Seirbhís Custaiméirí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Dá mba mhaith leat roinnt moltaí a dhéanamh maidir lenár seirbhísí a fheabhsú, déan teagmháil linn go díreach ar info@drcd.gov.ie nó leis na sonraí teagmhála atá ar fáil ag bun an leathanaigh. Fáiltímid roimh gach aiseolas agus déileálfaimid le do mholtaí go tráthúil agus faoi rún.
Mura bhfuil tú sásta go bhfuilimid ag comhlíonadh na hardchaighdeáin a leagtar amach agus a bhfuiltear ag súil leo sa Roinn seo, nó má tá ábhair imní nó gearáin agat maidir le gné ar bith de do chuid gnóthaíochta linn, mholfaimis duit leanúint ar aghaidh leis an t-ábhar imní nó leis an ngearán i scríbhinn.
Is féidir gearáin a chur chuig Rannán Corparáideach na Roinne ag info@drcd.gov.ie nó ag an seoladh atá ar fáil thíos.
D'fhoilsigh an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a céad Phlean agus Cairt Gníomhaíochta Seirbhísí do Chustaiméirí i mí Mheithimh 2019 de réir Tionscnaimh Cairte Custaiméirí na seirbhíse poiblí mar chuid dá tiomantas i leith seirbhís ar ardchaighdeán a chur ar fáil do chustaiméirí.
Tugtar sonraí sa Phlean Gníomhaíochta do Chustaiméirí maidir le dul chun cinn atá beartaithe faoi gach ceann de na 12 Treoirphrionsabal de Scoth Seirbhíse do Chustaiméirí. Tá cuspóirí agus spriocanna sonracha le táscairí feidhmíochta ábhartha ag dul le gach ceann de na Prionsabail. Is ráiteas gearr é an Chairt do Chustaiméirí ina dtugtar treoir agus eolas don phobal maidir le teagmháil a dhéanamh le heagraíocht Seirbhíse Poiblí, agus déantar cur síos inti ar an leibhéal seirbhíse lenar féidir leis an gcustaiméir a bheith ag súil. Cuirtear an dá cháipéis i dtoll a chéile mar chuid den phróiseas céanna agus foilsítear gach trí bliana iad, nó aon uair a mbeadh cás láidir gnó ann chun Plean agus Cairt Ghníomhaíochta nua a fhoilsiú.
An Chairt agus an Plean Gníomhaíochta do Chustaiméirí 2019-2022
An Chairt agus an Plean Gníomhaíochta do Chustaiméirí 2019-2022