Cosaint Sonraí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tháinig an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (GDPR) i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018 agus tháinig sé in ionad dlíthe cosanta sonraí roimhe seo san Aontas Eorpach.
Tugann an dlí nua rialú níos fearr do dhaoine aonair maidir lena gcuid sonraí trí chearta breise atá níos sainithe a leagan amach don duine aonair a mbailíonn agus a bpróiseálann eagraíochtaí sonraí pearsanta maidir leis/léi.
Is ionann sonraí pearsanta agus aon fhaisnéis lenar féidir an duine aonair a aithint. Áirítear leis sin, ainm, uimhir aitheantais (ID), suíomh na sonraí (mar shampla, sonraí maidir le suíomh a bhailítear ar fón póca) nó seoladh poist, stair brabhsála ar líne, íomhánna nó rud ar bith a bhaineann le haitheantas fisiciúil, fiseolaíoch, géiniteach, meabhrach, geilleagrach, cultúir nó sóisialta an duine.
Tá GDPR bunaithe ar phrionsabail croíláir cosanta sonraí a bhí ann faoi na dlíthe roimhe seo. Éilíonn na prionsabail seo ar eagraíochtaí agus ar ghnólachtaí:
Tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail tiomanta do do chuid príobháideachais a chosaint agus tá meas againn ar an bpríobháideachas sin agus bainimid úsáid as bearta teicniúla agus eagraíochtúla cuí le do chuid faisnéise a chosaint ó rochtain neamhúdaraithe.
Ní mór don roinn sonraí pearsanta áirithe a phróiseáil ar mhaithe le tabhairt faoinár ndualgas atá riachtanach i bhfeidhmiú ár bhfeidhmeanna agus chun oibleagáidí dlíthiúla áirithe a chomhlíonadh a bhfuil an roinn faoina réir.
Áirítear ar shamplaí de sin, próiseáil a bhaineann lenár ról mar fhostóir nó maidir le ceapacháin ar bhoird; sonraí a phróiseáil ar mhaithe le híocaíochtaí a dhéanamh nó tabhairt faoi iniúchtaí; aighneachtaí ó chomhairliúcháin phoiblí a phróiseáil; sonraí teagmhála a phróiseáil le linn a bheith i mbun cumarsáide le raon leathan páirtithe leasmhara de chuid na roinne; iarratais fhoirmiúla ar fhaisnéis a phróiseáil nó fiosrúcháin ghinearálta ó chustaiméirí; próiseáil a bhaineann le soláthar poiblí agus le socruithe conartha le soláthróirí seirbhíse; próiseáil maidir le cláir atá á reáchtáil ag an roinn, srl.
Ní dhéanfar sonraí pearsanta a mhalartú le ranna, gníomhaireachtaí nó comhlachtaí poiblí eile ach in imthosca áirithe amháin sá chás foráil a bheith déanta dó faoin dlí.
Ní bheidh sonraí pearsanta á gcoimeád ag an roinn ach amháin ar feadh na tréimhse atá riachtanach chun na críocha ar bailíodh agus ar próiseáladh na sonraí sin nó sa chás é a bheith faoi réir ag ceanglais reachtúla. Scriosfar sonraí pearsanta nach dteastaíonn níos mó nó déanfar iad a dhiúscairt ar bhealach slán.
Tá tuilleadh mionsonraí i Fógra Príobháideachais na roinne maidir leis an mbealach ina ndéileálaimid le sonraí pearsanta agus le do chearta mar dhuine is ábhar do na sonraí.
Más mian leat mionsonraí a fháil maidir le sonraí pearsanta a d’fhéadfadh an roinn seo a bheith á bpróiseáil maidir leatsa, íoslódáil, le do thoil, foirm Iarrata Duine ar a Sonraí/ar a Shonraí trí chliceáil ar an nasc thíos.
Foirm Iarrata Duine ar a Sonraí/ar a Shonraí
Tá leagan Gaeilge den fhoirm ar fáil ach ríomhphost a chur chuig dataprotectionunit@drcd.gov.ie
Seol ar ais an fhoirm chomhlánaithe, le do thoil, tríd an bpost nó ar ríomhphost chuig An tOifigeach Cosanta Sonraí (OCS)
Ceapadh Oifigeach Cosanta Sonraí (OCS), atá ina theagmhálaí do cheisteanna a bhaineann le cosaint sonraí agus leis an Roinn.
Seoladh: an tAonad Cosanta Sonraí, Pointe na Tríonóide, Sráid Laighean Theas, Baile Átha Cliath 2, D02 EF85
Uimhreacha Teileafóin: 076 106 4900
Ríomhphost: dataprotectionunit@drcd.gov.ie
_____________________________________
Faoin GDPR tá cearta i bhfad níos láidre ag daoine aonair chun:
Gheobhaidh tú litir admhála uainne nuair a bhíonn sé deimhnithe againn go bhfuil d’Fhoirm Iarrata Duine ar a Sonraí/ar a Shonraí comhlánaithe go hiomlán agus go mbíonn do chéannacht deimhnithe againn freisin bunaithe ar na doiciméid a chuireann tú ar fáil.
Freagróimid iarrataí laistigh de mhí féilire, ach tá an ceart ar chosaint againn síneadh a chur leis an spriocdháta sin suas go dtí dhá mhí sa chás an iarraidh a bheith casta nó má táimid ag próiseáil líon mór iarrataí ag an am sin. I gcásanna den sórt sin cuirfimid ar an eolas tú maidir leis an riachtanas síneadh a chur leis an spriocdháta laistigh de mhí ó fhaightear an iarraidh agus cuirfimid cúis ar fáil maidir leis an mhoill.
Má tá Iarraidh Duine ar a Shonraí/ar a Sonraí gan bhunús, iomarcach nó athráiteach, gearrfaidh an roinn táille ar dhéileáil leis an iarraidh le costais riaracháin maidir leis an bhfaisnéis a chur ar fáil a thabhairt san áireamh. Beidh an tseirbhís saor in aisce i ngach cás eile.
Tá faisnéis níos cuimsithe maidir leis an GDPR le fáil ar láithreán gréasáin an An Coimisiún um Chosaint Sonraí.