Post mar Oifigeach Seirbhísí - An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán sna Forbacha, Co na Gaillimhe
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag lorg iarratais ó iarrthóirí oiriúnacha chun folúntais a líonadh a d’fhéadfadh teacht chun cinn do phost mar Oifigeach Seirbhísí ina hoifigí sna Forbacha, Co. na Gaillimhe. Tá sé tábhachtach a aithint gurb í an Ghaeilge teanga oibre na hoifige seo agus go bhfuil scileanna cumarsáide den scoth idir scríobh agus labhairt na Gaeilge agus an Bhéarla mar bhunriachtanais d’iarrthóirí.
Beidh na dualgais seo a leanas i gceist leis an ról mar Oifigeach Seirbhísí sa Roinn:
Íoslódáil an Leabhrán Faisnéise faoi iamh, le do thoil, le haghaidh tuilleadh faisnéise ar incháilitheacht agus riachtanais.
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar an bpost seo mar Oifigeach Seirbhísí, íoslódáil an Fhoirm Iarratais faoi iamh, le do thoil. Nuair atá an fhoirm iarratais comhlánaithe, is féidir é a sheoladh i ríomhphost chuig Personnel@tcagsm.gov.ie
Glacfaidh an Roinn le hiarratais go dtí 12:00 Dé Céadaoin, an 22 Meán Fómhair 2021.
Murar féidir leat cóip den fhoirm iarratais nó den leabhrán faisnéise a íoslódáil, seol iarratas chuig an seoladh ríomhphoist thuas agus seolfaimid cóip chugat trí r-phost.
Ba chóir d’iarratasóirí a thabhairt faoi deara go gcuirfear iarrthóirí a n-éireoidh leo ag an agallamh ar phainéal óna bhféadfar ceapacháin a dhéanamh ó am go ham.