Foráiltear leis an Acht um Shaoráil Faisnéise go bhfuil na cearta dlíthiúla seo a leanas ag gach duine ón 21 Aibreán 1998 amach:
Déantar idirdhealú san Acht idir faisnéis phearsanta agus faisnéis neamhphearsanta. Féadfaidh tú d’fhaisnéis phearsanta a rochtain fad is ann di go fóill, is cuma cén uair a cruthaíodh í. Ní fhéadfaidh tú faisnéis neamhphearsanta a rochtain ach amháin i gcás gur cruthaíodh í tar éis an 21 Aibreán 1998 (dáta tosach feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise).
D’ullmhaigh an Roinn Oideachais Scéim Foilsitheoireachta Saorála Faisnéise , rud ina gcuirtear raon faisnéise ar fáil faoin Roinn agus faoina cuid oibre.
Ceanglaítear leis an Acht ar chomhlachtaí poiblí freagra a thabhairt ar iarrataí a fhaightear ón bpobal ar fhaisnéis a shealbhaíonn siad. I bhformhór na gcásanna, ní mór do chomhlachtaí poiblí an bhreith uathu maidir le hiarraidh a thabhairt laistigh de cheithre seachtaine ón iarraidh a fháil.
De réir an Achta, is ionann seachtain agus 5 lá as a chéile den tseachtain, gan an Satharn agus laethanta saoire poiblí a chur ar áireamh.
Ní chuirtear an Domhnach ar áireamh ach oiread toisc nach lá den tseachtain é.
Tagann na taifid seo a leanas faoi raon feidhme an Achta um Shaoráil Faisnéise:
Chun gur féidir gnó an Rialtais a sheoladh go cuí, beidh sé riachtanach ó am go chéile cineálacha áirithe faisnéise a dhíolmhú óna n-eisiúint in imthosca áirithe. Tá na díolúintí sin leagtha amach san Acht.
I measc na bpríomhdhíolúintí tá taifid a bhaineann leis na nithe seo a leanas: