Nochtaí Cosanta
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an roinn tiomanta go láidir don phróiseas um nochtadh cosanta agus a bheith ag tacú le daoine labhairt amach faoin imní atá acu maidir le haon éagóir a rinneadh, mar atá leagtha amach sa reachtaíocht.
Is éard atá i nochtadh cosanta ná faisnéis ábhartha a nochtadh atá, de réir creideamh réasúnta oibrí, claonadh chun éagóir ábhartha amháin nó níos mó a thaispeáint a tháinig ar aird an oibrí i gcomhthéacs a bhaineann leis an obair agus a nochtar ar an modh a leagtar síos san Acht um Nochtadh Cosanta 2014 arna leasú leis an Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú) 2022 .
Is é atá i gceist le hoibrí, dar le Cuid 3 den Acht um Nochtaí Cosanta , ná duine a bhfuil eolas acu faoi éagóir ábhartha a rinneadh i gcomhthéacs bainteach leis an obair.
Chun nochtadh cosanta a dhéanamh, mar atá sainmhínithe sna nósanna imeachta seo, go hinmheánach don roinn ba chóir duit aghaidh a thabhairt ar nochtadh den sórt sin mar seo a leanas:
Trí ríomhphost: protected@housing.gov.ie
Trí phost: Ba chóir nochtaí a chuirtear sa phost a mharcáil faoi rún agus ba chóir iad a sheoladh chuig:
Ceann an Aonaid Tacaíochta Straitéisí agus Gnó,
An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta ,
Bóthar an Bhaile Nua,
Loch Garman ,
Y35 AP90.
Ní mór nochtaí a fhaigheann Airí agus Airí Stáit a chur ar aghaidh chuig an gCoimisinéir um Nochtaí Cosanta. Déanfaidh an roinn a dícheall an nochtadh a tharchur chuig an gCoimisinéir um Nochtaí Cosanta laistigh de 10 lá féilire tar éis é a fháil.
Déileálfar le céannacht an duine tuairiscithe faoi rún de réir an Achta um Nochtadh Cosanta 2014 arna leasú ag an Acht um Nochtadh Cosanta (Leasú), 2022.
Trí ríomhphost: minister@housing.gov.ie
Trí phost: Ba chóir nochtaí a chuirtear sa phost a mharcáil faoi rún agus ba chóir iad a sheoladh chuig:
An tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil, agus Oidhreachta, Oifig an Aire, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath, D01 W6X0.
Uimhir Fóin: +353 (0)1 888 2403
Trí ríomhphost: ministerofstate@housing.gov.ie
Trí phost: Ba chóir nochtaí a chuirtear sa phost a mharcáil faoi rún agus ba chóir iad a sheoladh chuig:
Aire Stáit do Rialtas Áitiúil agus Pleanáil, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath, D01 W6X0.
Uimhir Fóin: +353 (0)1 888 2597
Trí ríomhphost: MOS@housing.gov.ie
Trí phost: Ba chóir nochtaí a chuirtear sa phost a mharcáil faoi rún agus ba chóir iad a sheoladh chuig:
Aire Stáit Oidhreachta agus Athchóirithe Toghcháin, An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, Teach an Chustaim, Baile Átha Cliath, D01 W6X0.
Uimhir Fóin: +353 (0)1 888 2425
Cuireann Transparency International Ireland comhairle neamhspleách agus rúnda ar fáil d'aon duine atá ag machnamh ar imní a thuairisciú nó nochtadh cosanta a dhéanamh agus chuir siad an treoirleabhar seo le chéile: Treoirleabhar Labhairt Amach go Sábháilte
Is féidir dul i dteagmháil leo:
Más cuí, is féidir leis an líne chabhrach glaoiteoirí a threorú chun comhairle dhlíthiúil saor in aisce a fháil ón Ionad um Chomhairle Dhlíthiúil Trédhearcachta
Soláthraíonn Seirbhís Cúnaimh d’Fhostaithe na Státseirbhíse (SCFS) Clár Cúnaimh d’Fhostaithe inmheánach d’Fhoireann na Státseirbhíse.
Is seirbhís ghairmiúil obair-bhunaithe í an tSeirbhís atá deartha chun cabhrú le fostaithe deacrachtaí oibre agus pearsanta a bhainistiú/réiteach a d’fhéadfadh drochthionchar a bheith aige ar thinreamh, ar fheidhmíocht oibre agus ar cháilíocht na beatha mura ndéantar freastal orthu. Aithníonn an Státseirbhís a foireann mar acmhainn luachmhar. Tá sé mar aidhm aige fórsa saothair athléimneach a thógáil agus a chothabháil chun seirbhísí éifeachtacha a sholáthar trí fheasacht a ardú ar mheabhairshláinte mhaith san ionad oibre agus a chur chun cinn.
Téigh i dteagmháil ar:
Dar leis an Tuarascáil Bhliantúil um Nochtaí Cosanta 2014 tá sé éigeantach d'fhoráis phoiblí Tuarascáil Bhliantúil a fhoilsiú maidir le nochtaí cosanta.
Is féidir Tuarascáil Bhliantúil um Nochtaí Cosanta na roinne a fháil anseo.