An Comhshaol
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Is tosaíochtaí de chuid an rialtais iad ár gcomhshaol a chosaint agus úsáid inbhuanaithe a bhaint as ár n-acmhainní nádúrtha. Tá Éire tiomanta d’fhorbairt inbhuanaithe a chomhtháthú isteach i ngach gné den rialtas, den gheilleagar agus den tsochaí. Tá Éire ag aistriú cheana féin i dtreo geilleagar ciorclach, áit a n-úsáidtear acmhainní ar feadh na tréimhse is faide is féidir agus a n-íoslaghdaítear táirgeadh dramhaíola trí chosc breise a chur ar dhramhaíl agus trí thuilleadh athchúrsála a dhéanamh.
Cuireann an rialtas tuilleadh feasachta comhshaoil chun cinn do gach duine trí chaidreamh le saoránaigh, le gnólachtaí, le pobail agus le heagraíochtaí. Aithníonn sé freisin na cearta atá ag saoránaigh chun faisnéis comhshaoil agus ceartas comhshaoil a fháil agus ról an phobail i gcinnteoireacht comhshaoil. Chomh maith leis sin, tugann sé tacaíocht agus cistiú le haghaidh tionscnaimh chomhshaoil.
Aithníonn an rialtas freisin an cion nach mór d’Éirinn a dhéanamh sa mhórchlár oibre forbartha inbhuanaithe ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal idirnáisiúnta chun sochaí atá éifeachtúil ó thaobh acmhainní de a bhaint amach.
Cuireann Rialtas na hÉireann cosaint ár dtimpeallachta nádúrtha agus sláinte agus folláine ár saoránach chun cinn. Cruthaíonn an rialtas beartais agus bearta chun na gníomhaíochtaí is cúis le damáiste don chomhshaol, amhail aerthruailliú, truailliú uisce agus truailliú talún, a chosc agus a íoslaghdú. Chomh maith leis sin, bailíonn sé tobhaigh chomhshaoil is féidir a úsáid le haghaidh tionscnaimh chomhshaoil, amhail feachtais um dhramhaíl a chosc, oideachas comhshaoil, nó feabhas a chur ar an timpeallacht áitiúil. Tacaíonn an rialtas leis an tsochaí shibhialta, le grúpaí pobail agus le heagraíochtaí neamhrialtasacha rannpháirtíocht a bheith acu sna saincheisteanna sin.
Léigh tuilleadh faoi Chosaint an Chomhshaoil
Chun Éire a aistriú i dtreo todhchaí níos inbhuanaithe, is gá 'geilleagar ciorclach' a chruthú. Is geilleagar é sin atá dírithe ar dhramhaíl a laghdú agus a dhíothú agus ar acmhainní a choinneáil i mbun úsáide ar feadh na tréimhse is faide is féidir.
Seoladh an beartas dramhaíola náisiúnta reatha, mar atá an Plean Gníomhaíochta Dramhaíola le haghaidh Geilleagar Ciorclach, i mí Mheán Fómhair 2020. Tugtar breac-chuntas sa Phlean sin ar na bearta éagsúla a bheidh riachtanach chun cabhrú le geilleagar ciorclach a bhaint amach, agus díriú á leagan ar conas a bhainistímid ár ndramhaíl, ar chosc a chur ar dhramhaíl a bheith ag teacht chun cinn ar an gcéad dul síos, agus ar conas is féidir linn ár gcuid táirgí agus acmhainní a bhainistiú ar bhealach níos éifeachtúla agus níos inbhuanaithe.
Léigh tuilleadh faoinár mBeartas Dramhaíola
Léigh tuilleadh faoinár n-aistriú chuig Geilleagar Ciorclach
Spreagann an rialtas rannpháirtíocht saoránach, gnólachtaí agus eagraíochtaí i gcabhrú leis an gcomhshaol a chosaint agus i bhfadhbanna comhshaoil a réiteach. Tá roinnt foinsí cistiúcháin agus tacaíochtaí ar fáil ar féidir leo cabhrú le saoránaigh tionscnaimh chomhshaoil a fhorbairt.
Léigh tuilleadh faoi Thacaíochtaí Cistiúcháin agus Scéimeanna Cistiúcháin
Chomh maith leis an mbeartas náisiúnta a cheapadh, oibríonn an rialtas chun comhar trasteorann ar chosaint an chomhshaoil ar oileán na hÉireann a bhaint amach, mar aon le hobair i gcomhar le tíortha comharsanacha ar shaincheisteanna coiteanna comhshaoil. Imríonn an rialtas ról freisin i mbeartas comhshaoil an Aontais Eorpaigh agus an beartas comhshaoil idirnáisiúnta a dhearadh agus a chur chun feidhme chun mórspriocanna a bhaint amach. Áirítear leis na mórspriocanna sin cáilíocht fheabhsaithe uisce agus aercháilíocht fheabhsaithe, bainistíocht dramhaíola níos fearr, úsáid mhéadaithe fuinnimh inathnuaite agus tuilleadh inbhuanaitheachta comhshaoil.
Léigh tuilleadh faoi Bheartas Comhshaoil an Aontais Eorpaigh agus an Beartas Comhshaoil Idirnáisiúnta