Iompar Paisinéirí de Bhóthar - Mol Faisnéise maidir le Ceanglais Cheadúnúcháin agus Tástála
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Chun seirbhís Bus/Cóiste do phaisinéirí a oibriú in Éirinn, ní mór cloí le roinnt ceanglas ceadúnúcháin arna leagan amach ag comhlachtaí éagsúla rialtais, agus arb é an sprioc dheiridh atá acu ná bóithre agus paisinéirí in Éirinn a choinneáil slán sábháilte.
Is ceadúnas é seo do Mhórfheithicil Seirbhíse Poiblí - LPSV (feithicil a iompraíonn paisinéirí ar fruiliú nó ar luaíocht agus atá in ann níos mó ná 8 bpaisinéir a iompar (gan an tiománaí san áireamh), m.sh. Busanna/Cóistí)
• An Garda Siochána (AGS) a riarann é i gcomhréir leis an Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961, arna leasú.
• Ní mór scrúdú teicniúil a dhéanamh ar an bhfeithicil agus déanann an Garda Síochána Measúnú ar Charachtar an iarratasóra freisin (.i. úinéir cláraithe na feithicle nó an léasa, de ghnáth.)
• Tréimhse bhailíochta 3 bliana atá i gceist leis.
Ní mór don iarratasóir a bheith ina dhuine cuí oiriúnach (ag féachaint do charachtar agus d’iompar roimhe seo) agus ní mór don fheithicil a bheith sábháilte chun paisinéirí a iompar. Breithnítear sonraíocht, aois agus riocht na feithicle sa scrúdú teicniúil.
Déanann an Garda Síochána iniúchadh chun oiriúnacht an bhus lena húsáid mar LPSV a chinneadh sular féidir é a cheadúnú ar dtús agus déantar iniúchadh eile tráth gach tréimhse athnuachana ina dhiaidh sin, athnuachan atá bailí ar feadh 3 bliana, mura bhforálann an t-oifigeach PSV a mhalairt.
Más mian leat iarratas a dhéanamh ar Cheadúnas Mórfheithicle Seirbhíse Poiblí (LPSV), is gá teagmháil a dhéanamh le stáisiún áitiúil an Gharda Síochána, agus le Cigire PSV áitiúil go sonrach. Is féidir leat é sin a dhéanamh ach ríomhphost a sheoladh chuig do stáisiún áitiúil nó dul i dteagmháil leis ar an teileafón. Tá Eolaire Stáisiún ar fáil ag Eolaire Stáisiún - Garda , áit a bhfuil sonraí teagmhála, seoltaí ríomhphoist ina measc.
Cuirfidh d’oifigeach PSV foirm iarratais do Mhórfheithicil Seirbhíse Poiblí ar fáil duit. Tá cóip den fhoirm le fáil ag: https://www.garda.ie/en/faqs/traffic/lpsv-form.pdf
1. Deimhniú Árachais
2. Diosca Mótarchánach
3. Deimhniú CVRT – má tá an fheithicil níos mó ná aon bhliain d’aois
4. Logleabhar
5. Táille Scrúdaithe €60
6. Cóip de “Dheimhniú Corpraithe Cuideachta”
7. Deimhniú ar an seoladh ag a bhfuil an chuideachta cláraithe, agus ní mór do na doiciméid go léir a bheith in ainm na cuideachta nó an úinéara chláraithe.
Déanann an Garda Síochána Measúnú ar Charachtar iarratasóirí sula n-eisítear ceadúnas LPSV, mar a leagtar amach sna Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Mórfheithiclí Seirbhíse Poiblí) (Ceadúnú), 2017, mar seo a leanas:
Ní dheonóidh an Coimisinéir ceadúnas do mhórfheithicil seirbhíse poiblí ach amháin sa chás go mbeidh sé nó sí sásta—
(a) go bhfuil carachtar agus iompar an iarratasóra roimhe seo sa chaoi is go bhfuil an t-iarratasóir ina dhuine cuí agus oiriúnach chun ceadúnas den sórt sin a shealbhú,
(b) go gcloíonn an fheithicil leis na rialacháin a rinneadh faoi alt 11 den Acht, seachas i gcás inar fheithicil í an fheithicil—
(i) a bhfuil cead eisithe ag an Aire ina leith faoi alt 13 den Acht,
(ii) a bhfuil cead speisialta eisithe ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre ina leith faoi Rialachán 60 (arna leasú le Rialachán 2 de na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Déanamh agus Úsáid Feithiclí) (Leasú) (Uimh. 2), 2004 (I.R. Uimh. 858 de 2004)) de na Rialacháin um Thrácht ar Bhóithre (Déanamh agus Úsáid Feithiclí), 2003 (I.R. Uimh. 5 de 2003), nó
(iii) a bhfuil deimhniú comhréireachta nó deimhniú ceadaithe aonair eisithe ina leith sa chaoi is go bhfuil an fheithicil i gceist cineálcheadaithe i gcomhréir le Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Feithicil Bhóthair: Cur i Seirbhís), 2009 (I.R. Uimh. 157 de 2009),
(c) go bhfuil an fheithicil i gceist sábháilte le húsáid chun paisinéirí a iompar, agus
(d) go bhfuil nó go mbeidh úsáid na feithicle mar mhórfheithicil seirbhíse poiblí cumhdaithe le polasaí árachais formheasta.
Féach na Rialacháin seo a leanas: NA RIALACHÁIN UM THRÁCHT AR BHÓITHRE (MÓRFHEITHICLÍ SEIRBHÍSE POIBLÍ) (CEADÚNÚ), 2017
Is tástáil bhliantúil ar ródacmhainneacht í an Tástáil Ródacmhainneachta Feithiclí Tráchtála (CVRT) do gach feithicil agus bus tráchtála a bhfuil níos mó ná 8 suíochán iontu (gan an tiománaí san áireamh) agus do gach otharcharr, atá níos sine ná aon bhliain d’aois. Deimhnítear leis an CVRT go sásaíonn feithicil na bunchaighdeáin sábháilteachta an lá a dhéantar an tástáil. Déantar tástáil ar a bhfuil inrochtana agus infheicthe. Ní thugann sí barántas maidir le riocht na feithicle.
• An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre a riarann an tástáil.
• Leis an tástáil, déantar seiceáil ar riochtaí bunúsacha na feithicle agus eisítear Deimhniú Ródacmhainneachta. (féach a thuilleadh mionsonraí thíos)
• Tá an tástáil bailí ar feadh bliana.
Tá Tástáil Feithiclí Tráchtála ar cheann de na bearta coisctheacha a theastaíonn uainn, ionas go mbeidh feithiclí níos sábháilte ar na bóithre. Lena chinntiú go gcoinnítear feithiclí i riocht maith agus sábháilte ar feadh a saolré, is riachtanach go ndéantar iad a chothabháil agus a sheirbhísiú go tráthrialta. Tá oibleagáidí sainráite ar Oibreoirí Feithiclí Tráchtála anois córais cothabhála a bheith i bhfeidhm acu agus seiceálacha imshiúil laethúla a dhéanamh.
Ba cheart do dhaoine a bheartaíonn feithiclí úsáidte a cheannach iarraidh ar dhuine cáilithe an fheithicil a sheiceáil go cuimsitheach agus go neamhspleách sula gceannaítear í, nó ceannach ó dhíoltóir údaraithe agus barántas a fháil don fheithicil. Chun a thuilleadh eolais a fháil, tabhair cuairt ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin um Iomaíocht agus Cosaint Tomhaltóirí
An sprioc dheiridh atá againn ná bóithre na hÉireann a choimeád sábháilte. Is cuid den iarracht sin í an Tástáil Ródacmhainneachta Feithiclí Tráchtála (CVRT).
Tá ceithre phríomh-chúis ann nach mór tástáil CVR bhliantúil a dhéanamh ar d’fheithicil:
1. Chun do Dheimhniú Ródacmhainneachta (CRW) a fháil.
Ní bhfaighidh tú do Dheimhniú Ródacmhainneachta (CRW) go dtí go bhfaigheann d’fheithicil pas sa tástáil CVR.
Cruthaítear leis an deimhniú seo gur chomhlíon an fheithicil sraith bhunchaighdeán sábháilteachta an lá a fuair sí pas sa tástáil, ach ní féidir breathnú air mar bharántas maidir le riocht na feithicle.
2. Déanann sí riocht bunúsach d’fheithiclí a sheiceáil.
• Leis an tástáil CVR, cinntítear go bhfuil tástáil chothrom déanta ar gach feithicil earraí agus paisinéirí ar an mbóthar gach bliain. Leis an tástáil, aithnítear pointí teipe feithicle maidir le míreanna a thástáiltear i gcomhréir leis na lámhleabhair CVRT.
• Deimhnítear leis an CVRT go sásaíonn feithicil na bunchaighdeáin sábháilteachta an lá a dhéantar an tástáil. Déantar tástáil ar a bhfuil inrochtana agus infheicthe.
• Ní mór tástáil a dhéanamh ar gach feithicil tráchtála nuair atá sí os cionn bliain d’aois agus gach bliain ina dhiaidh sin.
3. Sábhálann sí am.
Ciallaíonn tástálacha bliantúla agus feithiclí dea-choinnithe nach mbriseann siad síos chomh minic sin. Cuireann an clár CVRT feabhas ar éifeachtúlacht tríd is tríd maidir le tástáil feithiclí earraí agus paisinéirí.
4. Tá dlí ann ina leith.
Luaitear sa reachtaíocht nach mór tástáil a dhéanamh ar gach feithicil tráchtála nuair atá sí os cionn bliain d’aois agus gach bliain ina dhiaidh sin. Dá réir sin, seachnóidh tú pointí pionóis agus fíneálacha ach d’fheithicil a thástáil.
Tá costais éagsúla ar thástálacha ródacmhainneachta feithiclí tráchtála de réir mhéid na feithicle.
Féach an leathanach faoi Tháillí Tástála Feithiclí Tráchtála chun faisnéis mhionsonraithe a fháil.
Níl aon táille ar athsheiceáil nuair is Pas le mioneasnaimh é toradh na tástála CVR.
Ullmhaítear don tástáil trí na nithe a leanas a chinntiú:
1. Seiceáil go bhfuil ola agus uisce in inneall d’fheithicle agus go bhfuil a dhóthain uisce sa niteoir gaothscátha.
2. Tá na suíocháin agus an áit lasta glan ó ghiuirléidí pearsanta, mar shampla sraitheanna uirlisí, agus tá rochtain ar an áit lasta ionas gur féidir codanna áirithe den tástáil a dhéanamh.
3. Tá an fheithicil réasúnta glan (go háirithe faoin chabhail).
4. Tá molchaidhpeanna na rothaí bainte den fheithicil (go háirithe i gcás nach féidir na rothchnónna a sheiceáil murach sin) agus tá na boinn teannta go dtí an brú ceart.
5. Tá an t-inneall i riocht ceart le tástáil a dhéanamh air, m.sh., tá athsholáthar déanta ar an gcrios comhuainiúcháin/slabhra i gcomhréir le treoir an mhonaróra. Seans go n-iarrfar ort séanadh a shíniú ag an ionad tástála a roghnaíonn tú.
6. Seiceáil go bhfuil na criosanna sábhála/búclaí le feiceáil agus ag obair i gceart. I gcás busanna agus feithiclí paisinéirí eile, ba cheart duit a chinntiú go seiceálann tú na criosanna sábhála/búclaí ar na suíocháin uile do phaisinéirí.
7. Tá na plátaí clárúcháin glan agus comhlíonann siad na rialacháin reatha.
8. Ní mór don duine a thugann an fheithicil chuig an iniúchadh aitheantas a thabhairt leis, i bhfoirm ceadúnais tiomána nó pas, mar ní eiseofar CRW don fheithicil, má fhaigheann sí pas sa tástáil, i gcás nach gcuirtear an chéannacht riachtanach ar fáil.
