An Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhaile
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tugadh an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte isteach sa bhliain 2016 agus tá sé ar cheann amháin de shraith bearta tacaíochta atá leagtha amach chun bailte agus sráidbhailte tuaithe a athbheochan ar fud na hÉireann faoi “Clár Infheistíochta um Fhorbairt Tuaithe” na Roinne Forbartha Tuaithe & Pobail. Is iad na húdaráis áitiúla a dhéanann bainistiú air thar ceann na Roinne. Tá an clár á mhaoiniú faoi Thionscadal Éireann 2040.
Ó seoladh an Scéim in 2016, leithdháileadh beagnach €78 mhilliún ar níos mó ná 1,190 tionscadal ar fud na hÉireann.
In 2020, tá an Clár Infheistíochta um Fhorbairt Tuaithe, lena n-áirítear an Scéim Athnuachana Bailte agus na Sráidbhailte, á chur in oiriúint chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ag teacht chun cinn maidir le COVID-19. I gcás an Scéim Athnuachana Bailte agus na Sráidbhailte, ciallaíonn sé sin:
Sampla den na cineálacha tionscadail is féidir tacú leo :
Mar chuid den phróiseas iarratais ar an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte, ní mór d’Údaráis Áitiúla fógraíocht a dhéanamh faoi Léirithe Spéise maidir le tograí maoinithe ó ghrúpaí/eagraíochtaí Pobail sa cheantar. Má roghnaítear an togra, déanann an tÚdarás Áitiúil é a fhorbairt ina iarratas ar mhaoiniú i gcomhar leis an ngrúpa pobail. Ina dhiaidh sin, cuirtear an t-iarratas isteach chuig an roinn lena bhreithniú. Ní féidir leis an Roinn ach iarratais atá curtha isteach go díreach ón Údarás Áitiúil amháin a bhreithniú. Ba chóir do ghrúpaí/eagraíochtaí Pobail breathnú ar láithreán gréasáin a nÚdaráis Áitiúil chun tuilleadh eolais a fháil faoi mar a riartar an scéim ina gceantar féin.
Tá €10 milliún i maoiniú breise curtha ar fáil don Scéim faoi Phacáiste Spreagthaí mhí Iúil. Mar gheall air sin, bhíothas in ann babhta maoinithe nua a chur leis an mBeart Luathaithe a tugadh isteach níos luaithe in 2020. Chomh maith leis sin, leathadh an beart sin amach chuig 41 baile mór mar a leagtar amach sa Phreasráiteas anseo. Ní mór a thabhairt ar aird freisin gur athraíodh an dáta deiridh don scéim Chaighdeánach go dtí an 30 Meán Fómhair 2020. Ba chóir leanúint d’iarratais a dhéanamh trí Údaráis Áitiúla de réir mar atá leagtha amach thuas.
Chun liosta a fháil de thionscadail atá á maoiniú faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte: féach anseo.
D’fhógair Michael Ring, an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail an Tionscnamh Píolótach um Mhaireachtáil i Lár Bailte i mí Dheireadh Fómhair 2018. Ba é aidhm an tionscnaimh iniúchadh a dhéanamh faoi mar is féidir áitíocht chónaitheach a spreagadh i mbailte agus sráidbhailte tuaithe agus, ag an am céanna, dul i ngleic leis an bhfadhb maidir le réadmhaoine folmha.
Tá an tionscnamh píolótach ag teacht leis an Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte agus an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe a riarann an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail.
Aithníodh sé bhaile chun an cur chuige a threorú agus cuireadh maoiniú suas le to €100,000 ar fáil do gach baile. Is iad na bailte sin :
Sonraí na Tuarascála
Ba iad Space Engagers a d’ullmhaigh an tuarascáil neamhspleách faoin Tionscnamh Píolótach um Mhaireachtáil i Lár Bailte don Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail. Fiontar sóisialta is ea Space Engagers a tháinig chun cinn mar thoradh ar tionscadal taighde i gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath a dhéanann iniúchadh ar mar is féidir áiteanna níos acmhainní agus níos inbhuanaithe a dhéanamh de bhailte agus cathracha.
Tugtar le chéile sa tuarascáil an méid atá foghlamtha ó na 6 bhaile ar fad a bhí páirteach sa tionscnamh. Aithnítear roinnt fadhbanna a tháinig chun cinn le linn an phróisis agus áirítear sraith gníomhartha molta lena mbreithniú tuilleadh chun aghaidh a thabhairt ar gach fadhb.
Cuimsítear sa Tuarascáil :
Foilsíodh an tuarascáil don Tionscnamh Píolótach um Mhaireachtáil i Lár Bailte. an 22 Meitheamh 2020.