Sholáthraithe, Íocaithe & Deontaithe
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ráiteas Príobháideachais do Sholáthraithe, Íocaithe & Deontaithe
Tháinig Rialachán Ginearálta nua um Chosaint Sonraí (RGCS) an AE i bhfeidhm ar an 25 Bealtaine 2018, agus tháinig sé in áit na creatlaí um chosaint sonraí a bhí ann cheana. Baineann an RCGS le cearta shaoránaigh an AE chun a gcuid sonraí pearsanta a chosaint agus leagann sé béim ar thrédhearcacht, slándáil agus cuntasacht na rialaitheoirí agus próiseálaithe sonraí, agus déanann sé ceart shaoránaigh na hEorpa ar phríobháideachas sonraí a chaighdeánú agus a neartú ag an am céanna.
I gcomhlíonadh na bhfeidhmeanna atá againn, bailíonn an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta sonraí pearsanta do sholáthraithe, íocaithe agus deontaithe. Tá na sonraí sin ag teastáil chun gur féidir linn ár gconarthaí leat, mar sholáthraí nó faighteoir deontais/íocaíochta, a fheidhmiú.
Leagtar amach san fhógra seo sonraí na faisnéise a bhailímid, an bealach a dhéanaimid próiseáil uirthi, agus na daoine a roinnimid an fhaisnéis sin leo. Mínítear ann freisin na cearta atá agat faoin dlí um chosaint sonraí i dtaca leis an bpróiseáil a dhéanaimid ar do shonraí.
Cé a rialaíonn úsáid do shonraí pearsanta?
Is í an Roinn a rialaíonn agus atá freagrach as na sonraí pearsanta a bhailímid. Déanann aonaid ghnó aonair laistigh den Roinn próiseáil ar do shonraí chun bainistiú a dhéanamh ar ár ndeontais, ár n-íocaíochtaí agus ár soláthraithe.
Tá an Roinn lántiomanta do na sonraí pearsanta uile arna gcur faoina bráid ag a custaiméirí a choimeád slán sábháilte le linn próiseas riaracháin. Tá gach beart teicniúil cuí curtha i bhfeidhm chun sábháilteacht agus slándáil na gcóras ina gcoimeádtar na sonraí sin a áirithiú.
Cad iad na sonraí pearsanta a bhailímid?
Maidir leis na sonraí pearsanta a bhailímid, is sonraí iad sin a sholáthróidh tusa trínár bhfoirmeacha iarratais, trínár bhfoirmeacha éilimh, trínár bhfoirmeacha tionscnaimh soláthróra etc., agus tríd na hidirghníomhaíochtaí a bheidh agat linn. Chun gur féidir linn ár seirbhísí a sholáthar duit, caithimid sonraí pearsanta áirithe a bhaineann leat a phróiseáil, lena n-áirítear:
• Sonraí beathaisnéiseacha - ainm, seoladh, uimhir ghutháin, seoladh ríomhphoist etc.
• Sonraí íocaíochta - uimhreacha IBAN agus BIC, ainm agus seoladh do bhainc/chumainn foirgníochta, uimhir Thagartha Cánach, uimhir PSP etc.
Cén fáth a ndéanaimid próiseáil ar do shonraí pearsanta?
Tá faisnéis áirithe ag teastáil uainn uaitse chun gur féidir linn conradh a dhéanamh leat agus ár seirbhísí a sholáthar duit, m.sh. deontas nó íocaíochtaí cúitimh. Más infheidhme, cuirfimid in iúl ar na foirmeacha ábhartha na sonraí pearsanta is gá chun gur féidir conradh a dhéanamh leat. Muna gcuireann tú an fhaisnéis ar fáil, ní bheimid in ann ár seirbhísí a sholáthar duit.
Cé lena roinnimid do shonraí?
• Go hinmheánach Roinntear sonraí pearsanta go hinmheánach sa Roinn idir an t-aonad gnó ar sholáthair tú na sonraí dó agus an tAonad Airgeadais chun do chuid íocaíochtaí a eagrú.
• Tríú Páirtithe Roinnimid do shonraí pearsanta le haonad na Seirbhíse Comhroinnte Airgeadais sa Roinn Dlí agus Cirt, toisc go bhfuil an eagraíocht seo mar chuid de Sheirbhís Chomhroinnte Airgeadais an Ghrúpa Dlí agus Cirt, a sholáthraíonn seirbhís idirbhirt airgeadais dúinn, m.sh. déanann siad íocaíochtaí le soláthraithe, íocaithe agus deontaithe thar ceann na Roinne. Roinnimid sonraí pearsanta leis an Oifig Náisiúnta um Sheirbhísí Comhroinnte freisin chun críocha seachtracha taistil agus cothaithe.
Coinneáil sonraí pearsanta
Toisc gur chun críocha sainmhínithe gnó amháin a bhailímid sonraí pearsanta, déanaimid measúnú ar an tréimshe ama is gá dúinn na sonraí pearsanta a choimeád chun ár gcríocha réasúnta gnó a chomhlíonadh, m.sh. fad deontais a íocfar in il-íocaíochtaí; fad conartha nó scéime cúitimh; chun iniúchadh a éascú don Ard-Reachtaire Cuntas agus Ciste.
Do chearta
Má sholáthraíonn tusa, mar chustaiméir, sonraí pearsanta don Roinn, tá cearta áirithe agat i ndáil leis na sonraí sin. Ní miste a rá, áfach, nach mbeidh feidhm ag gach ceann de na cearta thíos i ngach cúinse. Féadfar na cearta a leagtar amach thíos a fheidhmiú trí theagmháil a dhéanamh leis an Oifigeach um Chosaint Sonraí, ag cur in iúl cé acu ceart nó cearta is mian leat a fheidhmiú:
• Rochtain ar do chuid sonraí pearsanta – cliceáil anseo chun faisnéis a fháil maidir le ceart ar rochtain, lena n-airítear an chaoi ar féidir Iarraidh Rochtana Ábhair a chur isteach;
• Ceartú do chuid sonraí pearsanta;
• Iniompartacht sonraí;
• Srian a chur le proiseáil a dhéantar ar do shonraí pearsanta;
• Agóid a dhéanamh i gcoinne próiseáil do shonraí pearsanta;
• Toiliú a tugadh cheana maidir le próiseáil do shoraí pearsanta a tharraingt siar;
• Léirscriosadh do chuid sonraí pearsanta;
• An ceart chun gearán a chur isteach chuig an Údarás Maoirseachta (An Coimisiún Cosanta Sonraí, Teach na Canálach, Bóthar an Stáisiúin, Cúil an tSúdaire, Co. Laoise R32 AP23 – dataprotection.ie);
Chun aon cheann de na cearta thuas a fheidhmiú, iarrtar ort dul i dteagmháil lenár nOifigeach um Chosaint Sonraí.
Tá Suíomh Gréasáin um Chosaint Sonraí ag an Roinn le tuilleadh eolais air, a bhfuil fáil air anseo.
Ceisteanna agus Gearáin
Má tá aon cheist nó gearán agat maidir leis an bpróiseáil a dhéanaimid ar do chuid sonraí pearsanta, is féidir leat teagmháil a dhéanamh linn ar na slite seo a leanas:
• Post: An tOifigeach um Chosaint Sonraí, An Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta, 23 Sráid Chill Dara, Baile Átha Cliath 2, D02 TD30.
• Ríomhphost: data.protection@tcagsm.gov.ie