Stair Achomair maidir le hOifig an Ard-Aighne: Scéal ag Éabhlóidiú
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ba é Hugh Kennedy KC an chéad Ard-Aighne in Éirinn i ndiaidh neamhspleáchas a bhaint amach. Chuaigh sé i mbun oifige mar Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann i mí Márta na bliana 1923. Tharla sé sin i ndiaidh tréimhse i mbun seirbhíse mar an ‘Comhairleoir Dlí’ agus ‘Oifigeach Dlí’, dá réir sin, don Rialtas Sealadach. Mar sin féin, de réir mar a luadh in irisleabhair dlí ag an am, “baineann a cheapachán i láthair na huaire le hathrú ainm seachas le haon difríocht ina chuid feidhmeanna sa Rialtas”.
Mar sin féin, bhí an ról a bhí á chomhlíonadh ag an Ard-Aighne i riochtaí éagsúla, ann ar feadh achair i bhfad níos faide ná sin. Tá feidhmeanna agus cumhachtaí an Ard-Aighne cosúil leo sin a bhí ag oifigigh dlí roimh neamhspleáchas (mar Shaorstát Éireann) agus roimh Bhunreacht na bliana 1937 ina dhiaidh sin. Le halt 6(1) den Acht Airí agus Rúnaithe 1924, tugadh na cumhachtaí agus feidhmeanna a bhí ag líon oifigeach an réimis roimh neamhspleáchas do Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann, lenar áiríodh iad sin a bhí ag Príomh-Atúrnae na hÉireann, Atúrnae Generálta na hÉireann, Príomh-Atúrnae Deiscirt Éireann, Atúrnae Generálta Deiscirt Éireann, agus ag an gComhairleach Dlí do Lord Lieutenant na hÉireann. Chomh maith leis sin, le hAcht na bliana 1924, tugadh freagracht do Phríomh-Atúrnae Shaorstáit Éireann i dtaca le riarachán agus rialú an Dreachtóra Páirliminte agus an Ard-Atúrnae Stáit. Mar sin féin, go bunúsach, tagraíonn gach aon cheann de na hoifigí seo, de réir mar a chuir Hugh Geoghegan, iar-bhreitheamh den Chúirt Uachtarach síos air, “to the same animal”.
Le ceadú Bhunreacht na bliana 1937, bunaíodh le hAirteagal 30 oifig bhunreachtúil an Ard-Aighne. Foráiltear le hAirteagal 30.1 den Bhunreacht don méid a leanas:
“Beidh Ard-Aighne ann, agus is é is comhairleach don Rialtas i gcúrsaí dlí agus tuairimí dlí, agus ní foláir dó gach cumhacht, gach feidhm agus gach dualgas dá mbronntar nó dá gcuirtear air leis an mBunreacht seo nó le dlí a oibriú agus a chomhlíonadh.”
Cinntíodh leis an mBunreacht nach raibh aon chur isteach idir an Oifig seo agus a réamhtheachtaí díreach roimhe sin, Príomh-Atúrnae Shaorstát Éireann. Foráladh le hAirteagal 59 an méid a leanas:
"An té is Príomh-Aturnae Shaorstát Éireann direach roimh theacht i ngníomh don Bhunreacht so is é is Ard-Aighne ar theacht i ngníomh don Bhunreacht so amhail is go gceapfaí chun na hoifige sin é faoi Airteagal 30 den Bhunreacht so, agus sin gan é cheapadh faoi Airteagal sin 30."
Trí sin, in éineacht le halt 4 den Acht Bunreachta (Forálacha Iarmhartacha) 1937, rinneadh cinnte de gur fhan Patrick Lynch, Ard-Aighne na linne, in oifig ó mhí na Nollag 1936 gó mí an Mhárta 1940 gan chur isteach.
Cé gur thug roinnt daoine le fios nach raibh ar bun le hAirteagal 30 ach leanúint den oifig chéanna faoi ainm difriúil, táthar tar éis diúltú don smaoineamh seo. Dhearbhaigh Cúirteanna na hÉireann arís agus arís eile gur fíor go deimhin gur leis an mBunreacht a “cruthaíodh oifig nua”.
Cé is moite den stair achomair seo, is díol spéise na téarmaí Gaeilge lena gcuirtear síos ar an Oifig seo sa Bhunreacht. Is é “An tArd-Aighne” a thugtar ar an ‘Attorney General’. Is díol suntais é seo, ós rud é nach téarma coitianta é an téarma “Aighne” sa Ghaeilge. Is “abhcóide” a thugtar ar ‘barrister’. I dtéarmaí níos ginearálta “dlíodóir” is ea ‘lawyer’.
I bhFoclóir Gaeilge-Béarla Uí Dhónaill, sainmhínítear "Aighne”, gan an “ard” mar “pléadálaí” nó “urlabhraí”. Déanann aistriúcháin eile athrá ar an gcur síos seo, ach cuireann siad leis freisin go gciallaíonn “Aighne” “one learned in law or in the practice of law”. Is téarma de chuid téarmaí na Sean-Ghaeilge atá san fhocal. Go stairiúil, chuir sé síos ar dhlíodóirí faoi chóras dlí na hÉireann roimh ionradh na Normannach. Is córas ‘Dlí na mBreithiúna’ nó ‘an Féineachas’ a tugadh air seo.
Cuidíonn beagnach 480 ball foirne leis an Ard-Aighne ina chuid/ina cuid feidhmeanna bunreachtúla. Tá siad seo leata ar fud codanna éagsúla d’Oifig an Ard-Aighne, agus airítear Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit (OPAS) leo. Mar sin féin, ní mar sin a bhíodh sé i gcónaí.
Bhíodh ganntanais foirne i bhfad ní ba ghéire tráth. Ar feadh thréimhse cúig mhí idir 1921 agus 1922, ní raibh aon Ard-Aighne in Éirinn ar chor ar bith. Go deimhin, i mí Eanáir 1922, rinne an Chúirt Achomhairc cás, McDermott v Attorney General ,a chur ar athlá toisc nárbh ann i ndáiríre do cheann de na páirtithe.
Scríobh an chéad Ard-Aighne, Hugh Kennedy, chuig an Aire Gnóthaí Baile i mí Bealtaine 1922 chun gearán a dhéanamh faoi:
“the immense volume of work which is passing through my office. Files from all Ministers and Departments… not only with questions of law and procedure, but also requiring the drafting of documents, etc.”
Ina dhiaidh sin, ceapadh abhcóide sóisir chun cuidiú leis an Ard-Aighne. Níor tacaíocht lán-aimseartha ná bhuan a bhí sa tacaíocht seo, áfach. Go deimhin, níor ceapadh an chéad Chúntóir Dlí don Ard-Aighne ach sa bhliain 1929. Ba é sin Philip Donoghue, a d’oibrigh roimhe sin mar Bhreitheamh Cúirte Dúiche i gCorcaigh. Tá méadú seasta tagtha ar Oifig an Ard-Aighne ó shin i leith, agus tá breis agus 80 dlíodóir lonnaithe san Oifig ar Shráid Mhuirfean faoi láthair. Ní áirítear leis an bhfigiúr seo na dlíodóirí atá fostaithe in Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit ná an fhoireann tacaíochta a oibríonn sa dá Oifig.