Ráiteas Straitéise 2023-25
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Breisoideachais agus Ardoideachais, Taighde, Nuálaíochta agus Eolaíochta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sochaí chuimsitheach foghlama agus nuálaíochta ina bhfuil gach duine in ann a lánacmhainneacht a bhaint amach.
Forbróimid oideachas, oiliúint agus taighde treasach na hÉireann chun tacú le daoine a lánacmhainneacht
a bhaint amach agus sochaí rathúil, inbhuanaithe agus bhríomhar a chruthú, réidh chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le domhan atá ag athrú.
Oibreoimid chun cur ar chumas gach duine ar fud na sochaí a n-acmhainneacht a bhaint amach agus na buanna, na scileanna agus an t-eolas is gá a fhorbairt chun go n-éireoidh leo i ngeilleagar na hÉireann sa lá atá inniu ann agus chun freastal ar riachtanais ár bpáirtithe leasmhara, ár bhfostóirí agus ár dtionscal.
Cur chuige uile-Rialtais a threorú maidir le taighde agus nuálaíocht a chur chun cinn, trí straitéisí comhaontaithe a chur i bhfeidhm agus trí rannpháirtíocht a chur chun cinn idir na hearnálacha fiontraíochta, institiúidí ardoideachais agus comhlachtaí taighde in Éirinn, san earnáil phoiblí, sa phobal i gcoitinne agus go hidirnáisiúnta.
Iarracht a dhéanamh chun cinntiú go gcuirtear ar chumas foghlaimeoirí ar fud an chórais threasach rochtain a fháil ar na tacaíochtaí a theastaíonn uathu, go háirithe chun freastal ar riachtanais foghlaimeoirí leochaileacha, daoine faoi mhíchumas agus iad siúd ó chúlra míbhuntáiste chun rannpháirtíocht fhorleathan leis na córais oideachais agus scileanna a chur chun cinn agus, dá réir sin, cur le fás agus rathúnas aonair, pobail agus náisiúnta.
Éire a shuíomh mar phríomhionad idirnáisiúnta do thaighdeoirí, do mhic léinn agus d'iarchéimithe, agus mar gheilleagar ard-eolais le fócas ceannródaíoch taighde agus nuálaíochta, áit a bhfuil rannpháirtíocht leanúnach ar fud Oileán na hÉireann agus trí phríomh-chomhpháirtíochtaí leis an Ríocht Aontaithe, laistigh den AE, Thuaidh/Theas agus Thoir/Thiar agus ar fud an domhain, chun leanúint de dhaoine aonair
ardghnóthachtála a tharraingt ó thar lear go córas oideachais idirnáisiúnta na hÉireann agus chun cur ar chumas na hÉireann dul san iomaíocht ar stáitse an domhain.
Dul chun cinn leanúnach na gcóras Breisoideachais agus Ardoideachais a chur chun cinn, comhoibriú le páirtithe leasmhara i bhforbairt Córas Treasach Aontaithe, claochlú cur chuige i leith Printíseachtaí agus glacadh leis an tábhacht a bhaineann le forbairt Scileanna.
A chinntiú go bhfuil an Roinn in ann a Misean, a Spriocanna agus a Straitéis a chur i gcrích trí thacú lenár bhfoireann, aghaidh a thabhairt ar ár riachtanais foghlama agus forbartha, agus rannpháirtíocht leanúnach a choinneáil ar fud an Rialtais agus lenár bpáirtithe leasmhara.