Saoráil Faisnéise
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tháinig an tAcht nua um Shaoráil Faisnéise i bhfeidhm ar an 14 Deireadh Fómhair 2014.
Dearbhaíonn na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise cearta an phobail teacht chomh mór agus is féidir ar eolas oifigiúil i gcomhréir le leas an phobail agus le cearta príobháideachais an duine.
Bunaíodh leis an Acht na trí cheart reachtúla seo a leanas:
Faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, tá de cheart ag gach duine iarratas a dhéanamh chun eolas a rochtain nach bhfuil ar fáil go poiblí ar bhealach ar bith eile. Tá de cheart agat an méid seo a leanas a iarraidh:
Tagann na catagóirí taifead seo a leanas faoi raon na nAchtanna:
Más mian leat rochtain a fháil ar eolas laistigh den Roinn ag baint úsáide as na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise, beidh ort:
Tabhair faoi deara gur cuireadh deireadh leis an táille €15 ar an iarratas tosaigh ar an 14 Deireadh Fómhair 2014, nuar a achtaíodh an Achta nua um Shaoráil Faisneise 2014.
Má bhíonn deacracht agat na taifid dhíreacha atá uait a shainaithint, beidh foireann na Roinne sásta cuidiú leat.
Tabharfaidh an Roinn admháil i scríbhinn nó ar ríomhphost duit as d'iarratas a bheith faighte. Sa litir admhála tabharfar eolas duit ar ainm agus sonraí teagmhála an té a bheidh ag déanamh an chinnidh i dtaca le d'iarratas agus inseofar duit cén dáta a bhféadfaidh tú a bheith ag súil le cinneadh.
D'fhéadfaí táillí a ghearradh as na taifid a iarrtar a chuardach, a aisghabháil agus a chóipeáil. Tá dhá chéim i gceist leis an bpróiseas seo:
Ní féidir táillí as an gcostas measta ar thaifid a chuardach agus a aisghabháil agus a chóipeáil a ghearradh ach amháin i leith taifead atá le scaoileadh. €20 a ghearrtar as gach uair an chloig a chaitear ag cuardach agus ag aisghabháil taifead agus gearrtar €0.04 as gach leathanach fótáchóipeáilte de na taifid a scaoiltear.
Bandaí chun táillí cuardaigh & aisghabhála (€20 in aghaidh na huaire) agus fótachóipeála (€0.04 in aghaidh an leathanaigh) a mheas
Uaireanta | Meastachán | Gníomh |
Faoi bhun 5 | €100 nó níos lú | Ní féidir táillí a ghearradh as cuardach agus aisghabháil ná as cóipeáil |
Idir 5 agus 25 | €101 - €500 | Tá táillí inghearrtha as cuardach agus aisghabháil agus as cóipeáil |
Idir 25 agus 35 | €501 - €700 | Ní féidir níos mó ná €500 a ghearradh as cuardach agus aisghabháil ná as cóipeáil |
Níos mó ná 35 | Níos mó ná €700 | Rachaidh an cinnteoir i dteagmháil leis an iarrthóir chun iarraidh air/uirthi an t-iarratas a bheachtú/a leasú lena chinntiú go gcoinneofar na táillí cuardaigh & aisghabhála agus cóipeála faoi €700. Má dhiúltaíonn an t-iarrthóir an t-iarratas a bheachtú/a leasú, is féidir an t-iarratas a dhiúltú faoi Alt 27 (12)(iii) |
I gcásanna ina bhfuil táillí cuardaigh agus aisghabhála i gceist, tá sé de dhualgas orainn éarlais de 20% ar a laghad den chostas measta a ghearradh ar an iarrthóir.
Leagtar amach sna hAchtanna um Shaoráil Faisnéise sraith díolúintí chun eolas íogair a chosaint sa chás ina bhféadfaí dochar a dhéanamh do phríomhleasanna an Stáit nó tríú páirtithe dá scaoilfí é. Sa chás ina mbaineann an Roinn seo leas as na forálacha seo chun taifid a choimeád siar, cuirfear é sin in iúl don iarrthóir. Is féidir achomharc a dhéanamh maidir le gach cinneadh diúltú do scaoileadh taifead, a bheag nó a mhór. Is féidir achomharc a dhéanamh freisin maidir le cinntí eile a bhaineann le rochtain ar thaifid a iarchur, táillí a ghearrfar, foirmeacha rochtana etc.
Is féidir leat athbhreithniú inmheánach a lorg ar chinneadh tosaigh na Roinne i ndáil le d'iarratas más rud é:
Is oifigeach nach raibh baint aige/aici leis an gcéad phróiseas cinnteoireachta agus atá ag grád níos airde ná an chéad chinnteoir, a dhéanfaidh an t-athbhreithniú inmheánach. Ní mór don Roinn a hathbhreithniú inmheánach ar an gcéad chinneadh a chur i gcrích laistigh de 15 lá oibre ó dháta faighte an iarratais ar athbhreithniú inmheánach.
