Tá ról an Ard-Aighne leagtha amach i dtéacs an Bhunreachta féin. Foráiltear le hAirteagal 30.1 den Bhunreacht:
“Beidh Ard-Aighne ann, agus is é is comhairleach don Rialtas i gcúrsaí dlí agus tuairimí dlí, agus ní foláir dó gach cumhacht, gach feidhm agus gach dualgas dá mbronntar nó dá gcuirtear air leis an mBunreacht seo nó le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh.”
I dtéarmaí simplí, is é an tArd-Aighne dlíodóir an rialtais. Cuireann an tArd-Aighne comhairle dlí ar fáil don Rialtas, dá Airí agus dá gcuid Ranna maidir le beartas, reachtaíocht agus dlíthíocht, déanann an tArd-Aighne maoirseacht ar reachtaíocht an Rialtais a dhréachtú agus tá an tArd-Aighne freagrach as dlíthíocht a thugann an Stát agus an Rialtas nó dlíthíocht a thugtar thar ceann an Rialtais nó an Stáit a bhainistiú.
Is Abhcóidí Comhairleacha agus Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas a chuidíonn leis an Ard-Aighne chun a chuid/a cuid feidhmeanna a chur i gcrích. Tá Abhcóidí Comhairleacha agus Dréachtóirí Parlaiminte lonnaithe in áitreabh Oifig an Ard-Aighne i dTithe an Rialtais ar Shráid Mhuirfean. Chomh maith leis sin, déanann an tArd-Aighne maoirseacht ar Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit.
In Airteagal 30.2 den Bhunreacht, cuirtear síos tuilleadh faoin Ard-Aighne leis an méid a leanas “Is ag an Uachtarán a cheapfar an tArd-Aighne arna ainmniú sin ag an Taoiseach”.
Bíonn an tArd-Aighne i seilbh oifige fad is toil le Taoiseach na linne sin é. Foráiltear le hAirteagal 30.5.4° maidir leis an Ard-Aighne “Ní foláir don Ard-Aighne dul as oifig ar éirí as oifig don Taoiseach, ach tig leis leanúint dá dhualgais nó go gceaptar comharba an Taoisigh.”
Cé nach mór don Ard-Aighne oibriú i ndlúthchomhar le hAirí an Rialtais agus le Ranna Stáit, tá an tArd-Aighne i seilbh oifige atá leithleach agus neamhspleách ar an Rialtas. Foráiltear le hAirteagal 30.4 den Bhunreacht don méid seo a leanas maidir leis an Ard-Aighne “Ní cead an tArd-Aighne a bheith ina chomhalta den Rialtas”.
In ainneoin an neamhspleáchais seo, tá gaol an-dlúth ag an Ard-Aighne leis an Rialtas i dtéarmaí praiticiúla. Léirítear é seo go maith leis an bhfíoras go bhfuil sealbhóir na hoifige seo ina dhuine amháin as beirt nach Airí iad a fhreastalaíonn ar chruinnithe den Rialtas, nó ar chruinnithe den Chomh-Aireacht.
Is é an tArd-Aighne agus Ard-Rúnaí an Rialtais, an státseirbhíseach is airde sa Stát, an t-aon bheirt nach bhfuil i seilbh oifige aireachta a dtugtar cead dóibh éisteacht leis na comhráití rúnda seo agus páirt a ghlacadh iontu.
Ceann de na príomhfhreagrachtaí atá ar an Ard-Aighne is ea dlíthíocht a stiúradh thar ceann an Stáit agus comhairle dlí a chur ar fáil i ndáil leis an dlíthíocht sin. I gcás ina ndéantar caingean in aghaidh an Stáit nó in aghaidh Aire Rialtais, is gnách go n-ainmnítear an tArd-Aighne mar chosantóir freisin.
Tá ról ag an Ard-Aighne a bhfuil tábhacht faoi leith ag baint leis i dtaca le bunreachtúlacht na reachtaíochta agus beartas an rialtais a chosaint. In imeachtaí dá leithéid, is minic go n-ainmneofar an Stát agus an tArd-Aighne mar chosantóirí, agus sa chas sin, beidh sé de fhreagracht ar an Ard-Aighne a chur ina luí ar an gcúirt nach bhfuil an reachtaíocht ná an beartas aimhréireach leis an mBunreacht. Tá cur i gcrích na feidhme seo ríthábhachtach lena chinntiú gur féidir leis an Rialtas tabhairt faoi bheartais go héifeachtach agus reachtaíocht arna achtú ag an Oireachtas a chur i bhfeidhm laistigh de theorainneacha an Bhunreachta.
Lena chois sin, fiú i gcásanna nach n-ainmnítear an Stát mar chosantóir, ní mór an tArd-Aighne a chur san áireamh mar fhógrapháirtí in aon imeachtaí ina gceistítear bunreachtúlacht na reachtaíochta, nó ina dtugtar aird ar aon ní tábhachtach i dtaca le léirmhíniú an bhunreachta. Cinntíonn sé seo nach ndéanann na cúirteanna aon rialú i ndáil le haon argóint bhunreachtúil shuntasach gan aighneachtaí a chloisteáil, nuair is gá, ón Ard-Aighne. Mar sin, beidh na cúirteanna in ann cinneadh a dhéanamh i ndiaidh seasamh an Stáit a chur san áireamh. Tá feidhm le ceanglais chomhchosúla in imeachtaí lena lorgaítear dearbhú go bhfuil reachtaíocht ar neamhréir leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine.
Chomh maith leis sin, ní mór don Ard-Aighne bunreachtúlacht reachtaíochta a chosaint faoin nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 26 den Bhunreacht. Le hAirteagal 26, tugtar an chumhacht don Uachtarán ceist a atreorú chuig an gCúirt Uachtarach maidir le cé acu atá nó nach bhfuil aon bhille arna rith ag Tithe an Oireachtais, nó aon fhorálacha i mbille dá leithéid, aimhréireach leis an mBunreacht. Má chinneann an Chúirt Uachtarach go bhfuil bille, nó na forálacha faoi leith a atreoraítear chuici, i gcomhréir leis an mBunreacht, ar saincheist nach mór di cinneadh a dhéanamh ina leith in aon bhreithiúnas amháin, tá an bille sin nó na forálacha sin díolmhaithe ar scrúdú ina dhiaidh sin ó na cúirteanna i dtaca lena mbunreachtúlacht. Ansin, ní mór don Uachtarán an bille a shíniú ina dhlí. Foráiltear go sainráite le hAirteagal 26.2.1° go ndéanfaidh an Chúirt Uachtarach a cinneadh laistigh de sheasca lá ón atreorú, “tar éis éisteacht le hargóintí ón Ard-Aighne nó thar a cheann agus ó abhcóidí a thoghfar ag an gCúirt”.
Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh an tArd-Aighne iarratas a chur faoi bhráid na gcúirteanna i dtaca le horduithe chun comhlíonadh an Bhunreachta a áirithiú. Ar an dóigh chéanna, d’fhéadfadh an tArd-Aighne iarratas a chur faoi bhráid na cúirte freisin i dtaca le horduithe chun forálacha reachta a fhorfheidhmiú, ach ní chuirtear an chumhacht seo i bhfeidhm ach amháin i gcásanna eisceachtúla.
Chomh maith leis sin, tá ról ag an Ard-Aighne maidir le cearta poiblí a dhearbhú agus a chosaint. Mar sin, d’fhéadfadh an tArd-Aighne iarratas a chur faoi bhráid na cúirte i dtaca le horduithe lena bhforfheidhmítear cearta poiblí, ar nós cearta slí poiblí nó cearta eile atá i seilbh an phobail i gcoitinne. Chomh maith leis sin, tá an tArd-Aighne i dteideal imeachtaí dlí a stiúradh i ndáil le tailte Stáit faoi alt 16(5) den Acht Maoine Stáit 1954.
Is féidir leis an Ard-Aighne cead a thabhairt do pháirtí príobháideach cás a thabhairt ina ainm nó ina hanim trí chaingean insteora. I gcás dá leithéid, is é an tArd-Aighne an gearánaí ainmniúil, ach de ghnáth, is ar thionscnamh an pháirtí phríobháidigh atá ag féachaint le ceart poiblí a fhorfheidhmiú a thugtar an caingean. Maidir le caingean insteora, is ar an bpáirtí príobháideach a bheidh sé ar deireadh thiar an tArd-Aighne a shlánú i ndáil le haon dliteanas i dtaca le costais [Insert link to Relator Actions Page].
Chomh maith leis sin, tá feidhmeanna tábhachtacha ag an Ard-Aighne i ndáil le dlí an AE, lena n-áirítear cosaint a dhéanamh in aghaidh éilimh go bhfuil reachtaíocht na hÉireann nó beartas an Rialtais contrártha le dlí an AE. Mar Bhallstát den AE, is iarratasóir faoi phribhléid freisin í Éire faoi Airteagal 263 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus dá réir sin, tá seasamh aici agóid a dhéanamh i gcoinne aon ghníomh dlíthiúil de chuid institiúide AE, lena n-áirítear rialacháin, treoracha agus cinntí ón gCoimisiún. Chomh maith leis sin, is féidir leis an Stát idirghabháil a dhéanamh in aon imeachtaí atá os comhair Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus cuireann sé na cearta sin i bhfeidhm nuair a d’fhéadfadh na saincheisteanna a ardaíodh tionchar a imirt ar leasanna an Stáit.
Tá ról tábhachtach ag an Ard-Aighne maidir leis na cásanna ina bhféadfadh sé a bheith oiriúnach idirghabháil a dhéanamh a aithint, comhairle dlí a chur ar fáil maidir le hábhar na hidirghabhála agus treoir a thabhairt d’abhcóidí nuair is gá aighneachtaí a dhéanamh thar ceann an Stáit.
Tá an tArd-Aighne freagrach as abhcóidí seachtracha ó chleachtas príobháideach a ainmniú le mionteagasc a thabhairt dóibh chun teacht os comhair cúirteanna intíre agus idirnáisiúnta thar ceann an Stáit. Chomh maith leis sin, d’fhéadfaí mionteagasc a thabhairt d’abhcóidí seachtracha chun comhairle shaineolaíoch a chur ar fáil chun cuidiú leis an Ard-Aighne agus le hAbhcóidí Comhairleacha i dtaca le comhairle dlí a chur ar fáil d’oifigigh i Ranna Stáit.
Ní hamháin go bhfuil baint ag an Ard-Aighne le reachtaíocht a chosaint ar ghrinnscrúdú breithiúnach, ach bíonn sé/sí páirteach freisin ag céim i bhfad níos luaithe den phróiseas reachtach. Tá an tArd-Aighne freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar reachtaíocht a dhréachtú don Rialtas agus as comhairle dlí a chur ar fáil don Rialtas maidir le tograí reachtacha atá sé ag iarraidh a chur chun cinn.
Is í Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte don Rialtas a chuireann an obair seo i gcrích, ina gcuimsítear níos mó ná 40 dréachtóir parlaiminte agus ar comhchuid í d’Oifig an Ard-Aighne, atá lonnaithe ar Shráid Mhuirfean.
Le hAirteagal 30.3 den Bhunreacht, dílsítear an chumhacht chun cionta a ionchúiseamh ar díotáil san Ard-Aighne:
“I gcás gach coir agus cion dá dtugtar in aon chúirt a bhunaítear faoi Airteagal 34 den Bhunreacht seo, ach amháin cúirt dlínse achomaire, is in ainm an Phobail agus ar agra an Ard-Aighne, nó ar agra dhuine éigin eile a údaraítear ina chomhair sin de réir dlí, a dhéanfar an cúiseamh.”
