Seirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
An Roinn Airgeadais
Tá ról lárnach againn i mbaint amach chuspóirí eacnamaíocha, fioscacha, baincéireachta, seirbhísí airgeadais, Aontais Eorpaigh, idirnáisiúnta agus gníomhú aeráide an Rialtais. Treoraíonn ár ráiteas misin sinn agus comhairle agus tacaíocht á dtabhairt againn don rialtas:
Comhlíonadh spriocanna beartais eacnamaíoch, fhioscaigh agus airgeadais an rialtais a threorú, agus aird á tabhairt ar na spriocanna atá leagtha amach sa doiciméad dar teideal Clár an Rialtais - Ár dTodhchaí Chomhroinnte.
Seirbhísí do chustaiméirí
I measc ár bpríomhchustaiméirí tá Airí, Dáil Éireann, ranna agus oifigí eile rialtais, agus an mhórearnáil phoiblí. Bíonn teagmháil thráthrialta againn freisin leis an Aontas Eorpach (AE), le hinstitiúidí idirnáisiúnta, le hiriseoirí, le hacadóirí, le heacnamaithe agus le brúghrúpaí agus, ar bhonn níos lú, leis an bpobal.
Táimid inár mball den Líonra um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí, ar líonra a chuimsíonn an tseirbhís phoiblí ar fad é. Bunaíodh an Líonra um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí sa bhliain 2000 chun an Tionscnamh um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí a fhorbairt, a chur chun cinn agus a chur chun feidhme. Is é an Tionscnamh sin a leag amach an 12 Threoirphrionsabal um Sheirbhís Ardchaighdeáin do Chustaiméirí.