Tá ról idirchaidrimh ag na hoifigí seo idir an tAire Stáit agus rannóga eile laistigh den Roinn, le Ranna eile, le comhlachtaí poiblí, leis na comhpháirtithe Oideachais agus leis an bpobal.
Cad a dhéanaimid
faisnéisiú a shocrú don Aire Stáit ar gach ábhar a bhaineann leis an Roinn Oideachais
dialann, freastal ar chruinnithe, imeachtaí agus feidhmeanna de chuid an Aire Stáit a eagrú
taisteal baile agus coigríche an Aire Stáit a shocrú
faisnéisiú agus óráidí ábhartha an Aire Stáit a chomhordú
freagraí ón Aire Stáit ar uiríll/chomhfhreagras ó chomhaltaí an Oireachtais agus ó bhaill an phobail a ullmhú
tacaíocht don Aire Stáit agus é ag freastal ar fheidhmeanna oifigiúla
cinntiú go bhfuil na socruithe cuí i bhfeidhm maidir le freagrachtaí an Aire Stáit i ndáil le gnó an Oireachtais, lena n-áirítear díospóireachtaí atrátha, gnó comhaltaí príobháideacha, ráitis, rúin agus reachtaíocht.
Oifig an tAire Stáit
Seoladh:
An Roinn Oideachas, Sráid Maoilbhríde
, Baile Átha Cliath 1
, D01 RC96