Le d'iarratas ar athbhreithniú inmheánach a chur isteach, ní mór duit ríomhphost a sheoladh chuig an Aonad SF ag foi@tcagsm.gov.ie nó litir a scríobh chuig an:
Ní mór duit d'achomharc a dhéanamh laistigh de 20 lá oibre ón dáta a eiseofar an litir faoin gcinneadh chugat (ach d'fhéadfaí a cheadú go ndéanfaí achomharc déanach in imthosca cuí). Éilítear táille iarratais €30 (€10 má tá cárta leighis agat) sula bhféadfar tús a chur le hathbhreithniú inmheánach a phróiseáil. Is féidir an táille sin a íoc trí ríomhaistriú airgid (RAA) agus beidh ár sonraí bainc ar fáil ar gach litir a chuirfear amach i ndáil le cinneadh.
D'fhéadfadh athbhreithniú inmheánach an cinneadh bunaidh i ndáil le hiarratas a dhearbhú, a athrú nó a chur ar neamhní. Ní mór an próiseas athbhreithnithe inmheánaigh a bheith curtha i gcrích sula bhféadfaí achomharc a chur chuig an gCoimisinéir Faisnéise.
Má tá tú fós míshásta tar éis chur i gcrích an athbhreithnithe inmheánaigh, féadfaidh tú freisin athbhreithniú neamhspleách a lorg ar chinneadh na Roinne ón gCoimisinéir Faisnéise. Anuas air sin, mura bhfuil freagra ar d'iarratas ar athbhreithniú inmheánach faighte agat ón Roinn laistigh de 3 sheachtaine, measfar gur diúltú é sin agus is féidir leat achomharc a dhéanamh maidir leis an gceist leis an gCoimisinéir.Is cóir achomhairc a dhéanamh go díreach leis an gCoimisinéir Faisnéise (sonraí thíos). Is ionann an táille a ghearrtar as achomhairc chuig an gCoimisinéir Faisnéise agus €50 (€15 do shealbhóirí cárta leighis agus a gcleithiúnaithe).
Is Scéim Foilsitheoireachta seo arna hullmhú ag an Roinn Turasóireachta, Cultúir, Ealaíon, Gaeltachta, Spóirt agus Meán i gcomhréir le hAlt 8 san Acht um Shaoráil Faisnéise (SF) 2014. Tugtar eolas sa Scéim maidir le feidhmeanna na Roinne agus leis na taifid a bhíonn ar coimeád ag an Roinn.
Tá an Scéim Foilsitheoireachta bunaithe ar an bprionsabal gur chóir don uile chomhlacht poiblí oiread faisnéise agus is féidir a fhoilsiú go tráthrialta ar bhealach atá follasach áisiúil taobh amuigh de chúrsaí SF, agus sin le haird ar phrionsabail na macántachta, na follasachta agus na cuntasachta mar a leagtar amach san Acht um Shaoráil Faisnéise. Déantar soláthar faoin Scéim seo do thaifid a fhoilsiú nó a chur ar fáil taobh amuigh den chóras SF ar chuntar nach bhfuil cosc faoin dlí ar fhoilsiú den sórt sin ná ar dheis a thabhairt ar an bhfaisnéis.
2022 Scéim Foilsitheoireachta
Tá taifead de gach iarratas atá faighte ag an Roinn seo faoin Acht um Shaoráil Faisnéise ó bhí an 1 Eanáir 2011 ann le fáil ag an nasc thíos.
Tá an t-eolas seo a leanas i dtaca le gach iarratas a fuarthas tugtha sna taifid:
Measann an Roinn go bhfuil gach taifead a scaoiltear maidir le hiarratais mar a leagtar amach sna logaí Shaoráil Faisnéise san fhearann poiblí agus tá siad ar fáil d’aon duine ach iad a iarraidh. Chun rochtain a fháil ar na taifid seo, seol ríomhphost chuig Aonad na Roinne um Shaoráil Faisnéise ag foi@tcagsm.gov.ie leis an Uimhir Iarratais agus sonraí na dtaifead ar leith atá á lorg. Cuirfear taifid ar fáil lasmuigh den phróiseas um Shaoráil Faisnéise d’iarratais den sórt sin.
Déanfar nuashonrú ar an tábla go rialta. Má tá aon cheist agat faoi aon cheann de na hiarratais seo nó faoi fheidhmiú na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise sa Roinn seo go ginearálta, ná bíodh aon drogall ort dul i dteagmháil leis an Aonad um Shaoráil Faisnéise (sonraí thíos) agus beimid breá sásta cuidiú leat.
Dá mba mhian leat iarratas faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise a sheoladh chuig an Roinn seo nó má tá ceist agat maidir le feidhmiú na nAchtanna um Shaoráil Faisnéise sa Roinn seo go ginearálta, ná bíodh drogall ort teagmháil a dhéanamh leis an Aonad SF (sonraí thíos) agus beimid breá sásta cuidiú leat.
Tá tuilleadh eolais i ndáil leis na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise le fáil ar an suíomh gréasáin, www.foi.gov.ie, atá faoi chúram an Lár-Aonaid Polasaí sa Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe.