Turas Timpeall Tithe an Rialtais
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá turais ar fáil ar na dátaí seo a leanas:
FEABHRA 2025
Déanfar turais ar Thithe an Rialtais ar :
Dé Sathairn 8 Feabhra ag 10.30rn agus 12.00 meán lae
Dé Sathairn 22ú Feabhra ag 10.30rn agus 12.00 meán lae
MÁRTA 2025
Déanfar turais ar Thithe an Rialtais ar :
Dé Sathairn 8ú Márta ag 10.30rn agus 12.00 meán lae
Dé Sathairn 22ú Márta ag 10.30rn agus 12.00 meán lae
Ní féider níos mó ná cúig dhuine dhéag a ghlacadh ar gach turas agus tá ticéid ar fáil saor in aisce ar maidin an turais amháin sa Ghailearaí Náisiúnta ar Sráid an Chláir.
Leag Rí Edward VII an bhonnchloch an 28 Aibreán 1904. D'oscail a mhac, an Rí George V, an foirgneamh go hoifigiúil mar choláiste eolaíochta an 8 Iúil 1911. Ba iad Sir Aston Webb agus Thomas Manley Dean na hailtirí.
Tá an foirgneamh déanta as Clocha Portland ó Dheisceart Shasana agus as Eibhear ó Chairéil Bhaile Cnoicín ina aice Bhaile Coimín i gCo.Chill Mhantáin.
Ghlac Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath an Coláiste faoina chúram i 1926. D'fhág Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath an foirgneamh agus chuaigh Oifig na nOibreacha Poiblí isteach ann i 1989. I mí Márta 1990, cuireadh tús le hobair athchóirithe agus athdheisithe an fhoirgnimh, agus tugadh do Roinn an Taoisigh é i mí na Nollag 1990.
Tá an staighre seo déanta d’fheá. Gabhann sé a fhad leis an bhfuinneog dhaite lonrúil, a dhear Evie Hone. Léirítear sa dearadh ceithre chúige na hÉireann agus tugtar ‘My Four Green Fields’ air. Rinneadh an fhuinneog a choimisiúnú do Phailliún Rialtas na hÉireann ag Aonach Domhanda Nua-Eabhrac 1939. Dhear an tEalaíontóir Mary Fitzgerald an cairpéad beoga.
Tá na dathanna agus na maisiúcháin ghléineacha i gcodarsnacht ghlan ar an gcuid eile den fhoirgneamh. Rinneadh an troscán agus na tíleanna san Iodáil agus Bréidín Éireannach atá san fhabraic.
Seo an seomra ina ndearna an Rialtas na cinntí tábhachtacha go léir ón mbliain 1922. Tugtar Seomra na Comhairle air go minic mar gheall gur tugadh Comhairle na Feidhmeannachta ar an Rialtas roimh Bhunreacht na bliana 1937. Portráidí de roinnt de shár-cheannairí agus sár-chruthaitheoirí ár Náisiúin atá sna portráidí ar na ballaí. Ar taispeáint i gcaibinéid, chomh maith, tá roinnt déantáin thábhachtacha, ar nós sraith Reachtanna na hÉireann ón 18ú haois ar a bhfuil cumhdaigh áille leathair dhearg agus atá maisithe le hór.
Rinne Oifig na nOibreacha Poiblí troscán nua sheomra na Comh-Aireachta in 2004 chun an teicneolaíocht is déanaí do ríomh-chomh-aireacht a chuimsiú.
Dhear Michael Bell Design (Contae Laoise) agus rinne Fitzgerald Furniture i gCeanannas tábla nua na Comh-Aireachta. Tá sé déanta d’adhmad gallchnó (painéal an láir agus an banda dorcha timpeall ar an taobh), gallchnó Eorpach (an t-adhmad níos gile) agus tá stialladh éabainn, inleagan práis agus rian paiteanaithe cré-umha air. Tá cruth nuálach an tábla in ainm is línte radhairc agus an méid suíochán is féidir a chur sa seomra a uasmhéadú.
Dhear Michael Bell Design na Cathaoireacha agus rinne an ceardaí Michael Smith le Fitzgerald Furniture iad de láimh. Dearadh uathúil agus an-chasta é ina gcuimsítear nach mór líne dhíreach ar bith - a chruthaigh dúshlán mór don cheardaí. Tá 88 píosa de ghallchnó a rinneadh de láimh i ngach cathaoir. Tá cúl ard agus cúlphainéal gallchnó burra ar na cathaoireacha agus tá siad cumhdaithe le leathar dubh craiceann ainmhí.
Úsáidtear an léachtán chun cur i láthair a dhéanamh don Chomh-Aireacht agus dhear Michael Bell Design é. Rinne Verena Meyer le Michael Bell Design an léachtán agus tá bailchríoch ghallchnó burra laicearaithe chuimilte na hÉireann air.
Dhear Michael Bell Design na taobh-chaibinéid agus rinne Fitzgerald Furniture i gCeanannas iad.
Dhear Eric Pearce ó Chorcaigh an tábla sa seomra seo. Tá sé déanta de Sheiceamar tuartha agus tá sé iontlaise le hIúr Oileán Fhóite. Tá dhá thaobhchlár chomhlántacha agus táblaí beaga ann atá déanta den adhmad céanna. Tá na hanlaí ar na taobh-aonaid déanta de Dhair Phortaigh. Tá an Babhla ar an tábla déanta de Dhair Phortaigh, chomh maith, agus rinne an Deartháir Kieran Forbes le Mainistir Glenstall é a chuasú agus a shnoí.
Tá cruth ubhchruthach ar an bpasáiste seo agus gabhann sé a fhad le cruinnteach beag nach bhfuil cruinneachán air taobh amuigh d’oifig an Taoisigh. Tugtar ‘Clann Lir’ ar an dealbhóireacht agus ba é Oisín Kelly a rinne é.
Tá painéil dara ar na ballaí in Oifig an Taoisigh ó chrainn ársa Chúil Aitinn, Contae Chill Mhantáin. Tugadh an Tinteán bunúil Bossi anonn ó sheanoifig an Taoisigh a bhí i sciathán thuaidh an fhoirgnimh. Rinne an t-ealaíontóir Sarah Cecilia Harrison (1863-1941) an phortráid de Mhícheál Ó Coileáin (1890-1922) a phéinteáil atá ar crochadh os cionn thinteán an Taoisigh. Is leis an nGailearaí Ealaíne Náisiúnta an phéintéireacht agus tá sé ar iasacht leis an Taoiseach dá théarma oifige. Tá an deasc déanta de dhair Éireannach, chomh maith.
An pasáiste a ghabhann a fhad leis an mBealach Isteach chuig Teach Laighean
Gabhann an pasáiste seo a fhad le pasáiste ciorclach agus Oifig an Taoisigh. Gabhann an doras ag an deireadh a fhad le Teach Laighean (Dáil Éireann), áit a bhfuil droichead coisithe a cheanglaíonn Tithe an Rialtais agus Teach Laighean.
Téann an pasáiste seo go dtí pasáiste ciorclach an Taoisigh agus chun a oifig. Má théann tú tríd an doras ag deireadh de, leanfaidh tú ar aghaidh go dtí Teach Laighean (Dáil Éireann), áit a bhfuil droichead coisithe mar bhealach isteach ar Oifigí an Rialtais.
Bhíodh an leabharlann sa seomra seo. Tá na painéil ar an mballa níos ísle agus na táblaí déanta d’fheá. Dearadh solúbtha iad na táblaí a rinne Oifig na nOibreacha Poiblí a cheadaíonn an troscán a athshocrú go bhfreastalóidh sé ar riachtanais na hócáide.
Tugadh painéil feá isteach ar na ballaí. Léirítear cruth an table, atá déanta d’fhuinseog, ar an tsíleáil. Rinneadh cruit phráis, siombail de Stát na hÉireann, a rinneadh a aithris ón gcruth ceart a d’eisigh Oifig an Phríomh-Bholscaire, a inleagan isteach i lár an tábla. Rinne Eric Pearse an saothar seo. Tá na taobh-aonaid agus an tábla déanta d’fhuinseog, freisin.
Tá an limistéar iomlán sreangaithe le Clog na Dála a chloisteáil. Buailtear an clog ar feadh seacht nóiméad lena ligean do na Teachtaí go léir an Dáil a bhaint amach mar gheall go ndúntar doirse an tseomra ina dhiaidh sin do bhaill den Pharlaimint (TDanna den Dáil) sula gcaitear vóta.