Cuireann scoileanna speisialta oideachas ar fáil do leanaí agus do dhaoine óga idir 4 agus 18 mbliana d'aois, fostaíonn siad múinteoirí bunscoile agus múinteoirí iar-bhunscoile agus tacaíonn siad le daltaí trí chláir bhunscoile agus iar-bhunscoile a chur ar fáil. Bíonn idir dhaltaí bunscoile agus iar-bhunscoile cláraithe i bhformhór na scoileanna speisialta.
Cuireann An Chomhairle Náisiúnta um Oideachas Speisialta (CNOS) acmhainní ar fáil do na scoileanna speisialta bunaithe ar athbhreithniú bliantúil ar líon na ndaltaí atá ar an rolla agus ar phróifíl na leanaí agus na ndaoine óga atá cláraithe iontu. Is féidir eolas faoin tacaíocht a thugann an CNOS do na scoileanna speisialta a fháil ar shuíomh gréasáin an CNOS anseo. .
Tá creat pholasaí na hÉireann i leith an oideachais do dhaltaí a bhfuil riachtanais speisialta oideachais acu bunaithe ar chontanam soláthair oideachais. Cuimsíonn an contanam ranganna príomhshrutha, ranganna speisialta agus scoileanna speisialta. Go hiondúil, bunaítear cinntí a bhaineann le socrúcháin do na daltaí ar na hacmhainní atá ar fáil sna suíomhanna seo, agus ar cé chomh casta agus atá riachtanais an dalta.
I dtús ama bunaíodh na scoileanna speisialta, a bhíonn ag freastal ar pháistí a bhfuil riachtanais chasta acu, faoi shonrú ar leith maidir le riachtanais an dalta, ach tá roinnt scoileanna tar éis éagsúlú a dhéanamh agus tá siad anois ag freagairt do réimse níos leithne de riachtanais i measc na ndaltaí, laistigh dá scoilcheantair féin.
Is é an tosaíocht atá ag na scoileanna speisialta ná a chinntiú go gcuirfear socrúcháin atá leordhóthanach agus cuí ar fáil do na daltaí a bhfuil na riachtanais is casta acu agus a dteastaíonn an leibhéal tacaíochta is airde uathu.
Is é an ról atá ag an Roinn ná polasaí a fhorbairt do na scoileanna speisialta agus treoir a chur ar fáil dóibh seo a leanas:
Tá 130 scoil ar fud na tíre faoi láthair a thagann faoin rangú leathan 'scoileanna speisialta':
I measc an 120 scoil speisialta tá an 2 scoil speisialta nua a fógraíodh don scoilbhliain reatha (2023/24) - scoil nua amháin i gCarraig Thuathail, in Oirthear Chorcaí faoi phátrúnacht BOO Chorcaí agus an dara ceann i nGráinseach Ghormáin, Baile Átha Cliath 7 faoi phátrúnacht BOO Chathair Bhaile Átha Cliath.
Is féidir teacht ar na sonraí teagmhála agus eolas faoi shuíomh na scoileanna speisialta ar l éarscáil eolais faoi scoileanna an CNOS. Áirítear leis seo na sonraí teagmhála do na hOifigigh Riachtanais Oideachais Speisialta (OROSanna) atá i limistéar na scoile.