Táimid freagrach as go leor airgid phoiblí a bhainistiú agus cuirimid cuntasacht i gcroílár obair na Roinne. Tugaimid cuntas maidir le soláthar ár seirbhísí do shaoránaigh na hÉireann, beartas eachtrach na hÉireann agus ár gcaiteachas. Táimid freagrach don phobal trí roinnt comhlachtaí poiblí agus foras agus comhaltaí an Oireachtais ar an gcéad dul síos. Tá roinnt meicníochtaí maoirseachta bunaithe againn don dóigh a dtugaimid cuntas ar ár gcuid oibre.
Táimid freagrach do mhuintir na hÉireann as seirbhísí éifeachtacha agus éifeachtúla a chur ar fáil in Éirinn agus thar lear trí roinnt comhlachtaí poiblí seachtracha.
Tá an Roinn freagrach do Thithe an Oireachtais (don Reachtas) ar an gcéad dul síos, trí cheisteanna parlaiminte agus trí na coistí Oireachtais seo a leanas:
Is féidir le Teachtaí ceisteanna a chur ar an Aire Gnóthaí Eachtracha agus Trádála maidir le haon saincheisteanna beartais nó riaracháin. Foilsítear na freagraí a thugtar ar cheisteanna parlaiminte gach lá i rannán na nDíospóireachtaí ar láithreán Gréasáin an Oireachtais.
Tagann Airí os comhair coistí Oireachtais go rialta chun tuairisc a thabhairt ar bheartas eachtrach na hÉireann agus an AE, ar shaincheisteanna idirnáisiúnta agus ar nithe a bhaineann le Tuaisceart Éireann. Is féidir tras-scríbhinní na ndíospóireachtaí sin a fháil ar láithreán Gréasáin an Oireachtais.
Tagann Ard-Rúnaí na Roinne os comhair an Choiste um Chuntais Phoiblí gach bliain.
Déanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh ar ár gcuntas agus tugann tuairisc fúthu agus tugann dearbhú neamhspleách go bhfuil airgead poiblí á bhainistiú i gceart, gur caitheadh é go héifeachtach agus go bhfuil sé ag cuidiú le feabhsuithe sa chóras riaracháin phoiblí.
Déanann Coiste Iniúchóireachta neamhspleách maoirsiú ar chóras cuntasachta na Roinne Gnóthaí Eachtracha agus Trádála.
Táimid freagrach don Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe as an dul chun cinn atá déanta againn maidir le cur i bhfeidhm an Chláir um Athchóiriú na Seirbhíse Poiblí. Is é aidhm an Chláir eagraíochtaí ard-fheidhmithe a chinntiú sa tseirbhís phoiblí a bheidh bunaithe ar ionracas, ar chuntasacht, ar chothroime, agus ar oscailteacht.
Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála freagrach don phobal agus don cháiníocóir as a comhoibriú le comhlachtaí maoirseachta seachtracha agus trína córais rialaithe inmheánaigh freisin. Chomh maith le hathbhreithnithe tréimhsiúla ar chláir, le hiniúchadh ar mhisin sa líonra taidhleoireachta agus le pleanáil agus tuairisciú gnó táimid freagrach freisin sna slite seo a leanas:
Leagann an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe béim láidir ar an ngá go mbainfeadh seirbhísí poiblí luach ar airgead amach, go háirithe sna dálaí eacnamaíocha reatha. Déanaimid measúnuithe speisialta ar chaiteachas, mar chuid de chlár an Rialtais um Athbhreithniú ar Luach ar Airgead agus Beartas. Déantar breithiúnas trí na measúnuithe seo ar ábharthacht an chaiteachais agus maidir le chomh héifeachtúil agus chomh héifeachtach is a úsáideadh an t-airgead. Tá dhá athbhreithniú beartaithe don tréimhse 2012-14, ceann ar na misin laistigh de Líonra an AE agus an ceann eile ar thacaíocht Chúnamh Éireann d’íospartaigh Thubaiste Creatha Talún Háítí.
Tá an Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála freagrach as líon mór cistí poiblí a bhainistiú. Áirithíonn an tAonad Meastóireachta agus Iniúchóireachta go bhfuil córais rialaithe inmheánaigh na Roinne láidir ionas gur féidir leis an bpobal a bheith cinnte go bhfuil cuntasacht chuí ann i leith na gcistí agus go mbaintear úsáid astu le haghaidh na gcuspóirí ar ceapadh iad. Tugtar aon laigí tábhachtacha chun suntais in iniúchtaí agus cuirtear comhairle ar fáil maidir leis an gcaoi ar cheart na rialuithe sin a fheabhsú. Bíonn ár n-obair maidir le Meastóireacht agus Iniúchadh á maoirsiú ag Coiste Iniúchóireachta neamhspleách, a fhoilsíonn tuarascáil gach bliain.
Táimid tiomanta don ardcháilíocht, chun deimhin a dhéanamh de go gcruthaíonn ár gcuid oibre luach breise agus gur féidir linn foghlaim d’fhonn feabhsuithe a dhéanamh. Ní mór dúinn ár gcuid oibre a mheas le feiceáil cé chomh maith is atá sí agus cad iad na gnéithe sin a bhfuil ag éirí go maith leo. Sa tslí sin, is féidir linn ár gcláreagrú agus ár mbeartais a oiriúnú dá réir.
Chun na críche sin, cuirimid an-bhéim ar neamhspleáchas an phróisis meastóireachta. Is ionann meastóireacht agus breithmheas neamhchlaonta maidir le cé chomh maith agus a dhéanaimid ár gcuspóirí a bhaint amach, agus tá sé úsáideach ó thaobh pleanáil amach anseo. Mar chuid dár dtiomantas i dtaobh cuntasachta agus trédhearcachta, cuirimid cinntí ar fáil agus foilsímid torthaí ár meastóireachtaí. Is féidir leat teacht ar na meastóireachtaí sin i rannán na bhFoilseacháin.
Cuirimid Tuarascáil Bhliantúil ar fáil gach bliain maidir le clár Chúnamh Éireann mar aon le sonraí caiteachais. Íoslódáil Tuarascáil Bhliantúil Chúnamh Éireann 2011 ( Irish Aid Annual Report 2011 as Gaeilge 8.1mb)
Tá cead agat faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003 rochtain a fháil, a mhéid is féidir, ar fhaisnéis atá i seilbh na Roinne. Tugann siad de cheart duit go gceartófaí do shonraí pearsanta nó go dtabharfaí cothrom le dáta iad agus go dtabharfar cúiseanna duit faoi na cinntí arna ndéanamh ag an Roinn a théann i bhfeidhm ort.