chur ar fáil dóibh siúd a ardaíonn nithe is fíor‑údar imní iad.
Tá tacaíochtaí saor in aisce agus neamhspleácha ar fáil d’aon duine atá ag smaoineamh ar nochtadh cosanta a dhéanamh nó atá tar éis a leithéid de nochtadh a dhéanamh. Is féidir le duine ar bith teagmháil a dhéanamh leis an líne chabhrach saor in aisce faoi rún ‘Speak Up ’ (ar an bhfón ar 1800 844 866, tríd an bhFoirm Shlán Thuairiscithe , tríd an ríomhphost , tríd an bpost nó tríd an aip Signal ), ar seirbhís í atá á hoibriú ag Transparency International Ireland. Tá an tseirbhís go hiomlán neamhspleách ar an roinn.
Maidir le nochtaí leictreonacha, ba cheart iad a sheoladh tríd an ríomhphost chuig ProtectedDisclosuresInternal@transport.gov.ie
Maidir le nochtaí i scríbhinn, ba cheart a lua ar an gclúdach go bhfuil siad príobháideach agus faoi rún agus iad a chur sa phost chuig:
Claire Martinez
Ceann Feidhme
An Rannán um Chomhordú agus Athchóiriú Beartas Láir
An Roinn Iompair
Lána Líosain
Baile Átha Cliath 2
D02 TR60
Nochtadh Cosanta faoi bhráid an Aire Iompair nó an Aire Stáit Iompair
Má tá oibrí fostaithe i gcomhlacht poiblí, nó má bhí tráth, féadfaidh an t‑oibrí nochtadh cosanta a dhéanamh d’Aire iomchuí.
Sainmhínítear “Aire iomchuí” mar Aire a bhfuil an fhreagracht air nó uirthi as an gcomhlacht poiblí atá i gceist, duine a ndílsítear ann nó inti na feidhmeanna, cibé acu reachtúil nó eile, maidir leis an gcomhlacht poiblí, é sin nó mar Aire Stáit a dtarmligtear chuige nó chuici aon fheidhm den sórt sin. Go ginearálta, is é Aire mháthair‑roinn an chomhlachta phoiblí atá i gceist leis sin.
Maidir le nochtaí leictreonacha, ba cheart iad a sheoladh tríd an ríomhphost chuig rotectedDisclosuresMinister@transport.gov.ie
Maidir le nochtaí i scríbhinn, ba cheart a lua ar an gclúdach go bhfuil siad príobháideach agus faoi rún agus iad a chur sa phost chuig:
An tAire Iompair / An tAire Stáit Iompair
An Roinn Iompair
Lána Líosain
Baile Átha Cliath 2
D02 TR60
Na Nochtaí Cosanta a gheobhaidh an tAire nó an tAire Stáit, cuirfear ar aghaidh go díreach chuig an gCoimisinéir um Nochtadh Cosanta iad tráth nach déanaí ná 10 lá féilire tar éis a bhfála. Ba cheart aon cheist nó comhfhreagras breise a sheoladh chuig an gCoimisinéir.
Forordaítear do dhaoine áirithe nochtuithe cosanta a fháil (“daoine forordaithe ”). Áirítear leo siúd ceannasaithe nó oifigigh shinsearacha i réimse comhlachtaí a bhfuil baint acu le maoirseacht nó rialáil a dhéanamh ar earnálacha áirithe den gheilleagar nó den tsochaí.
Tá liosta iomlán na ndaoine forordaithe le fáil in I.R. 367 de 2020 .