Deontais agus Maoiniú
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tar éis don Aire Catherine Martin, T.D, é a fhógairt, tá “Scéim Cúnta maidir le Taibhléiriú Beo" seolta chun cuidiú le tionscnóirí agus léiritheoirí tráchtála ealaíontóirí, ceoltóirí, oirfidigh, teicneoirí agus daoine eile den fhoireann cúnta a fhostú maidir le taibhréimeanna beo a bhféadfadh gá ina dhiaidh sin lena gciorrú, lena gcur ar ceal nó lena gcur ar atráth mar gheall ar Covid-19. Is í an phríomhchuspóir atá leis an “Scéim Cúnta maidir le Taibhléiriú Beo” cúnamh a thabhairt d'ionaid tráchtála, do léiritheoirí agus do thionscnóirí fostaíocht a chur ar fáil do dhaoine a oibríonn i dtionscail na cruthaitheachta an tráth céanna a léirítear taibhréimeanna beo ar ardchaighdeán don phobal.
Tá sé rídheacair faoi láthair ag tionscnóirí tionscadail an scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm an tráth céanna a mbeadh taibhléiriú beo á chur ar siúl ar bhonn tráchtála. Tá lucht na hearnála ag obair go forbheartach ar bhearta a chur i bhfeidhm a d'fhágfadh go bhféadfaí imeachtaí a chur ar siúl a luaithe a bheadh sin sábháilte, praiticiúil agus indéanta ó thaobh cúrsaí tráchtála agus eile; tá d'aidhm leis an scéim seo cúnamh a thabhairt d'earnáil na dtaibhréimeanna beo sin a thabhairt i gcrích.
I ndiaidh an fhógra ón Aire Catherine Martin, T.D, soláthrófar raon beart um maoiniú caipitil chun cuidiú le hathoscailt amharclann, ionad ealaíon agus cultúir faoi Shruth D den Scéim Caipitil Cultúir 2019-2022 mar chuid de Thionscadal Éire 2040 –Infheistíocht a Dhéanamh inár gCultúr, inár dTeanga agus inár nOidhreacht. Ceapadh na bearta sin chun tacú le saoráidí ealaíon agus cultúir maidir le hullmhú do bhaill foirne, ealaíontóirí agus lucht féachana/éisteachta chun filleadh ar ionaid ar aon dul le Treochlár an Rialtais agus an Prótacal ‘An tSochaí a Athoscailt’ agus an Prótacal Sábháilteachta um Filleadh ar an Obair. Tá ardleibhéal solúbthachta i gceist a chuirfear le próisis chinnteoireachta thráthúla lena mbeidh eagraíochtaí ábalta oiriúnuithe caipitiúla is gá ar a bhfoirgnimh a dhéanamh láithreach ionas gur féidir leo cloí le bearta cosanta um shláinte phoiblí maidir le COVID-19 an FSS.
Is féidir le heagraíochtaí ag a bhfuil deontais caipitil iarratas a dhéanamh láithreach ar ríomhphost chuig artscapitalunit@chg.gov.ie maidir le hathearraíocht a bhaint as cuid den deontas nó an deontas ar fad i gcomhair oibreacha agus trealamh atá riachtanach le hathoscailt. Is féidir le heagraíochtaí iarratas a dhéanamh chun athearraíocht a bhaint as suas le €10,000 dá ndeontas ar féidir é a úsáid chun costais incháilithe a íoc ag ráta maoinithe 90% nó suas le €5,000 nach mbeidh cistiú meaitseála ag teastáil ina leith. Tabharfar an maoiniú athearraíochta a theastaigh don bhunchuspóir maidir leis an deontas ar ais nuair a bheidh sé de dhíth níos déanaí.
Beidh eagraíochtaí nach bhfuil deontas caipitil acu ábalta iarratas a dhéanamh ar mhaoiniú ón Máirt an 14 Iúil 2020 faoi Shruth D den Scéim Caipitil Cultúir le coinníollacha mar a leanas: