An Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Forbartha Tuaithe agus Pobail
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Príomhscéim infheistíochta caipitil é an Ciste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe (RRDF) a thacaíonn go díreach le cuspóirí Thodhchaí Cheantair Thuaithe na hÉireann agus an bheartais Lár Bailte ar dTús.
Tacaíonn an RRDF le tionscadail faoinar féidir bailte agus sráidbhailte tuaithe a athbheochan ar aon dul leis an mBeartas Lár Bailte ar dTús trí athghiniúint phleanáilte agus inbhuanaithe a spreagfaidh níos mó gníomhaíocht gheilleagrach agus a mheallfaidh tuilleadh custaiméirí, a rachaidh i ngleic le foirgnimh fholmha agus thréigthe agus a chinnteoidh go mbainfear úsáid arís as foirgnimh oidhreachta agus eile atá ann faoi láthair agus a sholáthróidh na háiseanna agus an bonneagar riachtanach i lonnaíochtaí, a chabhróidh daoine a mhealladh chun bheith ag cónaí, ag obair agus ag infheistiú i gceantair thuaithe.
Lorgaítear iarratais ar an gCiste faoi dhá chatagóir – Catagóir 1 agus Catagóir 2. Baineann Catagóir 1 le tionscadail chaipitil uaillmhianacha ar mhórscála a bhfuil an phleanáil agus an toiliú riachtanach go léir i bhfeidhm ina leith agus a bhfuiltear réidh bogadh chun cinn leo. Cuirtear maoiniú deontais níos lú ar fáil i gCatagóir 2 chun gur féidir tograí tionscadail a fhorbairt atá oiriúnach do ghlaonna amach anseo d’iarratais faoi Chatagóir 1.
Dírítear an RRDF ar lonnaíochtaí agus ar cheantair thuaithe ina bhfuil níos lú ná 10,000 duine atá suite lasmuigh de na cúig limistéar uirbeacha cathrach (bunaithe ar dhaonáireamh 2022).
Bronntar an maoiniú trí phróiseas tairisceana Tá maoiniú €584 milliún leithdháilte ar 243 tionscadal ó seoladh an RRDF. Is féidir liosta de na tionscadail rathúla faoi gach glao go dtí seo a fháil anseo.
Tacaítear faoin gciste le tionscadail chomhordaithe agus chomhtháite idir ranna rialtais, gníomhaireachtaí Stáit, údaráis áitiúla, comhlachtaí poiblí eile, pobail agus, sa chás gur cuí, maoinitheoirí daonchairdiúla agus/nó an earnáil phríobháideach, a imreoidh tionchar ar fhorbairt gheilleagrach agus shóisialta inbhuanaithe i gceantair thuaithe.
Leis an gCiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe, is féidir maoiniú a thabhairt do thionscadail lena n-áirítear (ach gan a bheith teoranta do) na cinn seo a leanas:
Bronntar maoiniú trí phróiseas tairisceana iomaíche.
Cuirtear fáilte roimh thograí ó Údaráis Áitiúla, agus ó eagraíochtaí áitiúla/réigiúnacha eile, ar nós Cuideachtaí Forbartha Áitiúla, chomh maith le ranna rialtais agus gníomhaireachtaí Stáit. Ar mhaithe le cuntasacht agus le maoirseacht, ní mór do phríomhpháirtí gach tionscadail a bheith ina chomhlacht Státchistithe, ach spreagtar comhoibriú leis an earnáil phríobháideach.
Is féidir tograí a chur ar aghaidh maidir le bailte ina bhfuil daonra 10,000 duine nó níos lú agus na limistéir mórthimpeall orthu. Beidh líon teoranta bailte sonraithe ina bhfuil daonra 10,000 duine nó níos lú incháilithe tacaíocht a fháil faoin gCiste um Athghiniúint Uirbeach atá á oibriú ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta; ach, mar sin féin, ní chuirfear maoiniú ar fáil ach faoi chiste amháin d’aon tionscadal ar leith.
Is féidir leat teacht ar liosta de na tionscadail a maoiníodh go dtí seo anseo.
Tá an Ceathrú Glao ar iarratais faoi Chatagóir 2 ar oscailt anois.
Rinne an tAire Forbartha Tuaithe agus Pobail, Heather Humphreys, TD an Ceathrú Glao ar thograí faoi Chatagóir 2 don Chiste um Athghiniúint agus Forbairt Tuaithe (RRDF) a oscailt i nDeireadh Fómhair 2024.
Faoin gCiste seo, cuirtear infheistíocht ar fáil chun tacú le tionscadail oiriúnacha i mbailte agus sráidbhailte ina bhfuil daonra níos lú ná 10,000 duine, chomh maith leis na ceantair timpeall orthu, a bhainfidh amach an Toradh Straitéiseach Náisiúnta i ndáil le Geilleagair agus Pobail Tuaithe Neartaithe chomh maith le forbairt gheilleagrach agus shóisialta inbhuanaithe a bhaint amach sna ceantair sin.
Do thionscadail uaillmhianacha a dteastaíonn maoinoiú uathu chun an togra a fhorbairt níos mó agus é a thabhairt chun cinn go mbeidh sé réidh le cur isteach ar ghlao Chatagóir 1 amach anseo faoin RRDF atá sna tionscadail a mhaoineofar faoi Chatagóir 2.
Is é an 14 Márta 2025 an dáta deiridh a nglacfar le hiarratais .
Category 2 Scheme Information Booklet - Rural Regeneration and Development Fund
Scheme outline and information on the fourth Call for Category 2 RRDF applications.
Application Form - RRDF Category 2 fourth call
Rural Regeneration and Development Fund Fourth Call for Category 2 applications. Published January 2025.
Frequently Asked Questions
Fourth Call for Category 2 RRDF Applications.
Chun bheith cothrom le dáta le haon nuacht faoin RRDF, lena n-áirítear glaonna ar iarratais amach anseo a fhógraítear, cláraigh lenár liosta seoltaí anseo: rrdf@drcd.gov.ie