Is minic a dhéanann comhlachtaí eile cionta a ionchúiseamh a bhféadfaí iad a chur faoi thriail i gcúirt dlínse achomaire (ar nós na Cúirte Dúiche). Mar shampla, ceadaíodh le halt 9 den Acht Breithiúnais Choiriúla (Riara), 1924 (á tháinig slán ó theacht i bhfeidhm Bhunreacht 1937 agus atá ann go dtí an lá atá inniu ann) d’Airí cionta achoimre áirithe a ionchúiseamh, ach gach ionchúiseamh ar díotáil a fhágáil ar agra an Ard-Aighne.
Mar sin féin, mar gheall ar líon na n-ionchúiseamh coiriúil ar díotáil a dhéanann an Stát, rinneadh na feidhmeanna seo a tharmligean le halt 3 den Acht um Ionchúiseamh i gCionta, 1974 don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí. Faoi láthair, is é an SIP a stiúrann an chuid is mó d’ionchúisimh sa Stát.
Ní imríonn sé seo tionchar ar fhreagrachtaí an Ard-Aighne i ndáil le bailíocht reachtaíochta a chosaint ag féachaint d’fhorálacha an Bhunreachta. Dá bhrí sin, is minic go mbeidh ról ag an Ard-Aighne in imeachtaí ina bhféachann cosantóir i leith imeachtaí coiriúla le háitiú go bhfuil foráil den reachtaíocht choiriúil míbhunreachtúil. Dá bharr sin, is minic go mbeidh ar an Ard-Aighne, an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí agus a gcuid oifigeach faoi seach oibriú i gcomhar lena chéile i gcás ina dtagann saincheisteanna den chineál seo chun cinn i dtrialacha coiriúla.
Chomh maith leis sin, rinneadh freagracht as bainistiú a dhéanamh ar dhlíthíocht agus éilimh de chineálacha áirithe a thugtar in aghaidh an Stáit a tharmligean chuig an nGníomhaireacht um Éilimh ar an Stát. Feidhmíonn an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát faoi choimirce Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta, a ndéanann an tAire Airgeadais maoirseacht uirthi ina dhiaidh sin.
Leis an Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2000, tugtar cead don Rialtas an fhreagracht as bainistiú a dhéanamh ar éilimh áirithe a thugtar in aghaidh údaráis Stáit a aistriú chuig an nGníomhaireacht um Éilimh ar an Stát. Áirítear leo sin an chuid is mó d’éilimh ar dhíobháil phearsanta agus ar dhíobháil do mhaoin tríú páirtí in aghaidh údaráis Stáit. Chomh maith leis sin, áirítear éilimh ar chostais dlí tríú páirtí in aghaidh údaráis Stáit lena sainchúram.
Tá ról maoirseachta ag an Ard-Aighne i ndáil leis na héilimh seo. Le halt 10 den Acht um Ghníomhaireacht Bainistíochta an Chisteáin Náisiúnta (Leasú) 2000, tugtar cead don Ard-Aighne faisnéis a iarraidh ar an nGníomhaireacht um Éilimh ar an Stát i dtaca le héilimh dá leithéid. Chomh maith leis sin, tugtar cumhacht don Ard-Aighne treoirlínte ginearálta a chur ar fáil i leith na bhfeidhmeanna sin. Is féidir treoracha níos sainiúla a thabhairt freisin, ar choinníoll go dtugtar fógra don Taoiseach, don Aire Airgeadais agus don Aire ábhartha maidir leis an éileamh.
I ndáiríre, feidhmíonn an Ghníomhaireacht um Éilimh ar an Stát go neamhspleách ón Rialtas agus ó Oifig an Ard-Aighne.