Eolas faoi Oifig an Ard Aighne
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá ról tábhachtach ag Oifig an Ard-Aighne maidir le tacú leis an Rialtas lena chuid cuspóirí a bhaint amach. Is é an misean atá ag an Oifig seirbhísí gairmiúla dlí den chaighdeán is airde a chur ar fáil don Rialtas, dá chuid Ranna agus dá chuid Oifigí, ar bhealach atá chomh tíosach agus chomh héifeachtúil agus is féidir agus comhlíonadh le riail an dlí a thacú.
Is iad seo a leanas príomhfheidhmeanna Oifig an Ard-Aighne:
Tá eolas fairsing ag an Oifig ar fheidhmiú an Stáit agus an Rialtais. Mar gheall air sin, in éineacht leis na scileanna gairmiúla dlí atá ag an bhfoireann oilte agus díograiseach agus an dearcadh uile-Rialtais, cuirtear ar chumas na hOifige tacú leis an Ard-Aighne chun seirbhís ardchaighdeáin a chur ar fáil dá chuid cliant.
Is é Ard-Stiúrthóir Oifig an Ard-Aighne ceannaire Oifig an Ard-Aighne san iomlán laistigh de bhrí an Achta um Bainistíocht na Seirbhíse Poiblí 1997 agus tá an tArd-Stiúrthóir freagrach as bainistiú na hOifige. Chomh maith leis sin, is eisean nó ise an tOifigeach Cuntasaíochta do Vóta Oifig an Ard-Aighne.
Cuimsíonn Oifig an Ard-Aighne:
Ar fud na nOifigí éagsúla seo, tá níos mó ná 300 ball foirne dlí (lena n-áirítear Abhcóidí Comhairleacha agus Aturnaetha Stáit ar iasacht) mar aon le beagnach 480 ball foirne sa líon foirne san iomlán. I dteannta a chéile, cuireann na hOifigí seo raon iomlán sainseirbhísí dlí ar fáil do Ranna agus Oifigí cliaint a chuimsíonn obair chomhairleach, obair maidir le dréachtú reachtaíochta, obair dlíthíochta agus obair idirbheartaíochta.
Tá Aonad Leabharlainne agus Feasa Gnó laistigh d’Oifig an Ard-Aighne a chuimsíonn taighdeoirí dlí agus baill foirne leabharlainne. Is é an ról atá aige réimse leathan seirbhísí tacaíochta taighde agus feasa gnó a chur ar fáil don oifig. Áirítear leis sin taighde dlí ar éileamh a chur ar fáil, bunachar sonraí feasa gnó dlí a choinneáil agus cuidiú a thabhairt i ndáil le dréachtreachtaíocht, réimse leathan seirbhísí feasachta reatha agus treoracha tagairtí dlí, mar aon le cláir oiliúna scileanna faisnéise agus rochtain ar bhailiúchán dlí cruachóipe agus leictreonach a ullmhú. Chomh maith leis sin, sanntar taighdeoirí dlí do ghrúpaí Abhcóidí Comhairleacha agus Dréachtóirí Parlaiminte laistigh den oifig dá gcuireann siad tacaíocht taighde agus feasa gnó faoi leith ar fáil.
Tá Aonad Riaracháin ann freisin a sholáthraíonn raon leathan seirbhísí corparáideacha don Oifig.
Déanann Grúpa eISB na hOifige maoirseacht ar Ríomhleabhar Reachtanna na hÉireann (eISB) a chur ar fáil, a bhainistiú agus a nuashonrú ar bhonn leanúnach. Taisclann ar líne do reachtaíocht phríomha agus thánaisteach is ea an eISB a nuashonraítear go rialta agus atá ar fáil saor in aisce don phobal tríd an láithreán gréasáin [Insert link to ISB website]. [Ríomhleabhar Reachtanna na hÉireann]
Chomh maith leis sin, tá caidreamh ag an Oifig leis an gCoimisiún um Athchóiriú an Dlí [Insert link to LRC website] [An Coimisiún um Athchóiriú an Dlí]. Is é ról an Choimisiúin an dlí a choinneáil faoi athbhreithniú neamhspleách, oibiachtúil agus saineolaíoch, moltaí iarmhartacha a dhéanamh i dtaca le hathchóiriú an dlí, agus an dlí reatha a chur ar fáil do chách. Go príomha, déantar clár an Choimisiúin a chur i gcrích faoi chlár athchóirithe dlí atá ceadaithe ag an Rialtas. Chomh maith leis sin, d’fhéadfadh an tArd-Aighne iarraidh ar an gCoimisiún réimsí faoi leith den dlí a iniúchadh de bhreis ar na réimsí sin atá i gclár athchóirithe dlí.