Cosaint Sonraí sa Roinn Coimirce Sóisialaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is Rialaitheoir Sonraí í an Roinn Coimirce Sóisialaí. Tá an roinn tiomanta do chearta agus do phríobháideacht daoine aonair a chosaint de réir reachtaíocht an Aontais Eorpaigh agus na hÉireann um chosaint sonraí. Ceanglaítear ar an Roinn sonraí pearsanta faoi fhostaithe, custaiméirí, soláthraithe agus daoine aonair eile a phróiseáil go dleathach agus go cothrom chun a misean agus a feidhmeanna a bhaint amach. Tháinig an Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí (GDPR) i bhfeidhm an 25 Bealtaine 2018. Tugann an Rialachán agus na hAchtanna um Chosaint Sonraí cearta do dhaoine aonair maidir le príobháideachas a sonraí pearsanta chomh maith le freagrachtaí ar na daoine sin a bhfuil sonraí den sórt sin á gcoimeád agus á bpróiseáil acu.
Is féidir leat rochtain ar do shonraí a iarraidh anseo.
De réir an GDPR tá Oifigeach Cosanta Sonraí (DPO) ceaptha ag an Roinn. Tacaíonn Aonad Cosanta Sonraí lán-acmhainní leis an DPO.
Leagann Ráiteas Príobháideachais na Roinne amach cad a dhéanaimid le do shonraí pearsanta agus is féidir féachaint air anseo.
Tugann Ráiteas Príobháideachais na Roinne sonraí teagmhála don Oifigeach Cosanta Sonraí (DPO).
Leagtar amach sa Bheartas Coinneála Sonraí na Roinne amach polasaí coinneála sonraí corparáideach do na sonraí go léir thar gach gné de ghnó na Roinne. Is féidir an Beartas Coinneála Sonraí a fheiceáil ina iomláine thíos.
Treoirlínte agus nósanna imeachta um Choinneáil Sonraí
Data Retention Policy - Guidelines and Procedures
This document sets out a corporate data retention policy for all data across all aspects of the Department’s business. As such it is a living document, subject to ongoing review and update.
Chun forbhreathnú a fheiceáil ar shocruithe comhroinnte sonraí na Roinne Coimirce Sóisialaí (RCS) le comhlachtaí eile cliceáil anseo le do thoil.
Data sharing arrangements with other bodies
For most day-to-day DSP operations and service delivery business, the department is the data controller and is responsible for all aspects of how information is used. But for some of the areas where DSP works together with other organisations, we share responsibility for how your personal data is used.
Glacann an roinn lena freagrachtaí maidir le cosaint sonraí go han-dáiríre. Déantar gach iarracht a chinntiú go n-úsáidtear sonraí pearsanta custaiméara chun críocha gnó agus sin amháin agus nach gcuirtear isteach orthu ar bhealach ar bith. Tá beartais, caighdeáin, nósanna imeachta agus treoirlínte um chosaint sonraí agus shlándáil faisnéise i bhfeidhm ag an Roinn a rialaíonn úsáid a gcóras ríomhaireachta agus sonraí custaiméirí.
Meabhraítear go rialta d’fhoireann uile na roinne a ndualgais um chosaint sonraí agus na hiarmhairtí a bhaineann le gan cloí le polasaithe. Mura gcomhlíontar aon cheanglas d’fhéadfadh gníomh araíonachta a bheith mar thoradh air faoi Chód Araíonachta na Státseirbhíse, agus d’fhéadfadh smachtbhanna a bheith ann suas go dtí dífhostú agus an dífhostú sin san áireamh. Ceanglaítear ar chomhaltaí foirne gealltanais bhliantúla a shíniú go bhfuil na beartais agus na treoirlínte um chosaint sonraí léite acu, agus go ngníomhóidh siad i gcomhréir leo.
Ina theannta sin, reáchtálann an roinn Seachtain Feasachta ar Chosaint Sonraí don fhoireann gach bliain. I measc na ngníomhaíochtaí tá nuachtlitir um chosaint sonraí a eisítear chuig gach ball foirne; cuir i láthair don fhoireann ar fud na tíre agus póstaeir sa cheanncheathrú agus oifigí áitiúla ag tarraingt aird ar an tábhacht a bhaineann le sonraí pearsanta custaiméirí a dhaingniú. Tá modúl oiliúna ríomhfhoghlama ar Chosaint Sonraí ag an Roinn don fhoireann ar fad agus tá Físeán Corparáideach nach mór do gach ball foirne a fheiceáil.
Má tá imní ort go bhfuil rochtain mhídhleathach ag oifigeach ar do chuid faisnéise pearsanta agus nó go bhféadfadh sé gur nochtadh do shonraí pearsanta go mídhleathach do thríú páirtí is féidir leat gearán foirmiúil i scríbhinn a dhéanamh chuig:
Déanfaidh an Roinn an cheist a fhiosrú agus cuirfear toradh an imscrúdaithe in iúl duit chomh luath agus is féidir.
Tugann Láithreán Gréasáin an Choimisiúin um Chosaint Sonraí míniú ar na cearta agus na freagrachtaí faoi na hAchtanna um Chosaint Sonraí ( www.dataprotection.ie) agus tá faisnéis ar fáil freisin ó:
Is féidir leat teagmháil a dhéanamh le hOifig an Choimisinéara Cosanta Sonraí trí ríomhphost ag info@dataprotection.ie nó ar an teileafón ag +353 578 684 800 nó +353 761 104 800
Athraíodh an ráiteas um Chosaint Sonraí seo san RCS i mí an Mhárta 2019 go deireanach.
Féadfaidh tú iarraidh ar rochtain ar shonraí pearsanta faoin Rialachán Ginearálta um Chosaint Sonraí 2018 anseo.