Ráiteas Príobháideachta na Roinne Sláinte
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é ról na Roinne Sláinte (‘an Roinn’) freastal ar an bpobal agus tacaíocht a thabhairt don Aire Sláinte, do na hAirí Stáit agus don Rialtas. Is é misean na Roinne feabhas a chur ar shláinte agus ar fholláine mhuintir na hÉireann trí na nithe seo a leanas a dhéanamh:
Is é an Roinn an rialaitheoir sonraí le haghaidh na sonraí go léir a bhailíonn sí ó dhaoine den phobal, ó ghairmithe cúram sláinte, ó Ghníomhaireachtaí Stáit faoi choimirce na Roinne nó ó chomhlachtaí poiblí eile.
Is ionann an Ráiteas Príobháideachta seo agus ráiteas ar a thiomanta atá an Roinn do chosaint a thabhairt do shonraí pearsanta agus do chearta agus príobháideacht daoine aonair a thugtar leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí agus leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí, 1988 go 2018.
Tá an Roinn tiomanta do chloí leis na prionsabail seo a leanas um chosaint sonraí:
Ciallaíonn Sonraí Pearsanta aon fhaisnéis a bhaineann le duine nádúrtha sainaitheanta nó in-sainaitheanta. Is é is duine nádúrtha in-sainaitheanta ann duine is féidir a shainaithint, go díreach nó go hindíreach, go háirithe trí thagairt a dhéanamh d'aitheantóir amhail ainm, uimhir aitheantais, sonraí suímh, aitheantóir ar líne nó ceann amháin nó níos mó de thosca a bhaineann go sonrach le céannacht fhisiceach, fhiseolaíoch, ghéiniteach, mheabhrach, eacnamaíoch, chultúrtha nó shóisialta an duine nádúrtha sin.
Rinne an Roinn Oifigeach Cosanta Sonraí a cheapadh, agus is féidir leat teagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach má bhíonn aon cheisteanna nó ábhair imní agat. Tá sé de dhualgas ar an Oifigeach Cosanta Sonraí feabhas a chur ar chuntasacht, faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh, agus feasacht a mhéadú ar chosaint sonraí laistigh den Roinn. Is é atá san Oifigeach Cosanta Sonraí freisin an pointe teagmhála do dhaoine den phobal agus don Choimisiún um Chosaint Sonraí.
Tá sonraí teagmhála an Oifigigh Chosanta Sonraí ar fáil thíos:
Teastaíonn ón Roinn sonraí pearsanta áirithe a phróiseáil chun go mbeidh sí in ann comhlíonadh a dhéanamh ar na cúraimí atá riachtanach dá feidhmeanna a chomhlíonadh agus chun cloí le hoibleagáidí dlíthiúla áirithe. Chomh maith leis sin, próiseálaimid sonraí pearsanta ó dhaoine den phobal a dhéanann teagmháil linn chun go mbeimid in ann na seirbhísí a theastaíonn uathu a sholáthar dóibh.
Déantar próiseáil faisnéise le haghaidh na gcuspóirí seo a leanas:
Maidir leis an gcuid is mó den phróiseáil sonraí pearsanta a dhéanann an Roinn seo, déantar í le haghaidh feidhmeanna an Aire a chomhlíonadh nó le leas an phobail. De bhreis air sin, próiseálann an Roinn sonraí pearsanta i gcomhréir le hoibleagáidí dlíthiúla áirithe a bhfuil an Roinn faoina réir.
Chomh maith leis sin, féadfaidh an Roinn sonraí pearsanta a phróiseáil i gcomhréir le conarthaí áirithe atá curtha i bhfeidhm aici agus, i gcúinsí teoranta, i gcás go bhfuil leas dlisteanach aici i sonraí áirithe a phróiseáil, mar shampla le haghaidh iniúchóireachta.
I gcúinsí an-teoranta, próiseálfaidh an Roinn sonraí pearsanta ar bhonn thoiliú an duine aonair. Áirítear leo sin sonraí a bhaineann le gníomhaíochtaí taighde sláinte.
