Na Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil (LCDC’nna)
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is ionann LCDC’nna agus grúpaí atá bunaithe i ngach ceantar údaráis áitiúil.
Tá LCDC déanta suas de:
baineann LCDC’nna leas as saineolas poiblí agus príobháideach daoine agus eagraíochtaí i ngach ceantar údaráis áitiúil.
Tá LCDC’nna freagrach as:
Tá tuilleadh faisnéise le fáil ar an Liosta Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil Liosta Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil ábhartha.
Foilsíodh Tús Áit do na Daoine - Clár Gníomhaíochta um Rialtas Áitiúil Éifeachtach i mí Deireadh Fómhair 2012. Moladh sa Chlár Gníomhaíocht LCDC a thabhairt isteach i ngach ceantar údaráis áitiúil mar bhealach le forbairt pobail a fheabhsú agus le ról níos lárnaí a thabhairt don údarás áitiúil i bhforbairt pobail agus áitiúil.
Tá sé mar phríomhfheidhm le LCDC’nna gnéithe pobail Pleananna Áitiúla Eacnamaíochta agus Pobail (LECP’nna) 6-bliana a ullmhú.
Tá sé mar chuspóir leis an bplean forbairt pobail agus áitiúil a chur chun cinn i ngach ceantar údaráis áitiúil. Déantar é sin trí chur chuige comhordaithe i leith pleanála agus seachadadh seirbhísí.
Díríonn an plean ar bhearta a:
Is féidir pleananna áitiúla eacnamaíochta agus pobail a fheiceáil ar an liosta coistí forbartha pobail áitiúla liosta coistí forbartha pobail áitiúla ábhartha. Tá treoirlínte iomlána do na LCDC’nna sna Treoirlínte Leasaithe d’Fheidhmiú LCDC’nna - Nollaig 2016.
Mar chuid de na Treoirlínte ar Phleananna Áitiúla agus Eacnamaíochta agus Pobail tá an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail ag déanamh athbhreithniú ar na LCDC’nna faoi láthair. Tá sé mar aidhm leis an athbhreithniú cur le agus faisnéis a sholáthar d’fhorbairt leanúnach LCDC’nna. Tá sé i gceist go mbeidh an obair seo críochnaithe i dtús na bliana 2019.
Thionóil an roinn imeacht náisiúnta líonraithe bliantúil do LCDCnna i mí na Samhna 2019, de réir Chuspóir 1, Moladh 5 den Athbhreithniú LCDC.
Ba é cuspóir an imeachta ná tacú le baill de chuid LCDC ionas go n-aithneoidís iad féin a bheith ina gCeannairí ina bpobal féin agus iad a spreagadh chun comhoibriú go hiomlán le Ceannairí eile agus iad ag tabhairt aghaidh ar an obair ina LCDC féin.
Seoladh: An Rannóg Phobail, an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail, Oifigí an Rialtais, Béal an Átha, Co. Mhaigh Eo,
Uimhreacha Teileafóin: 076 100 6929
Ríomhphost: lcdev@drcd.gov.ie