Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol (RFC)
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá sé tábhachtach go mbíonn rochtain ar fhaisnéis le go mbeidh baill den phobal in ann eolas agus tuiscint a bheith acu ar an méid atá ag tarlú sa timpeallacht thart orthu. Chomh maith leis sin cabhraíonn sé leis an bpobal páirt a bheith acu ar bhealach feasach i gcinnteoireacht faoin gcomhshaol.
Cinntíonn an rialtas go mbíonn an rochtain seo ag an bpobal trí Rialacháin RFC a chur i bhfeidhm in Éirinn.
Ba cheart faisnéis ar an gcomhshaol atá ar seilbh ag údarás áitiúil nó ar seilbh dó a chur ar fáil do dhuine ar bith a iarrann ó údaráis áitiúla í faoi Rialacháin RFC. Baineann nósanna imeachta áirithe leis an bpróiseas seo agus féadtar rochtain ar fhaisnéis a dhiúltú i gcásanna áirithe. Tá próiseas achomhairc ann chomh maith i gcás go mbíonn duine míshásta leis an gcinneadh ar a iarratas.
Ba cheart iarratais faoi Rialacháin RFC a dhéanamh chun an údaráis phoiblí a gcreideann an t-iarratasóir an fhaisnéis a bheith aige.
Le Rialacháin Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol (RFC) 2007-2018 tugtar an ceart duit rochtain a bheith agat ar fhaisnéis ar an gcomhshaol atá ar seilbh ag Údaráis Áitiúla nó ar seilbh dóibh.
Luaigh i do ríomhphost/litir go bhfuil d’iarratas á chur isteach faoi Rialacháin RFC 2007-2018. Le gur féidir an próiseas iarratais RFC a chuíchóiriú agus chun a chinntiú go dtugtar freagra tráthúil ar gach iarratas, tá foirm iarratais RFC forbartha againn.
Más mian leat rochtain a iarraidh ar fhaisnéis ar an gcomhshaol atá ar seilbh ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agu Comhshaoil (RCAC) nó ar seilbh di, níl le déanamh ach an fhoirm thuas a chomhlánú agus a chur ar ríomhphost chuig aie.unit@decc.gov.ie
De rogha air sin, is féidir í a chur sa phost chuig:
Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol, AIE Unit, (Aonad RFC), An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Elm House (Teach an Leamháin), Bóthar Ghleann an Iarla , An Cabhán , H12 A8H7
Caithfear a lua san iarratas go bhfuiltear á dhéanamh faoi Rialacháin RFC.
Ó Eanáir 2018, foilsíonn RCAC gach iarratas neamhphearsanta agus freagraíonn sí ar líne.
Iarrann RCAC ar chustaiméirí sonraí pearsanta áirithe a sholáthar d’fhonn seirbhísí a chur ar fáil agus feidhmeanna na roinne a chomhlíonadh. I gcásanna áirithe, más dlíthiúil, féadtar do shonraí pearsanta a roinnt le ranna eile rialtais. Tá na sonraí uile ar fáil ar an bhFógra um Príobháideachas Sonraí, atá ar fáil anseo ar chóip chrua má iarrtar é.
Cá huair is féidir liom a bheith ag dúil le freagra ar m’iarratas?
Cuirfidh RCAC ar an eolas thú faoin gcinneadh ar d’iarratas taobh istigh de mhí i ndiaidh dúinn é a fháil.
Nuair a gheobhaidh RCAC iarratas RFC cuirfidh sí litir litir admhála chugat ag insint an dáta a bhfuarthas an t-iarratas agus an dáta is déanaí a n-eiseofar an cinneadh.
An gcosnóidh sé rud ar bith orm?
Níl táille ar bith ar iarratas a dhéanamh faoi Rialacháin RFC. Mar sin féin, faoi na rialacháin beidh cead ag údarás áitiúil táille réasúnta a ghearradh ar an gcostas atá le faisnéis ar an gcomhshaol a sholáthar.
Seo a leanas na táillí atá socruithe ag RCAC:
taifid a chuardach, a fháil ar ais agus a chóipeáil: €20 san uair
fótachóip: €0.04 an bhileog
CD Rom: €10
radagraf: €6
Molfar sonraí faoi tháillí ar bith atá i gceist sa litir chinnteoireachta dheiridh. Tabhair do d’aire gur féidir an táille a chealú nuair a mheastar gur lú ná €100 an costas.
Is féidir freisin nach n-iarrfaimid táillí mura bhfuil sa taifead ach faisnéis phearsanta agus más rúd é, nuair a bhreathnaítear ar acmhainn an iarratasóra, nach mbeadh sé réasúnta ceann a chur i bhfeidhm.
Cad a tharlóidh má tá mé míshásta le cinneadh?
