Oifigeach Soláthair
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Oifigeach Soláthair ag feidhmiú lena chinntiú go bhfuil soláthar go léir na roinne á dhéanamh de réir rialacha agus nósanna imeachta soláthar poiblí, agus go bhfuiltear ag comhlíonadh reachtaíocht agus sárchleachtas ábhartha náisiúnta agus AE.
Is é ról an Oifigigh Soláthair monatóireacht agus maoirseacht a dhéanamh ar phróisis agus ar nósanna imeachta soláthair inmheánacha agus dul i gcomhairle leis an Oifig um Sholáthair Rialtais ó thaobh téarmaí sárchleachtais agus forbartha atá ag teacht chun cinn.
Déanfaidh an tOifigeach Soláthair maoirseacht ar bheartas soláthair na roinne agus tacóidh leis an fhoireann agus tabharfaidh suas chun dáta iad maidir le soláthar go ginearálta agus tuairisceoidh sé/sí don ardbhainistíocht maidir le hábhair soláthair mar is cuí.
Tá mionsonraí iomlána maidir le beartais agus nósanna imeachta a bhaineann leis an roinn, lena n-áirítear, comhlíonadh, soláthar, iniúchadh agus treoirlínte eile le fáil inar gCreat Rialachais Corparáideach, agus is féidir é sin a fháil anseo.