Oifigeach Seirbhísí, sa Roinn Dlí agus Cirt
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá deiseanna anois ann do dhaoine atá cuícháilithe agus tiomanta le dul i mbun an róil (na ról), Oifigeach Seirbhísí, sa Roinn Dlí agus Cirt. Cuirfear iarratasóirí a n-éiríonn leo ar phainéal, in ord fiúntais. Beidh an painéal i bhfeidhm ar feadh tréimhse suas go dtí 2 bhliain.
Beidh na folúntais don Oifigeach Seirbhísí a bheidh le líonadh ón bpainéal lonnaithe in áiteanna éagsúla i mBaile Átha Cliath 1 agus 2.
Cuirfear na hiarrthóirí a n-éireoidh leo ar phainéal, in ord fiúntais agus, de réir mar a thiocfaidh folúntais chun cinn, tairgfear post in ord fiúntais.
Féadfar folúntais atá an-chosúil leis na folúntais seo a thiocfaidh chun cinn i réimse eile sa Státseirbhís a líonadh ón bpainéal atá bunaithe mar thoradh ar an gcomórtas seo.