Caomhnóir Sinsearach - An Chartlann Náisiúnta
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá iarratais ó iarrthóirí oiriúnacha chun poist don phost Caomhnóir Sinsearach a líonadh ar bhonn buan sa Chartlann Náisiúnta á lorg ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán. Tá an Chartlann Náisiúnta lonnaithe ar Shráid an Easpaig, Baile Átha Cliath 8.
Comhlacht reachtúil laistigh den Státseirbhís is ea an Chartlann Náisiúnta atá freagrach as taifid chartlainne an rialtais láir, lena n-áirítear Ranna Stáit, na cúirteanna agus réimse comhlachtaí Stáit eile, a chaomhnú agus a chur ar fáil don phobal. Bunaíodh í sa bhliain 1988, nuair a tháinig an tAcht um Chartlann Náisiúnta, 1986 i bhfeidhm. Feidhmíonn an Chartlann Náisiúnta faoi rialú agus bainistiú an Stiúrthóra, a cheapann an tAire Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus a fhreagraíonn di.
Faoi láthair, tá an Chartlann Náisiúnta ag féachaint le caomhnóirí cuícháilithe a fhostú a bhfuil spéis acu sna taifid atá ina cuid bailiúcháin a chaomhnú agus a chosaint.
Faoi cheannas an Chaomhnóra Shinsearaigh, is é ról na Roinne Caomhnaithe oibriú ar fud gach rannáin san eagraíocht lena chinntiú go bhfuil ár mbailiúcháin faoi réir obair chaomhnaithe agus chosanta ar bhonn leanúnach mar aon le cinnte a dhéanamh de go ndéantar suirbhéireacht ar shealbhúcháin nua sula dtugtar faoi aon obair chartlainne agus go n-ionchuirtear ina stóráil agus cothabháil fhadtréimhseach freisin. Chomh maith leis sin, glacann an Roinn Caomhnaithe páirt sna tionscadail dhigitithe ar fad.
Tríd an gcomórtas seo, táthar ag súil go líonfar roinnt poist ar bhonn buan.
Áirítear an méid a leanas le dualgais an Chaomhnóra Shinsearaigh sa Chartlann Náisiúnta ach níl sé teoranta dóibh:
Plean Athshlánaithe i gCás Tubaiste na Cartlainne Náisiúnta a chothabháil agus ról ceannasach a ghlacadh maidir leis an bplean a chur i bhfeidhm i gcás teagmhais éigeandála;
Déan an leabhrán faisnéise atá ceangailte leis seo a íoslódáil chun tuilleadh eolais a fháil maidir le hincháilitheacht agus riachtanais.
Leabhrán Faisnéise d’Iarrthóirí
Dá mba maith leat iarratas a dhéanamh ar phost, íoslódáil an fhoirm iarratais atá faoi iamh.
Nuair a bheidh an fhoirm comhlánaithe agat, is féidir í a sheoladh ar aghaidh ar ríomhphost chuig Personnel@tcagsm.gov.ie
Ní mór gach iarratas a bheith faighte ag an Roinn tráth nach déanaí ná 12:00 Dé Máirt an 19 Aibreán 2022.
Mura bhfuil tú ábalta cóip den fhoirm iarratais nó den leabhrán faisnéise a íoslódáil, seol iarraidh chuig an seoladh ríomhphoist thuas agus cuirfimid cóip chugat ar ríomhphost.
Ba chóir d'iarratasóirí a thabhairt ar aird go gcuirfear iarratasóirí a n-éireoidh leo san agallamh ar phainéal ónar féidir ceapacháin a dhéanamh de réir mar a thagann siad chun cinn.
Féach an ráiteas príobháideachais faoi iamh maidir le sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil i ndáil leis an gcomórtas seo.