9. Tá teochtmhéadar d’fheithicle ag “normálta” sula sroicheann an fheithicil an t-ionad tástála lena hiniúchadh.
Oibritheoirí Tástála Ródacmhainneachta Feithiclí Tráchtála a thugtar ar an líonra ionad tástála feithiclí tráchtála ina ndéantar tástáil ar d’fheithicil tráchtála. An Líonra Tástála Feithiclí (VTN) a thugtaí air roimhe seo.
Is líonra ionad tástála faoi úinéireacht neamhspleách é seo, arna údarú agus arna mhaoirsiú ag an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre. Níl aon bhaint aige le líonra na Seirbhíse Náisiúnta Tástála Carranna (NCT) , nach déanann tástáil ach ar charranna amháin.
Chun a thuilleadh mionsonraí a fháil, féach: https://www.cvrt.ie/
Caithfidh tú Ceadúnas Oibreora Iompair Paisinéirí de Bhóthar a bheith agat má tá daoine á n-iompar agat ar fruiliú nó ar luaíocht i bhfeithicil ar féidir léi ochtar daoine nó níos mó ná sin a iompar (gan an tiománaí san áireamh). Tugann Ceadúnas Náisiúnta Oibreora Iompair Paisinéirí de Bhóthar teidlíocht don sealbhóir chun gnó iompair paisinéirí a dhéanamh laistigh den Stát seo amháin. Eisítear Ceadúnas Idirnáisiúnta Oibreora Iompair Paisinéirí de Bhóthar in éineacht le Ceadúnas Comhphobail, agus tugann sé teidlíocht don sealbhóir oibriú laistigh den Stát seo agus idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh.
An tAonad Ceadúnaithe Oibreoirí Iompair de Bhóthar sa Roinn Iompair a eisíonn Ceadúnais Oibreora Iompair Paisinéirí de Bhóthar.
• An tAonad Ceadúnaithe Oibreoirí Iompair de Bhóthar (RTOL) sa Roinn Iompair a eisíonn an ceadúnas seo.
• Tugann sé bealach isteach chuig gairm an oibreora iompair paisinéirí de bhóthar don sealbhóir.
• Bíonn sé bailí ar feadh 5 bliana, de ghnáth.
Nuair atá iarratas á dhéanamh ag oibreoir ar Cheadúnas Oibreora Iompair Paisinéirí de Bhóthar, ní mór Ceadúnas LPSV a bheith aige le haghaidh gach feithicle ar mian leis údarú a fháil ina leith. (Ní mór don Cheadúnas LPSV a bheith in ainm an iarratasóra, ach amháin má tá an fheithicil ar léas). Caithfidh gach feithicil a bheith faoi cháin agus faoi árachas le húsáid ar fruiliú nó ar luaíocht agus caithfidh deimhniú ródacmhainneachta a bheith aici.
Is cion é aon fheithicil ar féidir léi ochtar daoine nó níos mó ná sin a iompar (gan an tiománaí san áireamh), a oibriú ar fruiliú nó ar luaíocht gan í a bheith údaraithe go cuí déanamh amhlaidh faoi Cheadúnas Oibreora Iompair Paisinéirí de Bhóthar. Is é fíneáil €500,000 agus 3 bliana sa phríosún an pionós uasta mar gheall ar chion den sórt sin. Gach feithicil ar féidir léi ochtar daoine nó níos mó ná sin a iompar (gan tiománaí san áireamh), agus atá le húsáid faoin gceadúnas chun paisinéirí a iompar ar fruiliú nó ar luaíocht, ní mór í a dhearbhú san fhoirm iarratais RPTOL.
Chun an ceanglas maidir le hinniúlacht ghairmiúil a chomhlíonadh, ní mór do dhuine amháin ar a laghad i ngnóthas an oibreora iompair paisinéirí de bhóthar Deimhniú Inniúlachta Gairmiúla san Iompar Paisinéirí de Bhóthar a bheith aige nó aici chun a bheith cáilithe chun gníomhú mar bhainisteoir iompair.
Tá próiseas iarratais ar líne ar bun le haghaidh RPTOL, cuirtear na doiciméid tacaíochta isteach trí ríomhphost nó tríd an bpost, agus déantar íocaíocht le cárta dochair nó creidmheasa. Ceadúnais a ndéantar iarratas orthu ar líne, déantar iad a ghníomhachtú go huathoibríoch lena mbainistiú ar líne chomh luath agus a dheonaítear iad.
