Earcaíocht in Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
Ó Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó Oifig Phríomh-Aturnae an Stáit
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Cuimsítear aturnaetha, feidhmeannaigh dlí agus foireann riaracháin in OPAS.
Is ag leibhéal Aturnae a thagtar isteach sa sruth Gairmiúil. Ní mór d’iarrthóirí a bheith cláraithe mar aturnae sa Stát nó go bhfuiltear ag súil le bheith cláraithe nó cáilithe sa Stát ar dháta sonrach nó roimhe sin. Is ag leibhéal Feidhmeannaigh Dlí a thagtar isteach sa sruth Teicniúil. Éilítear go mbíonn dhá bhliain taithí ar a laghad a bhaineann le dualgais dhlíthiúla in oifig aturnae ag iarrthóirí agus go mbíonn dioplóma faofa acu sa staidéar dlí. Is ag grád earcaíochta ginearálta na státseirbhíse a thagtar isteach sa sruth Riaracháin.
Déantar comórtais earcaíochta i gcomhair poist bhuana ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí ar son na hOifige seo agus fógraítear iad ar a suíomh gréasáin publicjobs.ie . Uaireanta earcaímid faoi cheadúnas ón tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí chun folúntais Aturnae ar conradh a líonadh - beidh fógraí le haghaidh na bpost sin ar an suíomh gréasáin seo.
Tá cód cleachtais i gcomhair ceapacháin chun post sa Státseirbhís agus sa tSeirbhís Phoiblí ar fáil ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Cheapacháin Seirbhíse Poiblí.
Tá Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit tiomanta do bheartas comhdheise.