Chun go mbeidh sí in ann a feidhmeanna a chomhlíonadh, teastaíonn ón Roinn a lán catagóirí de shonraí pearsanta a bhailiú.
Cé gur féidir go dtiocfaidh athrú ar na cineálacha sonraí pearsanta a phróiseáiltear ag brath ar an gcuspóir, is leagtha amach sa tábla seo a leanas atá na catagóirí ginearálta de shonraí pearsanta a bhailítear agus na cúiseanna leis na sonraí a bhailiú.
Cúis | Na Catagóirí de Shonraí Pearsanta a Bhailítear |
Saincheisteanna Sábháilteachta Othar agus Fógraí | Is féidir go n-áireofar leo ainm, inscne, dáta breithe, seoladh, riocht sláinte, ainm an lia-chleachtóra ghinearálta/an lia chomhairligh, an t-ospidéal freastail. |
Cuspóirí próiseála chun na hoibleagáidí sonracha faoin reachtaíocht a chomhlíonadh | Is féidir go n-áireofar leo faisnéis teagmhála agus láithreach, faisnéis maidir leis an riocht sláinte, faisnéis maidir le gairmithe sláinte, uimhir aitheantais/clárúcháin, agus faisnéis maidir le cáilíochtaí. |
Comhfhreagras Poiblí | Ainm, inscne, dáta breithe, seoladh, riocht sláinte, ainm an lia-chleachtóra ghinearálta/an lia chomhairligh, an t-ospidéal freastail, sonraí eile a thugann daoine den phobal ina gcomhfhreagras leis an Roinn. |
Comhairliúcháin Phoiblí | Sonraí teagmhála agus creidimh agus tuairimí pearsanta a thugann daoine den phobal, na meáin chumarsáide san áireamh, go deonach. |
Ceisteanna Parlaiminte agus Uiríll arna nDéanamh ag Ionadaithe Tofa | Ainm, inscne, dáta breithe, seoladh, riocht sláinte, ainm an lia-chleachtóra ghinearálta/an lia chomhairligh, an t-ospidéal freastail, sonraí eile a thugann daoine den phobal don ionadaí tofa. |
Feachtais um Chur Chun Cinn na Sláinte agus um Fheasacht a Mhéadú, Gníomhaíochtaí Eile Taighde, Tionscnaimh um Shábháilteacht Othar, agus Cláir Eile | Sonraí teagmhála agus faisnéis phearsanta eile a chuireann daoine den phobal/soláthraithe cúram sláinte agus rannpháirtithe i suirbhéanna ar fáil nó a iarrtar uathu. |
Staitistic,Anailísíocht agus Samhaltú Eipidéimeolaíochta | Faisnéisphearsanta a bhfuil ainm bhréige luaite léi lorgtha nó curtha ar fáil agbaill den phobal/soláthróirí cúraim sláinte. |
Cuspóirí Teagmhála/Faisnéise | Sonraí teagmhála amhail ainm, seoladh, uimhir theileafóin agus seoladh ríomhphoist na ndaoine/na gcomhlachtaí seo: oifigigh i ngníomhaireachtaí faoi choimirce na Roinne, soláthraithe eile cúram sláinte, comhlachtaí ionadaíocha, grúpaí sainleasa/brústocaireachta, na meáin chumarsáide, comhlachtaí taighde, institiúidí tríú leibhéal, ranna/gníomhaireachtaí eile rialtais, agus comhlachtaí idirnáisiúnta/Aontais Eorpaigh |
Dlíthíocht/Coistí Reachtúla Imscrúdúcháin | Sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí teagmhála agus stair leighis agus theaghlaigh, atá i dtaifid a bhaineann le dlíthíocht/le coistí reachtúla imscrúdúcháin ina bhfuil an Roinn ina páirtí. Sonraí airgeadais a theastaíonn i gcásanna áirithe chun íocaíochtaí a éascú. |
Cuspóirí próiseála faoin reachtaíocht um Shaoráil Faisnéise, faoin reachtaíocht um Chosaint Sonraí, faoin reachtaíocht um Nochtadh Cosanta agus faoi reachtaíocht eile | Sonraí teagmhála amhail ainm, seoladh, uimhir theileafóin, seoladh ríomhphoist agus gairm. |
Ceapacháin chuig Coistí/Boird | Sonraí teagmhála amhail ainm, seoladh, seoladh ríomhphoist, uimhir theileafóin, agus faisnéis a bhaineann le hoideachas agus le taithí oibre. |
Faisnéis a bhaineann le beartais áirithe acmhainní daonna/Aithint Cáilíochtaí Gairmiúla | Oideachas, taithí oibre agus sonraí teagmhála, lena n-áirítear uimhir aitheantais a bhaineann le baill foirne earnála sláinte. |
Tabhair faoi deara go bhféadfar an fhaisnéis atá liostaithe thuas a úsáid le haghaidh níos mó ná cuspóir amháin, faoi mar atá leagtha amach sa rannán ina bpléitear le Cuspóir agus Bunús Dlí na Próiseála.
Bailíonn an Roinn sonraí pearsanta go díreach ó dhaoine den phobal, ó othair agus óna mbaill teaghlaigh, ó ionadaithe tríú páirtí amhail aturnaetha, agus ó ghrúpaí brústocaireachta/sainleasa. Is féidir go bhfaighfear na sonraí sin ar an teileafón, trí ríomhphost nó trí chomhfhreagras scríofa. Is féidir go bhfaighfear iad trí chomhairliúcháin phoiblí freisin.
Chomh maith leis sin, faightear sonraí pearsanta ó ionadaithe tofa atá ag déanamh ionadaíocht do thoghthóir nó ó bhall teaghlaigh leis/léi atá ag iarraidh faisnéise nó seirbhíse thar ceann an toghthóra.
Sealbhaítear sa Roinn sonraí pearsanta a bhaineann le soláthraithe cúram sláinte freisin. Áirítear leo sin faisnéis a bhaineann le soláthraithe seirbhíse agus lena gcomhlachtaí ionadaíocha, faisnéis a bhaineann le gníomhaireachtaí a sholáthraíonn seirbhísí san earnáil cúram sláinte agus faisnéis a shealbhaítear faoi ghairmithe cúram sláinte i dtaca le scéimeanna sonracha.
Déanann Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte agus Gníomhaireachtaí eile Stáit atá faoi choimirce na Roinne sonraí a nochtadh don Roinn agus iad ag comhlíonadh a bhfeidhmeanna. Áirítear leis an bhfaisnéis sin sonraí a theastaíonn chun tacú le bainistiú na seirbhíse i gceist, faisnéis a bhaineann le gníomhaíochtaí rialachais, faisnéis a bhaineann le ceapacháin chuig Coistí/Boird, faisnéis a bhaineann le beartais agus nósanna imeachta acmhainní daonna, faisnéis a bhaineann le cásanna dlí in aghaidh an Stáit agus sonraí teagmhála le haghaidh liostaí seachadta, i measc nithe eile.
Déanann an Roinn teagmháil le raon leathan ranna agus gníomhaireachtaí rialtais chun go mbeidh sí in ann a feidhmeanna a chomhlíonadh, mar shampla:
I gcásanna áirithe, déantar an fhaisnéis phearsanta a shealbhaíonn an Roinn a chomhroinnt le Ranna eile Rialtais/le Gníomhaireachtaí Rialtais chun an Roinn a chumasú a cuid feidhmeanna a chomhlíonadh. I gcásanna den sórt sin, comhroinntear an fhaisnéis ar bhealach atá ag teacht leis an gcuspóir ar chuige a tugadh an fhaisnéis ar dtús.
Féadfaidh an Roinn faisnéis a aistriú chuig tír nó eagraíocht idirnáisiúnta atá lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, mar shampla i gcás go n-iarrtar ar an Roinn na cáilíochtaí gairmiúla atá ag gairmithe áirithe earnála sláinte atá ag lorg fostaíocht i dtíortha lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch a dheimhniú.
I gcás go ndéantar na haistrithe lasmuigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch, cinntíonn an Roinn gur faoi réir coimircí iomchuí a bhíonn na sonraí go léir a nochtar.
Ní choimeádfaidh an Roinn sonraí pearsanta ach ar feadh na tréimhse a theastaíonn le haghaidh na gcuspóirí ar chucu a rinneadh sonraí a bhailiú agus a phróiseáil, nó i gcás go bhfuil siad faoi réir ceanglais reachtúla, mar shampla forálacha an Achta um Chartlann Náisiúnta, 1986.
Tá na sonraí pearsanta a shealbhaíonn an Roinn faoi réir bearta slándála cuí a bhfuil mar aidhm leo príobháideacht na ndaoine aonair lena mbaineann a chosaint agus tá baill foirne ar an eolas faoi na freagrachtaí atá orthu i ndáil le cosaint sonraí.
Tá cearta áirithe agat i ndáil leis na sonraí pearsanta a shealbhaíonn an Roinn. Níl na cearta uile atá liostaithe anseo infheidhmithe i ngach cás, áfach. Tá na cearta sin leagtha amach thíos agus is féidir iad a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach Cosanta Sonraí, ach leas a bhaint as na sonraí thuas, agus trína chur in iúl cén ceart nó cé na cearta ba mhaith leat a fheidhmiú.
Chun cóip a fháil de na sonraí pearsanta a shealbhaíonn an Roinn Sláinte fút, comhlánaigh Foirm Iarrata ar Rochtain d’Ábhair Shonraí.
Ríomhphost: DPO@health.gov.ie
Déanfar an fhaisnéis a iarrtar a sholáthar laistigh de mhí amháin ón dáta ar a bhfaigheann an Roinn an iarraidh.
Tá líon beag cásanna ann ina bhfuil teorainn ann leis an gceart chun sonraí pearsanta a rochtain. Mar shampla, níl sé de cheart ag ábhair shonraí teacht ar chumarsáidí idir an Roinn agus a comhairleoirí dlí i gcás go mbeadh na cumarsáidí sin faoi réir pribhléid dhlíthiúil sa chúirt. Cuirtear srian leis an gceart chun faisnéis a bhaineann le daoine eile a rochtain freisin.
Mura mbíonn tú sásta leis an dóigh ar chomhlíonamar ár n-oibleagáidí, beidh sé de cheart agat gearán a dhéanamh tráth ar bith leis an gCoimisiún um Chosaint Sonraí.
Suíomh Gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí:
Féadfar an Ráiteas Príobháideachta seo a athrú ó am go chéile. Má dhéanaimid aon athruithe air, postálfaimid na hathruithe sin anseo agus athróimid an leathanach “Rialú Leaganacha” ar chúl an Ráitis Phríobháideachta seo chun dáta.
Leagan | Dáta | An duine a rinne na hathruithe | Sonraí |
1.0 | 24 Bealtaine 2018 | An tOifigeach Cosanta Sonraí | An chéad leagan den Ráiteas Príobháideachta |
2.0 | 1 Lúnasa 2018 | An tOifigeach Cosanta Sonraí | An dara leagan den Ráiteas Príobháideachta |
3.0 | 1 Márta 2019 | An tOifigeach Cosanta Sonraí | An tríú leagan den Ráiteas Príobháideachta |
4.0 | 12 Lúnasa 2019 | ROC | An ceathrú leagan den Ráiteas Príobháideachta |
5.0 | 15 Aibreán 2020 | An tOifigeach Cosanta Sonraí | An cúigiú leagan den Ráiteas Príobháideachta |
6.0 | 10 Márta 2021 | JW | An Séú Leagan den Ráiteas Príobháideachais |