Féadann tú athbhreithniú inmheánach ar an gcinneadh a iarraidh más rud é gur diúltaíodh d’iarratas ar fhaisnéis ar an gcomhshaol go hiomlán nó más rud é gur diúltaíodh cuid de, nó má chreideann tú nár pléadh leis de réir fhorálacha Rialacháin RFC. Ba cheart duit an t-iarratas seo ar athbhreithniú inmheánach a dhéanamh taobh istigh de mhí i ndiaidh duit an cinneadh deiridh a fháil.
Ba chóir iarratais ar athbhreithnithe inmheánacha a chur chuig:
Aonad RFC
Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol, Corporate Support Unit (Aonad Tacaíochta Corparáidí), An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, Elm House (Teach an Leamháin), Bóthar Ghleann an Iarla , An Cabhán , H12 A8H7
Má tá tú míshásta le toradh an athbreithnithe inmheánaigh, is féidir leat iarraidh ar Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis ar an gComhshaol (OCFC) an cheist a athbhreithniú. Ba cheart duit achomharc a iarraidh ar an OCFC taobh istigh de mhí i ndiaidh duit cinneadh an athbhreithnithe inmheánaigh a fháil.
I Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol) 2007 (S.I. 133 de 2007), tugtar cearta dlíthiúla dóibh siúd atá ag iarraidh rochtain ar fhaisnéis ar an gcomhshaol ó údaráis phoiblí.
Tháinig na Rialacháin seo in éifeacht ar 1 Bealtaine 2007, ag aisghairm na reachtaíochta a bhí ann roimhe, Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol) 1998. S.I. 662 de 2011, S.I. 615 de 2014 agus S.I. 309 de 2018, rinneadh tuilleadh athbhreithnithe ar na rialacháin seo.
Ba cheart cumasc na gceithre phíosa reachtaíochta a léamh mar cheann amháin, agus féadtar tagairt dóibh mar Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol) 2007 go 2018.
Tá comhdhlúthú neamhoifigiúil na Rialachán ar fáil anseo.
Ní mór faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol ar seilbh ag údarás áitiúil no ar seilbh dó a chur ar fáil do dhuine ar bith má iarrann sé é ag brath ar eisceachtaí áirithe.
Sna Rialacháin tugtar sainmhíniú ar fhaisnéis ar an gcomhshaol agus cuirtear síos ar an mbealach ar cheart iarratais ar fhaisnéis a sholáthar d’údaráis phoiblí. Sna Rialacháin freisin tá foráil do phróiseas foirmiúil achomhairc má bhíonn duine míshásta le cinneadh ar a iarratas.
Tugann Rialacháin RFC éifeacht in Éirinn do Threoir 2003/4/EC de chuid Pharlaimint na hEorpa agus de chuid na Comhairle ar Rochtain Phoiblí ar Fhaisnéis ar an gComhshaol (Treoir RFC). D’aisghair an Treoir sin Treoir na Comhairle 90/313/EEC, an uirlis AE a bhí ann cheana lenar soláthraíodh rochtain ar fhaisnéis ar an gcomhshaol.
Ghlac an AE leis an Treoir RFC chun éifeacht a thabhairt do cholún Rochtain ar Fhaisnéis de chuid Choinbhinsiún UNECE 1998 ar Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht an Phobail i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil (Coinbhinsún Aarhus).
Ba cheart d’Údaráis Phoiblí na treoirlínte a foilsíodh faoi Airteagal 14 de Rialacháin ar Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol 2007 go 2018 a chur san áireamh agus iad i mbun a gcuid feidhmeanna. Cabhróidh na treoirlínte le húdaráis phoiblí a bhfuil faisnéis ar an gcomhshaol acu. Rachaidh siad chun sochair freisin don phobal i gcoitinne agus do dhaoine eile ar mian leo a gceart a fheidhmiú ar rochtain ar fhaisnéis ar an gcomhshaol. Bíodh a fhios agat nach cáipéis dlí é seo.
Treoir d’Údaráis Phoibli agus do dhaoine eile ar chur i bhfeidhm Rialacháin RFC
Sreabhchairt d’Iarratais RFC
D’fhoilsigh an RCAC sraith de litreacha teimpléadacha chun cabhrú le hoifigigh RFC agus le cinnteoirí agus iad ag freagairt d’iarratais RFC.
Coinníonn RCAC taifead de gach iarratas RFC a fhaigheann sí agus cuireann sí coimrithe ar líne chun críoch tagartha. Coinníonn an roinn bunachar sonraí freisin ar líon na n-iarratas RFC a fuair gach údarás poiblí.
Coinníodh bunachar sonraí de staitisticí RFC ó 2013. Léirítear ansin líon na n-iarratas RFC a fuair comhlachtaí poiblí go náisiúnta, mar aon le sonraí ábhartha áirithe eile. Tabhair do d’aire nach iomlán liosta na n-údarás poiblí a thug tuairisc staitisticí. Mura luaitear comhlacht poiblí anseo, ní chiallaíonn sin nach bhfuil sé faoi réir Rialacháin RFC.