Gearáin i dtaobh na Seirbhíse do Chustaiméirí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Soláthraítear roinnt clár agus seirbhísí na Roinne trí raon eagraíochtaí eile, lena n-áirítear coláistí nó ollscoileanna. Ba cheart duit teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na comhlachtaí sin le haghaidh tuilleadh faisnéise.
Tá nósanna imeachta gearán ar leith i bhfeidhm le haghaidh gearán in aghaidh scoileanna nó foireann scoileanna. Tá faisnéis ar fáil ar ár leathanach um Fhaisnéis do Thuismitheoirí.
Mar chustaiméir d'fhéadfadh sé go mbeifeá míshásta leis an gcáilíocht seirbhíse a fuair tú ón Roinn. Aithnímid gur féidir botúin a dhéanamh agus go dtagann moill ar chúrsaí. Tá ár nósanna imeachta gearáin ceaptha chun cuidiú leat gearán a dhéanamh ionas gur féidir linn freagairt agus, más féidir, cúrsaí a chur ina gceart.
Tá nósanna imeachta achomhairc i bhfeidhm i rannóga éagsúla sa Roinn. Is féidir eolas faoi nósanna imeachta achomhairc a fheiceáil anseo . Ma bhaineann do ghearán le cinneadh nó beartas, nach mbaineann nós imeachta achomhairc leis, ba cheart duit do ghearán a sheoladh chuig Cheann na Rannóige chuí agus déanfar é a fhiosrú.
Tá eolas teagmhála ár gcuid rannóg ar fáil ónár gCairt Bhainistíochta agus Eagrúcháin.
Ní féidir linn plé le gearán is ábhar do dhlíthíocht shibhialta nó d’imeachtaí coiriúla.
Ní iarrtar ar aon duine iompar maslach ná ionsaitheach a fhulaingt. Déanfaidh an Roinn gach iarracht foireann a chosaint ar ghearáin mhailíseacha.
Nósanna imeachta maidir le Scor de dheasca Easláinte