Faisnéis Airgeadais
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilseoidh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD) ar bhonn míosúil mionsonraí íocaíochtaí atá déanta ag an roinn, dar luach, nó níos mó ná €20,000.
Foilseoidh an roinn na mionsonraí seo ag teacht leis an tiomantas sa Phlean um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí.
D’fhéadfaí roinnt íocaíochtaí a fhágáil as an áireamh, sa chás go mbeidh a bhfoilsiú coiscthe faoin reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise. Tá íocaíochtaí maidir le deontais, deontas i gcabhair, aisíocaíochtaí srl fágtha as an áireamh cheana féin.
Íocaíochtaí na Roinne Forbartha Tuaithe agus Pobail (DRCD) atá os cionn €20,000
Tabhair ar aird, le do thoil :
Is ceanglais rialtais atá ann go n-íocfaidh gach roinn rialtais láir, Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte, údaráis áitiúla agus comhlachtaí eile na hearnála poiblí (gan comhlachtaí leathstáit tráchtála san áireamh) a gcuid soláthróirí laistigh de 15 lá féilire ón lá a bhfaightear sonrasc bailí.
Ní athraíonn an socrú seo socrú conartha agus ní athraíonn sé an seasamh dlíthiúil maidir le híocaíochtaí deireanacha.
Bailíonn an Roinn Fiontair agus Nuálaíochta agus foilsíonn tuairisceáin ráithiúla ilghnéitheacha le ranna rialtais láir maidir le híocaíochtaí a dhéanann siad lena gcuid soláthróirí laistigh de 15 lá.
Mar chuid de cheanglas prasíocaíocht 15 lá, ceanglaítear ar ranna rialtais agus ar chomhlachtaí ábhartha na seirbhíse poiblí a gcuid tuarascálacha feidhmíochta maidir le híocaíocht rathúil a fhoilsiú ar a láithreán gréasáin faoi seach. Ceanglaítear ar ranna rialtais freisin tuairisceáin ráithiúla ilghnéitheacha a chlúdaíonn comhlachtaí atá faoina gcoimirce a fhoilsiú.
Is féidir le gnólachtaí beaga fógra oifigiúil maidir le ceanglas prasíocaíochta 15 lá a cheangal le sonraisc ábhartha. Ba chóir do na gnólachtaí beaga féin cásanna maidir le neamhchomhlíonadh a chur in iúl do na ranna rialtais ábhartha eile.
Ba chóir cúiteamh maidir le costais a fháil ar ais a íoc go díreach leis an soláthróir agus gan riachtanas i gceist lena mheabhrú. Forálann na rialacháin gur chóir úsáid a bhaint as na ‘rátaí comhréidh’ seo a leanas:
Méid na nÍocaíochtaí Deireanacha (m.sh. Luach Sonrasc) | Méid Cúitimh (€) | |
Gan dul thar €1,000 | 40 | |
Níos mó na €1,000 ach gan dul €10,000 | 70 | |
Níos mó ná €10,000 | 100 |
Nótaí
Sa bhreis ar chúiteamh a fháil ó thaobh costais a fháil ar ais a leagtar amach sa sceideal thuas, de réir rialacháin na bliana 2012, tá an soláthróir i dteideal tuilleadh costais a fháil ar ais freisin, mar shampla, costas a bhaineann le dlíodóir nó le gníomhaireacht bailiú fiacha a fhostú.