Treoirlínte na Roinne Sláinte do na Meáin Shóisialta
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Sna treoirlínte seo, tá breac-chuntas ar fáil ar chritéir rannpháirtíochta le haghaidh postálacha agus tráchtaireacht foilsithe ar aon cheann de shuíomhanna meán sóisialta de chuid na Roinne Sláinte, lena n-áirítear Twitter, Facebook agus Instagram, ach gan a bheith teoranta dóibh.
Úsáideann an Roinn Sláinte na meáin shóisialta idirghníomhacha ar líne chun faisnéis a roinnt lenár lucht leanúna. Déanann pearsanra údaraithe bainistíocht ar ár suíomhanna Meán Sóisialta laistigh de Phreasoifig na Roinne Sláinte.
Nuair a leanann tú @RoinnSlainte ar aon cheann dár n-ardáin meán sóisialta, is féidir leat a bheith ag súil leis go bhfeicfidh tú an méid seo a leanas:
@freagraí agus Teachtaireachtaí Díreacha: Cuirtear fáilte roimh ár lucht leanta teagmháil gníomhach a dhéanamh agus glacaimid páirt sa chomhrá nuair is féidir. Féadfar nach mbeimid in ann freagra uathúil a thabhairt ar gach uile theachtaireacht nó trácht a fhaightear. Má tharlaíonn sé nach ndéantar idirchumarsáid ghníomhach ar aon ábhar ar leith, níor cheart breathnú air sin mar dhiúltú chun trácht a dhéanamh ar shaincheist áirithe. Tá sé tábhachtach a thabhairt faoi deara nach nglacfar le teachtaireacht a dhéantar sna Meáin Shóisialta a bheith mar theagmháil leis an roinn chun críocha oifigiúla. Is tríd an leathanach Déan Teagmháil Linn ar ár suíomh gréasáin an tslí cheart chun teagmháil a dhéanamh leis an roinn ar bhonn oifigiúil.
Rúndacht Othar: Ná cuir faisnéis phearsanta/rúnda sna tuíteanna/sa tráchtaracht shóisialta a chuireann tú chugainn. Níl an roinn in ann trácht a dhéanamh ar chásanna aonair.
An Infhaighteacht: Féadfar nach mbeidh ár gcainéil shóisialta ar fáil ó am go chéile agus ní ghlacaimid le haon fhreagracht as easpa seirbhíse ar aon ardán shóisialta ar leith.
Cuirimid fáilte roimh ionchur agus smaointe an úsáideora, ach bainfimid anuas aon tráchtanna nó ábhar ina bhfuil:
Féadfar nach ionann na tuairimí a chuirtear in iúl i dtuairimí atá le fáil ar fhóraim mheán sóisialta na Roinne Sláinte agus tuairimí na heagraíochta. Cuirfimid ábhar fíorasach ar fáil sna postálacha dár gcuid féin.
Déanfar monatóireacht rialta ar shuíomhanna meán sóisialta na Roinne Sláinte le linn na ngnáthuaireanta oibre.
Is féidir an beartas tráchtaireachta seo a athbhreithniú tráth ar bith.
Glactar leis go n-aontaíonn na húsáideoirí leis an mbeartas seo nuair a dhéanann siad an rogha trácht a dhéanamh nó aon cheann de shuíomhanna Meán Sóisialta de chuid na Roinne Sláinte a úsáid.