Próifílí Ard-Aighní roimhe seo
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D’fhóin Kennedy mar an chéad Ard-Aighne do Shaorstát Éireann ón 31 Eanáir 1922 go dtí an 05 Meitheamh 1924. Cuireadh oideachas air sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus i gCumann Onórach Óstaí an Rí. Sa bhliain 1922, cheap Rialtas Sealadach Shaorstát Éireann é ar an gcoiste ar leagadh de chúram air Bunreacht Shaorstát Éireann 1922 a dhréachtú. Chomh maith leis sin, ceapadh é ar choiste ar leagadh de chúram air córas cúirte nua a bhunú do Shaorstát Éireann. Sa bhliain 1923, toghadh é chuig Dáil Éireann mar TD de chuid Chumann na nGaedheal do dháilcheantar Chathair Bhaile Átha Cliath Theas ach d’éirigh sé as a shuíochán nuair a ceapadh é mar an chéad Phríomh-Bhreitheamh Shaorstát Éireann i mí an Mheithimh 1924.
D’fhóin O’Byrne mar Ard-Aighne ón 07 Meitheamh 1924 go dtí an 09 Eanáir 1926. Cuireadh oideachas air in Ollscoil Ríoga na hÉireann agus i gCumann Onórach Óstaí an Rí. Sa bhliain 1922, cheap Rialtas Sealadach Shaorstát Éireann é ar an gcoiste ar leagadh de chúram air Bunreacht Shaorstát Éireann 1922 a dhréachtú. Sa bhliain 1926, ceapadh é mar bhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte. Ina dhiaidh sin, ceapadh é mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí sa bhliain 1940.
D’fhóin Costello mar Ard-Aighne ón 09 Eanáir 1926 go dtí an 09 Márta 1932. Cuireadh oideachas air sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus i gCumann Onórach Óstaí an Rí. I ndiaidh a théarma mar Ard-Aighne, chuaigh Costello isteach sa pholaitíocht. Sa bhliain 1933, toghadh é mar TD de chuid Chumann na nGaedheal. I ndiaidh thoghchán na bliana 1948, toghadh Costello mar Thaoiseach ar an chéad Chomhrialtas de chuid Stát na hÉireann. Sa bhliain 1954, toghadh an athuair é mar Thaoiseach, agus d’fhóin sé sa phost sin go dtí 1957.
D’fhóin Maguire mar Ard-Aighne ón 10 Márta 1932 go dtí an 02 Samhain 1936. Cuireadh oideachas air sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Sa bhliain 1914, bhain sé cáilíocht amach mar aturnae agus bhí sé i mbun cleachtais i gContae Mhaigh Eo. Ina dhiaidh sin, d’fhreastail sé ar Chumann Onórach Óstaí an Rí agus glaodh chun an Bharra é sa bhliain 1922. Sa bhliain 1932, toghadh é chuig Dáil Éireann mar TD de chuid Fhianna Fáil do dháilcheantar Ollscoil na hÉireann. Ina dhiaidh sin, ceapadh é mar Uachtarán na hArd-Chúirte sa bhliain 1936. Sa bhliain 1946, ceapadh é sa Chúirt Uachtarach agus d’fhóin sé mar Phríomh-Bhreitheamh na hÉireann. Ina dhiaidh sin, d’fhóin sé mar bhreitheamh sa Chúirt Eorpach um Chearta an Duine ón mbliain 1965 go dtí 1971.
D’fhóin Geoghegan mar Ard-Aighne ón 02 Samhain 1936 go dtí an 22 Nollaig 1936. Sa bhliain 1907, bhain Geoghegan cáilíocht amach mar aturnae agus bhí sé i mbun cleachtais i gContae na hIarmhí agus i gContae Mhuineacháin go príomha. Ina dhiaidh sin, d’fhreastail sé ar Chumann Onórach Óstaí an Rí agus glaodh chun an Bharra é sa bhliain 1915. Sa bhliain 1930, toghadh é chuig Dáil Éireann mar TD de chuid Fhianna Fáil do Longfort-Iarmhí. Nuair a chuaigh Fianna Fáil isteach sa rialtas sa bhliain 1932, ceapadh é mar Aire Dlí agus Cirt. I mí Nollag na bliana 1936, ceapadh é ina bhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí.
