Freastalaíonn gás nádúrtha ar níos mó ná 30% de riachtanais fuinnimh na hÉireann, agus 700,000 ceann de thithe agus de ghnólachtaí á dtéamh agus á gcumhachtú aige agus níos mó ná 50% den leictreachas a úsáideann Éire á ghiniúint aige. I láthair na huaire, tá gás nádúrtha in Éirinn á sholáthar ag teaglaim de tháirgeadh intíre agus d’allmhairí trí phíblíne ó Albain. Sa bhliain 2019, allmhairíodh 53% d’úsáid gáis nádúrtha na hÉireann ón Ríocht Aontaithe. Ag teacht sna sála ar ídiú gháscheantar na Coiribe, meastar go mbeidh Éire ag brath ar allmhairí le haghaidh níos mó ná 80% dá riachtanais gháis nádúrtha faoi lár na 2020í agus le haghaidh níos mó ná 90% dá riachtanais gháis nádúrtha faoin mbliain 2030.
Tosaíocht de chuid an rialtais is ea slándáil an tsoláthair gáis a chothabháil. Tá freagracht ar an rialtas freisin, áfach, as astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann a laghdú. Is sprioc í sin atá leagtha amach sa Phlean Gnímh don Aeráid. Beidh ag úsáid foinsí inathnuaite gáis (lena n-áirítear bithmheatán agus hidrigin ó fhoinsí inathnuaite) príomhról le himirt san eangach gáis nádúrtha a dhícharbónú.
Is é is an líonra gáis ann ná córas píblínte tarchurtha agus dáileacháin trína soláthraítear gás nádúrtha do thithe agus gnólachtaí na hÉireann. Tá an líonra tarchurtha comhdhéanta de phíblínte a oibríonn ag ardbhrúnna, agus úsáidtear é chun méideanna móra gáis nádúrtha a iompar. Tá an líonra dáileacháin comhdhéanta de phíobáin dáileacháin níos lú lena soláthraítear gás nádúrtha do limistéir uirbeacha de ghnáth. Tá na codanna difriúla den chóras dáileacháin ceangailte leis an gcóras tarchurtha ardbhrú i stáisiún laghdaithe brú. Maidir le húsáideoirí an-mhór gáis nádúrtha, amhail stáisiúin chumhachta, soláthraítear gás nádúrtha dóibh go díreach ón líonra tarchurtha. Faigheann úsáideoirí eile (lena n-áirítear úsáideoirí cónaithe) gás nádúrtha tríd an líonra dáileacháin.
Is comhlacht poiblí atá faoi lánúinéireacht an Stáit é Líonraí Gáis Éireann, a bhfuil an líonra gáis nádúrtha in Éirinn faoina úinéireacht agus a dhéanann an líonra a oibriú, a fhorbairt agus a chothabháil. Ceanglaíonn Líonraí Gáis Éireann gach custaiméir leis an líonra, is cuma cén chuideachta soláthair gáis nádúrtha a roghnaíonn an custaiméir. Tá sé faoi Líonraí Gáis Éireann an líonra gáis nádúrtha a fhorbairt agus a leathnú, lena n-áirítear bailte nua a cheangal. Tá freagracht ar an gCoimisiún um Rialáil Fóntais (CRF), rialálaí fuinnimh neamhspleách na hÉireann, as rialáil eacnamaíoch líonra gáis na hÉireann. Tá freagracht ar an CRF freisin as sábháilteacht gáis agus as a chinntiú go bhfuil bearta i bhfeidhm le haghaidh faireachán, measúnú agus bainistiú a dhéanamh ar shlándáil an tsoláthair. De bhreis air sin, tá feidhm reachtúil ag an CRF maidir le cosaint tomhaltóirí agus le réiteach a dhéanamh ar ghearáin atá ag custaiméirí le cuideachtaí fuinnimh.
Bíonn geilleagar na hÉireann ag brath ar sholáthairtí slána leantacha gáis nádúrtha. Cé nach bhfuil smacht againn ar chur isteach ar an soláthar fuinnimh i roinnt cásanna, tá sé ríthábhachtach go rachfaí i mbun gnímh i réimsí ar féidir le hÉirinn smacht a fheidhmiú iontu, lena n-áirítear líonra nua-aimseartha gáis a choinneáil ar bun. Ós rud é go bhfuil céatadán suntasach de leictreachas na hÉireann á ghiniúint ó ghás, tá idirspleáchas criticiúil ann idir slándáil an tsoláthair leictreachais agus slándáil an tsoláthair gáis.
Tá oibleagáid ar Bhallstáit an Aontais Eorpaigh faoi Rialachán (AE) 2017/1938 cur chuige coiteann a bheith acu maidir le pleanáil éigeandála agus freagairt éigeandála trí Phleananna um Ghníomhaíocht Choisctheach, Pleananna Éigeandála agus Pleananna Measúnaithe Riosca a bhunú. Áireofar leis na pleananna sin freisin caibidlí réigiúnacha chun a chinntiú go mbeidh cur chuige comhordaithe réamh-chomhaontaithe i leith shlándáil an tsoláthair ann i measc na mBallstát. I mí an Mhárta 2018, rinneadh an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF) a ainmniú mar údarás inniúil (an eagraíocht ar tarmligeadh cumhacht chuici) a bhfuil freagracht air as forálacha an Rialacháin sin a chur chun feidhme.
Tá athbhreithniú cuimsitheach ar shlándáil an tsoláthair fuinnimh le haghaidh chórais gháis nádúrtha agus leictreachais na hÉireann á dhéanamh ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide. San athbhreithniú, díreofar ar an tréimhse go dtí an bhliain 2030 maidir le conair inbhuanaithe a chinntiú go dtí an bhliain 2050. Áireofar leis an athbhreithniú anailís theicniúil nuashonraithe iomlán ar na dúshláin maidir le slándáil an tsoláthair, ar anailís í a bheidh mar bhonn eolais faoi chomhairliúchán poiblí.
Bunriachtanas chun saol agus réadmhaoin daoine a chosaint is ea córas sábháilteachta gáis atá láidir agus oiriúnach don fheidhm. Feidhm reachtúil de chuid an CRF is ea freagracht as rialáil an mhargaidh gáis, lena n-áirítear sábháilteacht. Áirítear léi sin:
Tugtar mionsonraí ar shuíomh gréasáin an CRF faoi na gníomhaíochtaí agus na bearta uile a bhaineann le sábháilteacht gáis sa réimse baile agus sa réimse tionsclaíoch.
Is gnách go dtáirgtear gás inathnuaite i stáisiúin díleá anaeróbaigh ar féidir leo úsáid a bhaint as éagsúlacht leathan bunábhar, amhail fuíollábhair bhia, sciodar ainmhithe agus barra fuinnimh a fhástar go sonrach, ar nós sadhlas féir. Sa phróiseas díleá anaeróbaigh, bristear na bunábhair síos chun bithghás a tháirgeadh, arb é atá ann ná meascán idir bithmheatán (CH4) agus dé-ocsaíd charbóin (CO2). Is féidir an bithghás sin, atá inathnuaite, a dhó i gcoirí chun teas a tháirgeadh nó i stáisiúin chumhachta is teasa in éineacht chun teas inathnuaite agus leictreachas inathnuaite araon a sholáthar. Tá mionsonraí faoi conas a thacaítear le húsáid gáis inathnuaite san earnáil teasa le fáil sa rannán ar Theas Inathnuaite.
De rogha air sin, is féidir an bithghás a chur faoi thuilleadh uasghrádúcháin chun CO2 a bhaint ar mhaithe le sruth bithmheatáin atá íon go hiomlán, beagnach, a tháirgeadh. Is féidir an bithmheatán sin a instealladh ansin isteach sa líonra gáis ag pointí cuí agus is féidir é a iompar i dteannta an gháis nádúrtha chuig gach tomhaltóir gáis reatha. D’fhéadfaí an bithmheatán inathnuaite sin a úsáid san earnáil iompair ansin i bhfeithiclí Gáis Nádúrtha Chomhbhrúite agus i gcoirí gáis baile agus tionsclaíocha, gan aon ghá a bheith ann le hathchumraíocht, agus d’fhéadfaí é a úsáid i stáisiúin chumhachta ghásadhainte na hÉireann. Cabhraíonn táirgeadh bithmheatáin inbhuanaithe leis an earnáil talmhaíochta a hastaíochtaí a laghdú freisin. Seachtháirge a eascraíonn as bithmheatán a tháirgeadh trí dhíleá anaeróbach is ea díleáiteán, rud is féidir a úsáid chun dul in ionad leasacháin cheimiceacha. Chomh maith leis sin, laghdaíonn díleá anaeróbach an méid meatáin a astaítear chuig an atmaisféar trí stóráil sciodair.
Luaitear sa Phlean Gnímh don Aeráid gur cheart sprioc a shocrú le haghaidh an leibhéil fuinnimh atá le soláthar ag instealladh bithmheatáin dhúchasaigh sa bhliain 2030. Le linn an sprioc sin a shocrú, ba cheart na soláthairtí intíre bunábhair a chomhlíonann critéir dhochta inbhuanaitheachta a chur san áireamh agus ba cheart a bhreithniú conas a chisteofaí na tacaíochtaí a bheadh ag teastáil chun sprioc den sórt sin a bhaint amach. Tá measúnú á dhéanamh ag an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide faoi láthair ar an leibhéal cuí sprice ba cheart a shocrú agus ar an gcás gnó i bhfabhar tacú le táirgeadh gáis inathnuaite in Éirinn.
D’fhéadfadh hidrigin a bheith ina hionadaí a bheidh saor ó charbón do bhreoslaí iontaise sna blianta atá le teacht. Is í hidrigin an dúil is flúirsí sa chruinne, agus í freagrach as 90% den ábhar aithnid ar fad. Ní fhaighimid hidrigin íon nádúrtha ar domhan, áfach, agus, dá bhrí sin, is gá dúinn í a asbhaint ó shubstaintí éagsúla, amhail uisce nó breoslaí iontaise. Tá an-dul chun cinn déanta le blianta beaga anuas ar hidrigin a úsáid mar bhreosla, agus busanna, trucailí agus carranna ag oibriú anois ar hidrigin mar bhreosla. Chomh maith leis sin, tá trialacha á ndéanamh ina bhfuil sé á chruthú go bhfuil hidrigin ina hionadaí oiriúnach do ghás nádúrtha sa teas, agus táthar tar éis tús a chur le stáisiúin chumhachta faoi thiomáint hidrigine a fhorbairt le haghaidh leictreachas a ghiniúint.
D’fhéadfadh go mbeadh deis uathúil ag Éirinn sa todhchaí de bharr na hacmhainne móire leictreachais inathnuaite atá againn, rud a d’fhéadfaí a úsáid chun hidrigin a ghiniúint ó uisce i bpróiseas ar a dtugtar leictrealú. Tá an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ag obair le geallsealbhóirí Eorpacha agus náisiúnta amhail [external-link https://www.gasnetworks.ie/home/ Líonraí Gáis Éireann ] (oibritheoir an chórais tarchurtha) chun conair a fhorbairt le haghaidh hidrigin a úsáid in Éirinn.