Bailte Slachtmhara
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is í an Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail a eagraíonn na Bailte Slachtmhara . Déanann SuperValu urraíocht ar an gcomórtas. Tá duaiseanna speisialta ann freisin atá urraithe ag comhlachtaí eile.
Tá sráidbhailte, bailte agus cathracha i gceist le Comórtas na mBailte Slachtmhara, agus déantar sráidbhailte, bailte agus cathracha a rátáil ar gach gné dá dtimpeallacht áitiúil. Tá roinnt catagóirí duaiseanna sa chomórtas. Baineann an buaiteoir foriomlán an teideal “an Baile is Slachtmhara na hÉireann” amach. Fógraítear na torthaí go léir ag searmanas náisiúnta i mí Mheán Fómhair gach bliain.
Tugann moltóirí Chomórtas na mBailte Slachtmhara tuarascála mionsonraithe do gach iontrálaí. Bíonn a lán iontrálaithe ann ar dtús maidir le suim a ghiniúint faoin timpeallacht ina bpobal agus chun cur leis an mbeartas áitiúil. In imeacht ama, sroicheann na hiontrálaithe caighdeán ag a mbíonn siad réidh le dul san iomaíocht do mhórdhuaiseanna.
Cuidíonn Comórtas na mBailte Slachtmhara le pobail feabhas a chur ar a dtimpeallacht fhisiceach, is iad na pobail iad féin na fíorbhuaiteoirí. Is áiteanna iontacha iad na pobail a bhíonn páirteach sna Bailte Slachtmhara le cónaí iontu, le hoibriú iontu nó le cuairt a thabhairt orthu, san áit a n-oibríonn oibrithe deonacha le chéile lena n-áit féin a dhéanamh níos gile, níos cairdiúla agus níos cuimsithí.
Le tuilleadh faisnéise a fháil agus chun iarratas a dhéanamh chun cur isteach ar an gcomórtas, tabhair cuairt, le do thoil, ar láithreán gréasáin na mBailte Slachtmhara
Féach anseo chun Torthaí na mBailte Slachtmhara do na blianta 2018 agus 2017 a fháil.