Scéim Foilseachán um Shaoráil Faisnéise
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is comhlacht poiblí í Oifig an Ard-Aighne (Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit san áireamh) chun críche an Achta um Shaoráil Faisnéise 2014. Is ceart a rá áfach gur faoi Alt 42 den Acht, nach gclúdaítear faoin Acht taifid arna gcruthú ná arna gcoinneáil ag an Ard-Aighne, ach amháin taifid a bhaineann le riarachán ginearálta na hOifige.
Is é is ciall le seo nach bhfuil sé de cheart ag an bpobal teacht ar aon taifid eile ach amháin na taifid a bhaineann le riarachán ginearálta na hOifige.
Ullmhaítear an Scéim Fhoilseacháin seo a leanas faoi Alt 8 den Acht um Shaoráil Faisnéise (FOI) 2014. Tháinig an Scéim i gcrích 14 Aibreán 2016. Is é is cuspóir léi soláthar faisnéise a éascú a oiread agus is féidir, gan faisnéis a díolmhaíodh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise a chur san áireamh.
Is ar an nGréasán atá an Scéim bunaithe agus tá naisc inti go hábhar tagartha atá ar fáil ar ár suíomh Gréasáin, ábhar a ndéanfar é a leasú chun dáta mar a fhoráiltear faoin Acht. Cuirfear cóip chrua ar fáil ar chúiseanna amhairc ach coinne a dhéanamh.
Sainmhínítear ról an Ard-Aighne in Airteagal 30 den Bhunreacht mar "is é is comhairleach don Rialtas i gcúrsaí dlí agus i dtuairimí dlí". Is féidir teacht ar fheidhmeanna, ar chumhachtaí agus ar dhualgais an Ard-Aighne sa Bhunreacht, sa reachtaíocht ( Alt 6 den Acht um Airí agus Rúnaithe 1924 go príomha), i dtionól bunreachtúil agus i gcinntí breithiúnacha a tugadh roimh bhunú an Stáit agus ina dhiaidh sin freisin.
Tá réimse leathan feidhmeanna ag an Ard-Aighne agus seo iad:
Is iad seo a leanas an réimse taifead atá i seilbh na hoifige gur féidir iad a scaoileadh, i.e. baineann na catagóirí leathana seo le cúrsaí riarachán ginearálta:
De ghnáth, ní bhíonn sé de chúram ar na hOifigí cinntí a dhéanamh maidir le beartas ach cuirtear comhairle maidir le beartas dlíthiúil agus le bainisteoireacht saincheisteanna dlíthiúla ar Ranna agus ar Oifigí an Rialtais. Ní bhaineann an comhairle seo más é forálacha an Acht um Shaoráil Faisnéise 2014 faoi Alt 42(f) atá i gceist.
Is é Ráiteas Straitéise na hOifige a thugann an treoir don Oifig.
Tá Tuarascálacha Bliantúla na hOifige ar fáil ar an suíomh Gréasáin.
In Oifig an Ard-Aighne, áirítear Oifig Chomhairle Pharlaiminteach an Rialtais agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit. Tá trí eilimint faoi scáth Oifig an Ard-Aighne:
Tabhair do d'aire go bpléitear leis na trí oifig mar eagraíocht amháin chun críche an Acht um Shaoráil Faisnéise.
Tá an Oifig tiomanta do struchtúir, próisis agus córais dea-chleachtais a thugann tacaíocht do chur i bhfeidhm rathúil na ndualgas ar bhonn eiticiúil, cuntasach, trédhearcach agus éifeachtach. Is féidir teacht ar shonraí socruithe rialachais na hOifige ina Chreatdoiciméad Rialachais Chorparáidigh ina leagtar amach na córais, na prionsabail agus na próisis faoina stiúrtar agus a rialaítear an Oifig.
Is státseirbhísigh atá fostaithe ar bhonn buan nó ar bhonn conartha iad foireann na nOifigí. Uaireanta, earcaítear foireann go háitiúil ach de ghnáth, is í an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí (PAS) a reáchtálann comórtais earcaíochta speisialtóirí ar son na nOifigí.
Déanann na hOifigí foireann a earcú ó chomórtais ghinearálta le haghaidh na Státseirbhíse arna reáchtáil ag PAS.
Nuair a dhéantar an earcaíocht go háitiúil, fógraítear na folúntais ar shuíomh Gréasáin na hOifige chuí.
Íoctar baill uile foirne ar ghnáthscálaí pá na Státseirbhíse atá ar fáil anseo
Oifig an Ard-Aighne
Tithe an Rialtais
Sráid Mhuirfean Uachtarach
Baile Átha Cliath D02 R583.
Guthán: 01-6314000
Ríomhphost: eolas@ag.irlgov.ie
Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit
Teach Osmond,
Sráid na gCaorach Bheag,
Baile Átha Cliath D08 V8C5.
Guthán: 01- 4176100
Ríomhphost: eolas@csso.gov.ie
Preas-Oifig an Rialtais - ríomhphost: press.office@taoiseach.gov.ie
Is státseirbhísigh de chuid Státseirbhís na hÉireann iad foireann na hOifige agus mar sin, tá siad faoi cheangal ag Cód Caighdeán agus Iompraíochta na Státseirbhíse.
Soláthraíonn an Oifig seirbhís dlí do Ranna agus do Oifigí an Rialtais. Áirítear sa tseirbhís seo réimse iomlán seirbhísí dlíthíochta, idirbheartaíochta agus comhairleacha chomh maith le seirbhís dréachtaithe reachtaíochta don Rialtas. Ní chuireann an Oifig seirbhísí ar bith ar fáil don phobal.
Maoinítear an Oifig ag vótaí ón státchiste ar a ndéantar leithroinnt mar seo: Oifig an Ard-Aighne (Vóta 3) agus Oifig an Phríomh-Aturnae Stáit (Vóta 6).
Ullmhaíonn na hOifigí seo Cuntais Bhliantúla Leithghabhála ar a ndéanann an tArd-Reachtaire Cuntas agus Ciste iniúchadh. Tá na cuntais is déanaí a ndearnadh iniúchadh orthu ar fáil anseo.
Nuair is féidir, baineann an Oifig úsáid as creataí agus conarthaí lárnacha arna chur ar bun ag an Oifig um Sholáthar Rialtais. Cloíonn an Oifig le hoibleagáidí náisiúnta agus le hoibleagáidí an Aontais Eorpaigh i gcás seirbhísí nach gclúdaítear faoi láthair i socruithe Oifig um Sholáthar Rialtais.
Foilsítear eolas ar orduithe ceannaigh €20,000 nó níos mó ar ár suíomhanna Gréasáin:
Is é is cuspóir leis an Acht um Shaoráil Faisnéise rochtain a cheadú ar fhaisnéis phoiblí nach bhfuil ar fáil go ginearálta don phobal ar aon slí eile, de réir díolúintí, nósanna imeachta agus teorannacha ama ar leith. Is féidir teacht ar an bhfaisnéis seo a leanas faoi ghníomhaíochtaí agus faoi fheidhmeanna na hOifige gan leas a bhaint as an Acht um Shaoráil Faisnéise.
Faoin Acht um Shaoráil Faisnéise, tá teideal ag duine ar bith rochtain a fháil ar fhaisnéis nach bhfuil fáil phoiblí uirthi ar aon slí eile. Ba chóir gach iarratas a bheith i scríbhinn agus é sonraithe air go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh faoin Acht um Shaoráil Faisnéise. Ba chóir freisin leagan inmhianaithe na dtaifead a lua san iarratas, e.g. fótachóipeanna/diosca. Moltar d'iarratasóirí an méid is mó sonraí agus is féidir a thabhairt chun cabhrú agus na taifid áirithe á n-aimsiú. Más féidir, ba cheart uimhir teagmhála ar féidir glaoigh uirthi le linn uaireanta oifige a chur ar fáil chun críche soiléiriú a lorg ar shonraí iarratais ar Shaoráil Faisnéise. Cabhróidh foireann na hOifige chun iarratas ar Saoráil Faisnéise a chur le chéile, más gá.
Ba chóir iarratais ar athbhreithniú inmheánach ar chinntí na hOifige seo a dhéanamh i scríbhinn don seoladh seo:
An tOifigeach Idirchaidrimh um Shaoráil Faisnéise
Oifig an Ard-Aighne
Tithe an Rialtais
Sráid Mhuirfean Uachtarach
Baile Átha Cliath D02 R583.
Guthán: 01-6314000
Ríomhphost: FOIRequest@ag.irlgov.ie
Tugann an Oifig admháil ar iarratas faoin Acht um Shaoráil Faisnéise laistigh de choicís. Eisítear cinntí ar iarratais laistigh de cheithre seachtaine.
Déanann an tAcht um Shaoráil Faisnéise foráil ar an gceart athbhreithniú inmheánach a fháil ar chinntí comhlachtaí poiblí. Is féidir athbhreithniú inmheánach a iarraidh áit a ndiúltaítear nó a leathdheonaítear iarratas ar Shaoráil Faisnéise, nó áit a gcuirtear siar an rochtain nó a ndéantar cineál na rochtana a dhíospóid.
Meastar go mbíonn diúltú i gceist ar iarratas ar Shaoráil Faisnéise mura n-eisítear cinneadh laistigh de cheithre seachtaine i ndiaidh fháil an iarratais chéanna.
Ba chóir iarratais ar athbhreithniú inmheánach ar chinntí na hOifige seo a dhéanamh i scríbhinn don seoladh seo:
An tOifigeach Idirchaidrimh um Shaoráil Faisnéise
Oifig an Ard-Aighne
Tithe an Rialtais
Sráid Mhuirfean Uachtarach
Baile Átha Cliath D02 R583.
Guthán: 01-6314000
Ríomhphost: FOIRequest@ag.irlgov.ie
Déanfaidh an tOifigeach Idirchaidrimh cinnte gur oifigeach ag leibhéal níos airde ná an t-oifigeach a ndearna an cinneadh sa chéad áit a dhéanfaidh an t-athbhreithniú. Ba cheart iarratas den chineál seo a dhéanamh laistigh de cheithre seachtaine ó dháta an bhunchinnte. Caithfear go n-eiseofar an cinneadh ar athbhreithniú inmheánach laistigh de thrí seachtaine ón am a fhaightear é.
Má tá aon duine míshásta faoi thoradh ar athbhreithniú inmheánach, d'fhéadfaí achomharc a dhéanamh ar Oifig an Choimisinéara Faisnéise.
Oifig an Choimisinéara Faisnéisee
6 Ardán Phort an Iarla
Baile Átha Cliath D02W773
Guthán: +353-1-639 5689
Ríomhphost: info@oic.ie
Ní bhíonn aon táille i gceist le hiarratais ar thaifid a dhéantar faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnáise. Baineann táille €30 le hathbhreithniú inmheánach ar chinneadh ach amháin mís sealbhóir cárta leighis ní cleithiúnaí sealbhora cárta leighis í an t-iarratasóir. I gcásanna den sórt sin, baineann táille €10 le hathbhreithniú inmheánach ar chinneadh.