Tá an Roinn Iompair go hiomlán tiomanta do chaitheamh lena custaiméirí go léir go cothrom agus don chaighdeán is airde seirbhíse a sholáthar.
Déanaimid cur síos sa Chairt seo ar na rudaí seo a leanas:
• an méid ar féidir leat súil a bheith leis nuair a dhéanann tú teagmháil linn
• an méid is féidir leat a dhéanamh chun cabhrú linn ár seirbhís a fheabhsú
• conas a dhéanfaimid monatóireacht ar ár bhfeidhmíocht
• an áit ar féidir leat eolas breise a fháil
Leagtar amach freisin sa doiciméad seo ár mBeartas maidir le Teagmhálacha Míréasúnta.
Cairt Chustaiméirí 2024-2026
Sa Chairt do Chustaiméirí, leagtar amach an caighdeán ar féidir leat a bheith ag súil leis agus tú ag déileáil leis an Roinn Iompair - arna nuashonrú an 28 Meitheamh 2024