OGP – An Obair a dhéanaimid
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is é atá i soláthar an próiseas a úsáideann an Stát agus earraí, seirbhísí nó oibreacha á gceannach aige.
(Ciallaíonn oibreacha rudaí cosúil le scoileanna agus ospidéil a thógáil.)
Ar an tsraith céimeanna nach mór a leanúint áirítear:
• taighde margaidh
• tairiscintí iomaíocha
• próiseas roghnúcháin.
Cinntíonn an dlí soláthar poiblí:
• cothroime
• trédhearcacht
• ionracas
• luach ar airgead
• comhlíontacht
Trí athchóiriú soláthair leanúnach, tugtar tairbhí glasa agus sóisialta don tsochaí. Gnóthaíonn sé luach níos fearr ar airgead don Stát freisin.
Cuid lárnach d'athchóiriú na seirbhíse poiblí is ea luach níos fearr ar airgead a bhaint amach trí sholáthar poiblí.
Tá ról lárnach ag an Oifig um Sholáthar Rialtais (OGP) i gcuidiú a thabhairt don Stát luach ar airgead a bhaint amach agus earraí agus seirbhísí á gceannach. Oibrímid mar oifig Rannáin de chuid na Roinne Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe (RCPA). Tá 250 ball foirne againn i gcúig láthair ar fud na tíre, Baile Átha Cliath, Luimneach, Corcaigh, Sligeach agus an Mhí.
Táimid freagrach as táirgí agus seirbhísí coitianta a aimsiú don tseirbhís phoiblí, ó phinn agus páipéar go héide agus ríomhairí glúine an Gharda Síochána. Tá réimse leathan comhaontuithe tráchtála ar fáil ónár bhfoirne foinsithe chun cabhrú le cliaint gach a dteastaíonn uathu a cheannach nuair a theastaíonn sé uathu. Sábhálann sé sin am agus airgead dóibh.
Tacaíonn an OGP freisin le tionscadail chasta aonuaire cosúil le feidhmiú céimneach sheirbhís nua na bpasanna. Maidir leis an tseirbhís seo, bhí ról lárnach againn maidir le dul i ngleic leis an riaráiste do phasanna trí chabhrú le córas nua eisiúna agus próiseála pas a sholáthar.
Cuimsíonn ár sainchúram réimse gníomhaíochtaí eile a chabhraíonn le claochlú soláthair, i réimsí amhail beartas agus oiliúint. Soláthraímid oiliúint shonrach trínár nAcadamh Scileanna Tráchtála. Cuirimid seirbhísí comhairleacha ar fáil do chliaint agus do sholáthraithe freisin.
Forbraíonn agus bainistíonn an OGP beartas agus nósanna imeachta soláthair as a dtagann cleachtais soláthair níos fearr. Forbraímid beartas a bhíonn straitéiseach glas agus freagrach ar bhonn sóisialta, mar aon le beartas forásach tógála.
Tá ár bhfoirne Sármhaitheasa Oibriúcháin agus Seachadta Seirbhíse dírithe ar an digiteáil chun an próiseas soláthair a dhéanamh níos inrochtana agus níos éasca a thuiscint.
Tá Ráiteas Straitéise an OGP ar fáil anseo.
Tugtar Comhlachtaí Lárnacha Ceannaigh (CLCnna) ar an OGP agus ar ár gcomhpháirtithe foinsithe earnála. Foinsíonn na CLCnna thar ceann na hearnála poiblí na hearraí agus na seirbhísí a bhíonn ag teastáil. Clúdaíonn ár gcomhpháirtithe earnála réimsí amhail Sláinte, Oideachas, Rialtas Áitiúil agus Cosaint.
Foinsíonn na CLCnna earraí agus seirbhísí ó 16 chatagóir. Clúdaíonn ocht gcinn de na catagóirí sin earraí agus seirbhísí atá coitianta ar fud na seirbhíse poiblí, cosúil le:
• fuinneamh
• sainchomhairleacht
• saineolas dlí.
Cuireann an OGP conarthaí agus creat-chomhaontuithe i bhfeidhm ionas gur féidir le comhlachtaí poiblí na catagóirí coiteanna earraí agus seirbhísí seo a cheannach.
Baineann na hocht gcatagóir eile earraí agus seirbhísí den chuid is mó le hearnáil ar leith. Is iad na heagraíochtaí foinsithe earnála ábhartha a fhoinsíonn na catagóirí sin. Mar shampla, is í an eagraíocht foinsithe sláinte a gheobhaidh seirbhísí gairmiúla leighis thar ceann na seirbhíse poiblí.
Úsáideann na CLCnna iomaíocht i measc soláthraithe chun cáilíocht agus luach a mhéadú. Caitheann comhlachtaí poiblí thart ar €18.5 billiún in aghaidh na bliana ar earraí, seirbhísí agus oibreacha. Léiríonn ár n-anailís go gcaitear 92 faoin gcéad de sin ar ghnólachtaí in Éirinn. Déantar níos mó ná leath an ghnó go díreach le gnólachtaí bheaga agus mheánmhéide (GBManna). Tá an soláthar poiblí ina rud an-tábhachtach do ghnólachtaí beaga áitiúla. Ní mór dúinn GBManna a spreagadh agus a rannpháirtíocht sa soláthar poiblí a mhéadú.
Coinneoidh an clár athchóirithe leanúnach air a chur deiseanna ar fáil d'earnáil na GBManna chun gnó a mhealladh ar bhealach cóir, trédhearcach agus inrochtana. Leanfaidh RCPA de bheith ag obair le GBManna agus cuideoidh sé leo teacht ar dheiseanna soláthar poiblí. Díreoimid ar fhiontair an-bheag freisin. Cabhróidh sé sin leis an ngeilleagar a fhás agus le hiomaíocht a sholáthar laistigh den mhargadh.
Molaimid úsáid a bhaint as soláthar poiblí chun torthaí dearfacha a chruthú agus a mhúnlú do mhuintir na hÉireann. Ba cheart soláthar poiblí a úsáid freisin chun cabhrú le dul chun cinn sóisialta, comhshaoil agus eacnamaíoch níos leithne ar mó a bhíonn i gceist leis ná ceannach láithreach earraí agus seirbhísí. Mar shampla, soláthraímid réimse leathan creataí glasa chun cabhrú leis an gcomhrac i gcoinne athrú aeráide.
Cuireann an OGP réitigh ardchaighdeáin i bhfeidhm a sholáthraíonn luach ar airgead. Freastalaímid ar riachtanais éagsúla na gcliant agus tá sé mar aidhm againn creataí a fhorbairt atá solúbtha agus éasca a úsáid.
Chun na torthaí ar na 'Suirbhéanna ar Shástacht Cliant' is déanaí againn a fheiceáil cliceáil ar an nasc thíos: