An tAonad um Oideachas Gaeltachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an tAonad um Oideachas Gaeltachta freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar agus tacaíocht a thabhairt do chur i bhfeidhm an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 Is í príomhaidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 ná tacú le húsáid na Gaeilge i bpobail Ghaeltachta agus í a chothú trí sholáthar oideachais trí mheán na Gaeilge a neartú i limistéir phleanála teanga Ghaeltachta. Ó cuireadh tús le feidhmiú an Pholasaí in 2017, tá roinnt tionscadal curtha i bhfeidhm chun tacú le soláthar oideachais ar ardcháilíocht trí mheán na Gaeilge i scoileanna Gaeltachta. Ina measc seo tá na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta a chuireann acmhainní spriocdhírithe breise ar fáil do scoileanna atá lonnaithe i limistéir phleanála teanga Ghaeltachta chun tacú leo feabhas a chur ar an soláthar oideachais trí mheán na Gaeilge.
Agus an Polasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022 á chur i bhfeidhm, tá an tAonad um Oideachas Gaeltachta ag obair go dlúth leis na rannóga ábhartha laistigh den Roinn Oideachais agus le gníomhaireachtaí agus eagraíochtaí ábhartha eile, go háirithe An Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG). Tá tacaíocht ar fáil go leanúnach don Aonad um Oideachas Gaeltachta ó Chigireacht na Roinne Oideachais a thugann comhairle do scoileanna atá lonnaithe i limistéir phleanála teanga Ghaeltachta chun feidhmiú na na Scéime Aitheantais Scoileanna Gaeltachta a chur chun cinn. Tá comhoibriú leis an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán agus a gníomhaireachtaí, mar aon le ranna rialtais eile ríthábhachtach do chur i bhfeidhm rathúil an Pholasaí agus na Scéime.
Cuireann an Coiste Comhairleach um Polasaí don Oideachas Gaeltachta, , faoi chathaoirleacht na Roinne Oideachais, comhairle ar fáil go leanúnach freisin don Aonad um Oideachas Gaeltachta ar ghnéithe de chur i bhfeidhm an Pholasaí don Oideachas Gaeltachta 2017-2022.
An tAonad um Oideachas Gaeltachta: