Bainisteoir Cumarsáide (Príomhoifigeach Cúnta) a cheapadh sa Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán ag féachaint le Bainisteoir Cumarsáide (ag leibhéal Phríomhoifigeach Cúnta) a cheapadh le hoibriú in Aonad Cumarsáide na Roinne.
Is i mBaile Átha Cliath a bheidh an ról seo lonnaithe agus beidh taithí ar bhainistíocht chumarsáide, ar chaidrimh sna meáin agus ar na meáin dhigiteacha ag teastáil ó iarrthóirí don ról ar leith seo. D’fhéadfadh go mbunófaí painéal ón gcomórtas seo don fholúntas seo agus d’aon fholúntas den chineál céanna a d’fhéadfadh teacht chun cinn amach anseo.
Cuirfidh an t-iarrthóir a n-éireoidh leis, a thuairisceoidh chuig an gCeann Cumarsáide, leis an gceannaireacht straitéiseach cumarsáide laistigh den Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán, cuirfidh sé/sí comhairle agus ionchuir chumarsáide ardleibhéil ar fáil i leith obair na Rannán, agus cabhróidh sé/sí reáchtáil laethúil na foirne cumarsáide a bhainistiú. Beidh ar iarratasóirí ar mian leo go ndéanfaí iad a bhreithniú lena gceapadh sa ról seo an cumas atá acu a bheith ag obair i mBéarla agus i nGaeilge araon ar bhonn laethúil a léiriú.
Beidh a leanas i gceist leis an ról seo: cumarsáid Rannach a bhainistiú le teachtaireachtaí atá ag teacht lena chéile a chinntiú ar fud gach Rannán, le lucht féachana na meán agus na meán digiteach, agus ar fud an Rialtais; pleananna mionsonraithe cumarsáide a fhorbairt agus foireann a bhainistiú chun na pleananna seo a chur i bhfeidhm ar an mbealach is éifeachtaí; ceisteanna atá ag teacht isteach ó na meáin a bhainistiú agus freagra a thabhairt orthu; straitéisí cumarsáide inmheánacha a fhorbairt agus a bhainistiú laistigh den Roinn.
Déanfar caighdeán Gaeilge na n-iarratasóirí a mheas trí scrúdú scríofa gearr le linn an phróisis roghnúcháin, agus san agallamh féin.
Tabhair faoi deara, le do thoil: Socrófar an scrúdú scríofa ag leibhéal B2 TEG agus beidh an pasmharc íosta riachtanach do na hiarrthóirí a ghlacann páirt sa chomórtas seo.
Páirt iomlán a ghlacadh i bhfoireann bheag de bhainisteoirí cumarsáide sinsearacha chun:
Ba cheart d’iarratasóirí foirm iarratais chomhlánaithe a chur ar aghaidh ar ríomhphost chuig personnel@tcagsm.gov.ie faoin dáta deiridh: 5pm, an 10 Samhain 2022.
Íoslódáil an leabhrán faisnéise ceangailte le haghaidh eolais maidir le hincháilitheacht agus riachtanais.
Leabhrán Faisnéise d'Iarrthóirí
Chun iarratas a dhéanamh ar phost an Bhainisteora Cumarsáide (Príomhoifigeach Cúnta), íoslódáil agus comhlánaigh an fhoirm iarratais ceangailte agus seol ríomphost chuig personnel@tcagsm.gov.ie faoi 5pm Déardaoin, an 10 Samhain 2022.
Féach an ráiteas príobháideachais ceangailte maidir le sonraí pearsanta a chuirtear ar fáil i dtaca leis an gcomórtas seo.