Dlíodóirí is ea Abhcóidí Comhairleacha a chuireann comhairle dlí ar fáil don Rialtas agus do Ranna Rialtais, a threoraíonn dlíthíocht agus a chuireann comhairle dlí ar fáil i ndáil le reachtaíocht nua a fhorbairt. Tá thart ar 50 Abhcóide Comhairleach ag obair in Oifig an Ard-Aighne. Tá siad eagraithe i gcúig ghrúpa a chlúdaíonn réimse leathan d’ábhair dlí. Tá trí ghrád d’Abhcóidí Comhairleacha i gceist: Grád I (Rúnaí Cúnta), Grád II (Príomhoifigeach) agus Grád III (Príomhoifigeach Cúnta). Is Abhcóidí Comhairleacha iad freisin an tArd-Stiúrthóir agus an Leas-Ardstiúrthóir.
Tá saineolas ag Abhcóidí Comhairleacha maidir le saincheisteanna dlí de gach cineál a thagann chun cinn sa saol poiblí. Déanann siad speisialtóireacht sa dlí poiblí, sa dlí bunreachtúil agus riaracháin, sa dlí Eorpach, agus i réimsí atá ábhartha do na Ranna Rialtais ar fad. Is é an príomhdhualgas atá ar Abhcóidí Comhairleacha san Oifig ná cuidiú leis an Ard-Aighne a chuid/a cuid feidhmeanna, cumhachtaí agus dualgas a comhlíonadh. Tá raon an-leathan oibre i gceist leis an obair chomhairleach a chuirtear i gcrích san Oifig de ghnáth. Clúdaíonn an obair an dlí intíre, AE, dlí idirnáisiúnta agus an dlí coiriúil – déanta na fírinne, aon saincheist dlí a d’fhéadfadh comhairle dlí a bheith ag teastáil ón Rialtas nó ó Roinn ina leith. Tríd is tríd, tá trí chatagóir ag baint leis an obair a chuireann Abhcóidí Comhairleacha i gcrích: (1) comhairle dlí a chur ar fáil, (2) dlíthíocht a stiúradh, agus (3) comhairle dlí i ndáil le reachtaíocht a dhréachtú.
Oibríonn Abhcóidí Comhairleacha i ndlúthchomhar le dlíodóirí in Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit i ndáil le comhairle a thabhairt maidir le dlíthíocht agus comhairle dlí eile a chur i gcrích. Chomh maith leis sin, oibríonn Abhcóidí Comhairleacha i ndlúthchomhar le dlíodóirí in Oifig na nDréachtóirí Parlaiminte i ndáil le comhairle a thabhairt maidir le saincheisteanna dlí agus reachtaíocht a dhréachtú.
Is Dréachtóirí Parlaiminte saineolacha a thugann faoi reachtaíocht a dhréachtú in Oifig an Ard-Aighne . Tá ról tábhachtach breise comhairleach ag Abhcóidí Comhairleacha sa phróiseas dréachtaithe. Go príomha, is é an ról atá ag Abhcóidí Comhairleacha ná comhairle a thabhairt maidir leis an ngníomhaíocht reachtach atá á moladh, mar shampla, faoi cé acu a d’fhéadfadh sé nó nach bhféadfadh sé a bheith ar neamhréir le forálacha an Bhunreachta, le hachtanna agus conarthaí de chuid an Aontais Eorpaigh, an Choinbhinsiúin Eorpaigh um Chearta an Duine nó le conarthaí idirnáisiúnta eile ar chláraigh an Stát leo.
I láthair na huaire, áirítear cúig ghrúpa leis an taobh comhairleach d’Oifig an Ard-Aighne. Tá gach aon ghrúpa comhdhéanta de idir seachtar agus naonúr Abhcóidí Comhairleacha II agus Abhcóidí Comhairleacha III agus tá sé faoi cheannas Abhcóide Comhairleach I. Is iad an tArd-Stiúrthóir agus an Leas-Ardstiúrthóir na hAbhcóidí Comhairleacha sinsearacha san Oifig, a dhéanann maoirseacht ar na grúpaí ar fad. Déanann Abhcóidí Comhairleacha speisialtóireacht go leibhéal suntasach sna réimsí dlí a shanntar dá ngrúpaí.
Cé is moite den chúig ghrúpa in Oifig an Ard-Aighne, tugtar líon Abhcóidí Comhairleacha ar iasacht do Ranna agus Oifigí Rialtais, áit a n-oibríonn siad mar chomhairleoirí dlí "inmheánacha". Ciallaíonn sé sin go n-oibríonn Abhcóidí Comhairleacha ar iasacht go sealadach i Roinn nó Oifig de chuid an Rialtais agus go gcuireann siad comhairle dlí inmheánach ar fáil. Bíonn Abhcóidí Comhairleacha ar iasacht páirteach i ngach saincheist mhór dlí laistigh de Ranna agus cuireann siad comhairle dlí neamhspleách ar fáil go díreach do Ranna i dtaca le réimsí barrthábhachtacha maidir le reachtaíocht, dlíthíocht agus ceisteanna comhairleacha.
Tá ar a laghad Abhcóide Comhairleach amháin ar iasacht sa chuid is mó de Ranna Rialtais. Rinne na hAbhcóidí Comhairleacha ar Iasacht seo Aonaid Dlí roinne a bhunú nó chuaigh siad i mbun oibre in Aonaid Dlí roinne atá ann cheana féin, ar trí sin a neadaítear soláthar na comhairle dlí i ngnó laethúil na Ranna Rialtais. Chomh maith leis sin, tá Abhcóide Comhairleach sannta ar iasacht mar Chomhairleoir Dlí do Bhuanionadaíocht na hÉireann chuig an Aontas Eorpach sa Bhruiséil. Tugadh Abhcóidí Comhairleacha ar iasacht ó am go ham don Choimisiún Eorpach, do Chomhairle an Aontais Eorpaigh agus don Chúirt Eorpach um Chearta an Duine.