Foilsiú ar an nGréasán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Teanga: Níl leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil.
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Teanga: Níl leagan Gaeilge den mhír seo ar fáil.
Bunaíodh an Grúpa chun an gheallúint a tugadh in alt 42 de Chlár Gníomhaíochta an Rialtais a chomhlíonadh:-
"42. Glacfar le treoirlínte agus cleachtais ar fud na seirbhíse maidir le hábhar, formáid agus cur i láthair, etc., i gcomhair láithreán gréasáin, agus bunófar grúpa Idir-Rannach chun deileáil leis na ceisteanna sin. Beidh léiriú sa chomhthéacs sin ar pholasaí an Rialtais maidir le seirbhísí a sholáthar i nGaeilge."
Rachaidh an-tionchar ag an Idirlíon ar an gcaoi a ndéanfar gnó an Rialtais. Ní mór dúinn tosú ar an bpleanáil agus ar an soláthar sin anois. Is iad na láithreáin ghréasáin Rialtais an bealach a bheidh ag daoine chun gnó a dhéanamh leis an rialtas, agus beidh siad ina bpríomhghné de sheachadadh seirbhíse poiblí.
Chun an méid sin a dhéanamh ní mór d'Eagraíochtaí na hEarnála Poiblí acmhainn agus úsáid a gcuid láithreán gréasáin a uasmhéadú. Anuas ar eolas a sholáthar d'úsáideoirí, ní fada go mbeidh láithreáin ghréasáin na hearnála poiblí ina mbealaí isteach agus gnó "ar líne" á dhéanamh leis an Rialtas. Is iad na láithreáin ghréasáin an gléas a bheas ann chun seachadadh neamhbhriste a dhéanamh ar sheirbhísí poiblí den uile chineál agus gan a fhios ag na custaimeirí cá stopann obair Roinne amháin agus cá dtosaíonn obair Roinne eile.