D’fhóin Lynch mar Ard-Aighne ón 22 Nollaig 1936 go dtí an 01 Márta 1940. Cuireadh oideachas air in Ollscoil Ríoga na hÉireann agus i gCumann Onórach Óstaí an Rí. Sa bhliain 1934, toghadh é mar sheanadóir de chuid Fhianna Fáil chuig Seanad Éireann. Bhí sé ina Ard-Aighne ag an tráth a tionóladh an chéad chruinniú den Chomhairle Stáit, i mí Eanáir 1940, agus tráth na chéad Tagartha d’Airteagal 26 maidir le An Bille um Chiontaí in Aghaidh an Stáit (Leasú), 1940.
D’fhóin Haugh mar Ard-Aighne ón 02 Márta 1940 go dtí an 10 Deireadh Fómhair 1942. Cuireadh oideachas air sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus i gCumann Onórach Óstaí an Rí. Sa bhliain 1942, ceapadh Haugh mar bhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte. Ina dhiaidh sin, ceapadh mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí é san bhliain 1961.
D’fhóin Dixon mar Ard-Aighne ón 10 Deireadh Fómhair 1942 go dtí an 30 Aibreán 1946. Cuireadh oideachas air sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus i gCumann Onórach Óstaí an Rí. Sa bhliain 1946, ceapadh é mar bhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte.
D’fhóin Ó Dálaigh mar Ard-Aighne ón 30 Aibreán 1946 go dtí an 18 Feabhra 1948 agus arís eile ón 14 Meitheamh 1951 go dtí an 11 Iúil 1953. Cuireadh oideachas air sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus i gCumann Onórach Óstaí an Rí. Sa bhliain 1953, ceapadh é mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí agus d’éirigh sé ina Phríomh-Bhreitheamh sa bhliain 1961. Sa bhliain 1973, ceapadh é mar bhreitheamh i gCúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach. Ina dhiaidh sin, toghadh é mar Uachtarán na hÉireann sa bhliain 1974.
D’fhóin Lavery mar Ard-Aighne ón 19 Feabhra 1948 go dtí an 21 Aibreán 1950. Cuireadh oideachas air sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus i gCumann Onórach Óstaí an Rí. Sa bhliain 1935, toghadh é chuig Dáil Éireann mar TD de chuid Fhine Gael. Sa bhliain 1948, toghadh é mar sheanadóir chuig Seanad Éireann, áit ar fhóin sé i gcomhthráth lena ról mar Ard-Aighne. Sa bhliain 1950, ceapadh é mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí.
D’fhóin Casey mar Ard-Aighne ón 21 Aibreán 1950 go dtí an 12 Meitheamh 1951. Cuireadh oideachas air i gCumann Onórach Óstaí an Rí agus glaodh chun an Bharra é sa bhliain 1923. Le linn an Chéad Chogaidh Dhomhanda, d’fhóin sé sa 16ú Rannán (Éireannach) sa Fhrainc. Sa bhliain 1951, ceapadh é mar bhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte.
D’fhóin Teevan mar Ard-Aighne ón 11 Iúil 1953 go dtí an 30 Eanáir 1954. Cuireadh oideachas air sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus bhain sé cáilíocht amach mar aturnae sa bhliain 1925. Ina dhiaidh sin, d’fhreastail sé ar Chumann Onórach Óstaí an Rí agus glaodh chun an Bharra é sa bhliain 1936. Ceapadh é mar bhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte sa bhliain 1954.
D’fhóin Ó Caoimh mar Ard-Aighne ón 30 Eanáir 1954 go dtí an 02 Meitheamh 1954 agus arís eile ón 20 Márta 1957 go dtí an 15 Márta 1965. Cuireadh oideachas air sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus i gCumann Onórach Óstaí an Rí. Sa bhliain 1965, ceapadh é mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí. Ina dhiaidh sin, ceapadh mar Uachtarán na hArd-Chúirte é. Sa bhliain 1974, ceapadh é mar bhreitheamh de chuid Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa.
D’fhóin McGilligan mar Ard-Aighne ón 02 Meitheamh 1954 go dtí an 20 Márta 1957. Cuireadh oideachas air sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus i gCumann Onórach Óstaí an Rí. Sa bhliain 1923, toghadh é chuig Dáil Éireann mar TD de chuid Chumann na nGaedheal. Idir na blianta 1924 agus 1932, d’fhóin McGilligan mar Aire Tionscail agus Tráchtála. Chomh maith leis sin, d’fhóin sé mar Aire Gnóthaí Seachtracha ón mbliain 1927 go dtí 1932. Sa bhliain 1934, ceapadh é ina chathaoirleach ar dhlí Bunreachtúil, dlí Idirnáisiúnta, agus dlí agus nós imeachta Coiriúil i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. I ndiaidh olltoghchán na bliana 1948, ceapadh McGilligan mar Aire Airgeadais don chéad Chomhrialtas.
D’fhóin Condon mar Ard-Aighne ón 16 Márta 1965 go dtí an 14 Márta 1973. Cuireadh oideachas air sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus i gCumann Onórach Óstaí an Rí. Glaodh chun an Bharra é sa bhliain 1944 agus d’éirigh sé ina abhcóide sinsir sa bhliain 1959.
D’fhóin Costello mar Ard-Aighne ón 15 Márta 1973 go dtí an 19 Bealtaine 1977. Cuireadh oideachas air sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus i gCumann Onórach Óstaí an Rí. Sa bhliain 1951, toghadh é chuig Dáil Éireann mar TD de chuid Fhine Gael. Toghadh an athuair é mar TD de chuid Fhine Gael i dtoghchán na bliana 1973. Sa bhliain 1977, ceapadh é mar bhreitheamh de chuid na hArd-Chúirte. Ina dhiaidh sin, ceapadh é mar Uachtarán na hArd-Chúirte sa bhliain 1995.
D’fhóin Kelly mar Ard-Aighne ón 20 Bealtaine 1977 go dtí an 5 Iúil 1977. Cuireadh oideachas air sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i gCumann Onórach Óstaí an Rí, in Ollscoil Heidelberg agus in Ollscoil Oxford. Sa bhliain 1967, d’éirigh sé ina Dhéan an Dlí i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath. Toghadh é chuig Seanad Éireann sa bhliain 1969 agus chuig Dáil Éireann sa bhliain 1973 mar TD de chuid Fhine Gael. Sa bhliain 1980, d’fhoilsigh sé an príomh-théacsleabhar maidir le dlí bunreachtúil na hÉireann, The Irish Constitution. I ndiaidh olltoghchán na bliana 1981, ceapadh é mar Aire Trádála, Tráchtála agus Turasóireachta.
D’fhóin Hederman mar Ard-Aighne ón 06 Iúil 1977 go dtí an 29 Meitheamh 1981. Cuireadh oideachas air sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus i gCumann Onórach Óstaí an Rí. Sa bhliain 1981, ceapadh é mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí.
D’fhóin Sutherland mar Ard-Aighne ón 30 Meitheamh 1981 go dtí an 09 Márta 1982 agus arís eile ón 15 Nollaig 1982 go dtí an 12 Nollaig 1984. Cuireadh oideachas air sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus i gCumann Onórach Óstaí an Rí. Chomh maith leis sin, glacadh leis chuig Barra Sasanach (an Teampall Láir) agus i mBarra Nua Eabhrac é. Ón mbliain 1985 go dtí 1989, d’fhóin sé mar Choimisinéir na gComhphobal Eorpach. Sa bhliain 1993, d’éirigh sé ina ardstiúrthóir den Eagraíocht Dhomhanda Trádála.
D’fhóin Connolly mar Ard-Aighne ón 10 Márta 1982 go dtí an 16 Lúnasa 1982. Cuireadh oideachas air sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus i gCumann Onórach Óstaí an Rí. Glaodh chun an Bharra é sa bhliain 1949 agus d’éirigh sé ina abhcóide sinsir sa bhliain 1971.
D’fhóin Rogers mar Ard-Aighne ón 13 Nollaig 1984 go dtí an 10 Márta 1987. D’fhreastail sé ar Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath agus ar Chumann Onórach Óstaí an Rí. Glaodh chun an Bharra é sa bhliain 1973 agus ceapadh é ina abhcóide sinsir sa bhliain 1984.
D’fhóin Murray mar Ard-Aighne ón 17 Lúnasa 1982 go dtí an 14 Nollaig 1982 agus arís eile ón 11 Marta 1987 go dtí an 25 Meán Fómhair 1991. D’fhreastail sé ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ar Chumann Onórach Óstaí an Rí. Sa bhliain 1991, ceapadh é mar bhreitheamh de chuid Chúirt Bhreithiúnais na hEorpa. Ina dhiaidh sin, ceapadh é mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí sa bhliain 1999 agus mar Phríomh-Bhreitheamh sa bhliain 2004.
D’fhóin Whelehan mar Ard-Aighne ón 26 Meán Fómhair 1991 go dtí an 11 Samhain 1994. D’fhreastail sé ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ar Chumann Onórach Óstaí an Rí. Sa bhliain 1994, ceapadh é mar Uachtarán na hArd-Chúirt.
D’fhóin Fitzsimons mar Ard-Aighne ón 11 Samhain 1994 go dtí an 15 Nollaig 1994. Cuireadh oideachas air i gCumann Onórach Óstaí an Rí.
D’fhóin Gleeson mar Ard-Aighne ón 15 Nollaig 1994 go dtí an 26 Meitheamh 1997. Cuireadh oideachas air sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus i gCumann Onórach Óstaí an Rí. Glaodh é chun an Bharra sa bhliain 1970 agus ceapadh é ina abhcóide sinsir sa bhliain 1979.
D’fhóin Byrne mar Ard-Aighne ón 26 Meitheamh 1997 go dtí an 17 Iúil 1999. D’fhreastail sé ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ar Chumann Onórach Óstaí an Rí. Duine de bhunaitheoirí an Ionaid Comhairle Dlí Saor in Aisce (ICDS) ab ea é. Sa bhliain 1999, ceapadh é mar Choimisinéir den Aontas Eorpach.
D’fhóin McDowell mar Ard-Aighne ón 17 Iúil 1999 go dtí an 06 Meitheamh 2002. D’fhreastail sé ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ar Chumann Onórach Óstaí an Rí. Toghadh é chuig Dáil Éireann mar TD de chuid an Pháirtí Dhaonlathaigh sa bhliain 1987, 1992 agus 2002. D’fhóin sé mar Aire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí ón mbliain 2002 go dtí an bhliain 2007, agus mar Thánaiste ón mbliain 2006 go dtí an bhliain 2007. Sa bhliain 2016, toghadh é chuig Seanad Éireann mar chomhalta Neamhspleách ar phainéal NUI.
D’fhóin Brady mar Ard-Aighne ón 07 Meitheamh 2002 go dtí an 14 Meitheamh 2007. D’fhreastail sé ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus ar Chumann Onórach Óstaí an Rí. Glaodh é chun an Bharra sa bhliain 1979 agus ceapadh é ina abhcóide sinsir sa bhliain 1996.
D’fhóin Gallagher mar Ard-Aighne ón 14 Iúil 2007 go dtí an 09 Márta 2011 agus arís eile ón 27 Meitheamh 2020 go dtí an 17 Nollaig 2022. D’fhreastail sé ar an gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, ar Chumann Onórach Óstaí an Rí, agus ar Ollscoil Cambridge.
D’fhóin Whelan mar Ard-Aighne ón 09 Márta 2011 go dtí an 14 Meitheamh 2017. Ba ise an chéad bhean a ceapadh sa phost. D’fhreastail sí ar Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, Ollscoil Londan agus ar Chumann Onórach Óstaí an Rí. Sa bhliain 2017, ceapadh í mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Achomhairc.
D’fhóin Woulfe mar Ard-Aighne ón 14 Meitheamh 2017 go dtí an 27 Meitheamh 2020. Cuireadh oideachas air i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Ollscoil Dalhousie, Albain Nua agus i gCumann Onórach Óstaí an Rí. Sa bhliain 2020, ceapadh é mar bhreitheamh de chuid na Cúirte Uachtaraí.