Rochtain ar Fhaisnéis ar an gComhshaol (RFC)
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Tithíochta, Rialtais Áitúil agus Oidhreachta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá Treoir 2003/4/CE maidir le Rochtain Phoiblí ar Fhaisnéis faoin gComhshaol agus an chéad Cholún de Choinbhinsiún Aarhus curtha isteach i ndlí na hÉireann trí Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol) 2007 go 2014 dá ngairtear Rialacháin AIE anseo feasta.
Soláthraíonn na Rialacháin AIE sainmhíniú ar fhaisnéis comhshaoil; tugtar breac-chuntas ar an gcaoi ar féidir iarratais ar fhaisnéis a chur faoi bhráid údaráis phoiblí agus an bealach a gceanglaítear ar údaráis phoiblí déileáil le hiarratais mar shampla frámaí ama le haghaidh freagartha.
Foráiltear leis na rialacháin freisin do nós imeachta foirmiúil achomhairc dá ngairtear athbhreithniú inmheánach i gcás go bhfuil duine míshásta le cinneadh faoina iarraidh. Má tá iarratasóir fós míshásta tar éis athbhreithniú inmheánach féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chuig Oifig an Choimisinéara um Fhaisnéis Comhshaoil (OCEI) ar chinneadh neamhspleách ar an ábhar.
Sainmhíníonn na Rialacháin AIE “údaráis phoiblí” go ginearálta chun gach comhlacht a bhfuil ról acu i riarachán poiblí a chuimsiú. Tá sé tábhachtach a thabhairt ar aird go bhfuil raon feidhme níos leithne ag an sainmhíniú seo ná an sainmhíniú ar “comhlacht poiblí” sna hAchtanna um Shaoráil Faisnéise.
Sainmhíníonn na Rialacháin AIE faisnéis chomhshaoil mar:
“Aon fhaisnéis i bhfoirm scríofa, amhairc, cloiste, leictreonach nó aon fhoirm ábhartha eile ar—
staid eilimintí an chomhshaoil, amhail aer agus atmaisféar, uisce, ithir, talamh, tírdhreach agus láithreáin nádúrtha lena n-áirítear bogaigh, ceantair chósta agus mhuirí, éagsúlacht bhitheolaíoch agus a chomhpháirteanna, lena n-áirítear orgánaigh ghéinmhodhnaithe agus an idirghníomhaíocht i measc na n-eilimintí seo,
thosca, amhail substaintí, fuinneamh, torann, radaíocht nó dramhaíl, lena n-áirítear dramhaíl radaighníomhach, astaíochtaí, dóirteadh agus sceitheadh eile isteach sa chomhshaol, a mbíonn tionchar acu ar ghnéithe an chomhshaoil nó ar dóigh go mbeidh tionchar acu orthu,
bhearta (lena n-áirítear bearta riaracháin), amhail beartais, reachtaíocht, pleananna, cláir, comhaontuithe comhshaoil, agus gníomhaíochtaí a mbíonn tionchar acu ar na gnéithe agus na tosca dá dtagraítear i míreanna (1) agus (2) nó ar dóigh go mbeidh tionchar acu orthu, chomh maith le bearta nó gníomhaíochtaí atá deartha chun na gnéithe sin a chosaint,
thuarascálacha ar chur i bhfeidhm na reachtaíochta comhshaoil,
anailís costais agus tairbhe agus anailísí agus toimhdí eacnamaíocha eile a úsáidtear faoi chreat na mbeart agus na ngníomhaíochtaí dá dtagraítear i mír (3), agus
staid shláinte agus shábháilteacht an duine, lena n-áirítear éilliú an bhiashlabhra, nuair is ábhartha, dálaí shaol an duine, láithreáin chultúrtha agus struchtúir thógtha sa mhéid is go dtéann staid na ngnéithe den timpeallacht dá dtagraítear i mír (1) i bhfeidhm orthu nó go bhféadfadh siad dul i bhfeidhm orthu, nó trí na gnéithe sin, le haon cheann de na hábhair dá dtagraítear i míreanna (2) agus (3); ”
Faoi na rialacháin AIE, caithfear faisnéis a bhaineann leis an gcomhshaol atá á coinneáil ag údarás poiblí, nó thar ceann údaráis phoiblí, a chur ar fáil ar iarratas; faoi réir eisceachtaí áirithe. Cuireann rialacháin AIE iallach ar údaráis phoiblí faisnéis chomhshaoil a scaipeadh go réamhghníomhach ar an bpobal.
Go ginearálta, éilítear ar údarás poiblí freagra a thabhairt ar iarratas AIE laistigh de mhí tar éis an iarraidh a fháil. Nuair nach féidir le húdarás poiblí freagairt a thabhairt laistigh den chreat ama míosa mar gheall ar chastacht nó mhéid na faisnéise a iarrtar, éilítear aor scríobh chuig an iarratasóir laistigh de mhí, ag léiriú cathain a eiseofar freagra. Níor chóir go mbeadh an dáta seo níos mó ná dhá mhí ó fuarthas an t-iarratas bunaidh.
Mura bhfuil an fhaisnéis a iarrtar ag an údarás poiblí; féadfaidh sé an t-iarratas a aistriú chuig údarás poiblí eile nó comhairle a thabhairt don iarratasóir nuair a chreideann sé gur cheart an t-iarratas a threorú. I gceachtar cás, éilítear fógra a thabhairt don iarratasóir.
Níl aon táille tosaigh as iarratas a dhéanamh faoi na Rialacháin AIE. Ligeann na Rialacháin, áfach, d’údarás poiblí táille réasúnta a ghearradh ar an gcostas a bhaineann le faisnéis chomhshaoil a sholáthar, agus tá na muirir seo a leanas socraithe ag DHLGH:
Taifead a chuardach, a aisghabháil agus a chóipeáil: €20.00 san uair
Fótachóip: €0.04 an bhileog
CD Rom: €10.00
Radagraf: €6.00.
Tabharfar sonraí faoi aon mhuirir atá le cur i bhfeidhm sa litir chinnidh dheiridh.
Rochtain ar Fhaisnéis faoin gComhshaol (AIE) - Iarratas a Dhéanamh.