Doiciméid maidir le Beartas Eachtrach na hÉireann
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Féachtar leis an tionscadal Doiciméid maidir le Beartas Eachtrach na hÉireann ar chartlann na Roinne Gnóthaí Eachtrach chun léargas suimiúil a thabhairt duit mar a d’fhorbair ár mbeartas eachtrach ó 1919.
Táimid ag obair le Acadamh Ríoga na hÉireann agus le Cartlann Náisiúnta na hÉireann ó 1997 chun an tionscadal Doiciméid maidir le Beartas Eachtrach na hÉireann a thabhairt duit, sraith fíorshuimiúil d’fhoilseacháin bunábhair ónar gcartlann.
Is ábhar léitheoireachta riachtanach iad na foilseacháin sin d’aon duine a bhfuil suim acu i Nua-Stair na hÉireann agus is féidir an t-ábhar sin a íoschóipéil saor in aisce nó cóip chrua a cheannach ar líne.
Ór na Naitsithe, coirpigh cogaidh ar a dteitheadh, bagairt ó chogadh núicléach agus Cumannachas ag dul ó neart go neart. Léigh mar a chuaigh taidhleoirí na hÉireann i ngleic leo sin agus le dúshláin eile i ndiaidh an Dara Cogadh Domhanda in Imleabhar 8 de Dhoiciméid ar Bheartas Eachtrach na hÉireann (1945-1948).
Féadfaidh tú roinnt imleabhar a íoschóipeáil saor in aisce nó leaganacha crua a cheannach ar líne.
Cé gur ceapadh roimhe seo gur beag a tharla sa tréimhse seo agus go raibh Éire aonraithe tríd is tríd, go deimhin, facthas Éire sna blianta i ndiaidh an chogaidh ag dul i ngleic le raon leathan eagraíochtaí iltaobhach, osclaíodh Ambasáidí agus Consalachtaí nua agus feabhsaíodh caidreamh na tíre seo le stáit eile, go háirithe na Stáit Aontaithe agus an Bhreatain, caidrimh a raibh damáiste déanta ag an Dara Cogadh Domhanda dóibh.
Tá cnuasach nua de dhoiciméid maidir le beartas eachtrach na hÉireann ó 1923 go dtí 1932 ar fáil saor in aisce ar líne. Seo a leanas roinnt den ábhar atá clúdaithe:
Féach ar an láithreán gréasáin Doiciméid maidir le Beartas Eachtrach na hÉireann chun tuilleadh eolais a fháil faoin tionscadal.