Bord Cláir Sheirbhísí Comhroinnte BOO
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Déanann Bord Cláir Sheirbhísí Comhroinnte BOO (ar a dtugtaí Bord Cláir BOO/SOLAS tráth) ionadaíocht do bhainisteoirí sinsearacha sa Roinn Oideachais, sa Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta, sa tSeirbhís Oideachais Leanúnaigh agus Scileanna (SOLAS), sna Boird Oideachais agus Oiliúna (BOOanna) agus Boird Oideachais agus Oiliúna Éireann (BOOÉ/ETBI).
Cuireann Bord Cláir Sheirbhísí Comhroinnte BOO rialachas agus treoir ar fáil i dtaca le seachadadh na punainne clár agus tionscadal de chuid Sheirbhísí Comhroinnte BOO.
Tá sé mar aidhm ag an ngasra bualadh le chéile ar bhonn ráithiúil.
I gcomhréir le prionsabail na hoscailteachta agus na trédhearcachta, oibríonn Bord Cláir Sheirbhísí Comhroinnte BOO faoi na treoirlínte a leagtar amach sa Chód Trédhearcachta. Ciallaíonn sé seo go ndéantar ballraíocht an ghasra, an clár oibre agus miontuairiscí agus cláir ghnó na gcruinnithe ar fad a fhoilsiú ar an láithreán gréasáin seo. Is féidir teacht ar a thuilleadh sonraí den Chód Trédhearcachta sa nasc seo a leanas: Faisnéis do Chomhlachtaí Poiblí - Cód Trédhearcachta .
Bernie McNally | Cathaoirleach, Ard-Rúnaí, An Roinn Oideachais | * |
Deirdre Shanley | Ard-Rúnaí Cúnta, An Roinn Oideachais | * |
Deirdre McDonnell | Ard-Rúnaí Cúnta, An Roinn Oideachais | * |
Martin Clohessy | Príomhoifigeach, Comhairleoir Seirbhísí Comhroinnte, An Roinn Oideachais | |
Sarah Miley | Príomhoifigeach, An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta (RBATNE) | |
Paddy Lavelle | Ard-Rúnaí, BOOÉ/ETBI | |
Eileen Curtis | Príomhfheidhmeannach, Bord Oideachais agus Oiliúna Chill Chainnigh agus Cheatharlach | |
Colm McEvoy | Príomhfheidhmeannach, Bord Oideachais agus Oiliúna Chiarraí | |
Andrew Brownlee | Príomhoifigeach Feidhmiúcháin, SOLAS | |
Micheál Lenihan | Príomhoifigeach, Oibríochtaí Párolla BOO ESBS | |
Emer Doyle | Príomhoifigeach, Seirbhísí Comhroinnte |
*=Oifigeach poiblí ainmnithe