Táille iarratais ar líne (féach www.rtol.ie ): Is é €110 an táille le haghaidh Ceadúnas Oibreora Iompair Paisinéirí de Bhóthar (náisiúnta nó idirnáisiúnta). Táille iarratais tríd an bpost: Is é €140 an táille le haghaidh Ceadúnas Oibreora Iompair Paisinéirí de Bhóthar (náisiúnta nó idirnáisiúnta).
Is é an tAire Iompair a eisíonn ceadúnais RPTOL faoi alt 2 den Acht um Thrácht ar Bhóithre agus Iompar, 2006 ar feadh suas le cúig bliana.
Ní mór d'iarratasóirí:
• bunaíocht chobhsaí agus éifeachtach a bheith acu sa Stát
• Dea-cháil a bheith orthu
• seasamh airgeadais iomchuí a bheith acu; agus
• an inniúlacht ghairmiúil is gá a bheith acu.
Is ceanglais de chuid an Aontais Eorpaigh iad sin agus ní mór iad a chomhlíonadh ó thús deireadh thréimhse an Cheadúnais Oibreora Iompair Paisinéirí de Bhóthar. Mura gcomhlíontar aon cheanglas, féadfar do Cheadúnas Oibreora, do Cheadúnas Comhphobail agus doiciméid cheadúnais eile maidir le feithiclí a tharraingt siar nó a chur ar fionraí.
Déanann aonad RTOL na Roinne Iompair seiceáil ar an iarratasóir lena chinntiú go gcomhlíonann siad na ceanglais thuas. Déantar grinnfhiosrúchán an Gharda Síochána le haghaidh gach duine ábhartha in iarratas RPTOL trí phróiseas ríomh-ghrinnfhiosrúcháin, agus ní mór Foirm Dhearbhaithe um Dhea-Cháil a chomhlánú i gcás go gcaitear sáruithe nó pionóis nach mbaineann leis an nGarda Síochána a dhearbhú.
Ní mór d’iarratasóirí imréiteach cánach reatha ó na Coimisinéirí Ioncaim a bheith acu agus ní mór dóibh na mionsonraí a iarrtar a sholáthar le cur ar chumas RTOL a staid imréitigh cánach a fhíorú ar líne, agus ní mór dóibh árachas iomchuí a bheith acu.
Is cáilíocht é Deimhniú Inniúlachta Gairmiúla (CPC) i mBainistiú Iompair de Bhóthar a cheadaíonn don sealbhóir gníomhú mar bhainisteoir iompair i ngnóthas iompair de bhóthar. NÍ ceadúnas é chun oibriú in earnáil an iompair de bhóthar. Caithfidh gach gnóthas iompair de bhóthar Ceadúnas Oibreora a bheith aige chun oibriú ar fruiliú nó ar luaíocht, agus is ceann de choinníollacha an cheadúnais é nach mór bainisteoir iompair cáilithe, .i. duine a bhfuil CPC aige, a bheith ag an oibreoir. An tAonad Ceadúnaithe Oibreoirí Iompair de Bhóthar a eisíonn Ceadúnais Oibreora. An Institiúid Chairte Lóistíochta agus Iompair a eisíonn Deimhnithe ar Inniúlacht Ghairmiúil.
Tá treoir mhionsonraithe maidir le Ceadúnú Oibreoirí Iompair Paisinéirí de Bhóthar agus Iarratas ar RTOL a chomhlánú le fáil anseo.
Má theastaíonn a thuilleadh faisnéise uait maidir le Ceadúnas Oibreora Iompair Paisinéirí de Bhóthar, déan teagmháil leis an Aonad Ceadúnaithe Oibreoirí Iompair de Bhóthar ag: An Roinn Iompair, Teach Chluain Fearta, Sráid Bhríde, Baile Locha Riach, Co. na Gaillimhe H62 ET93.
Teileafón: 091 872950
Ríomhphost: rtol@transport.gov.ie
Suíomh gréasáin: https://www.rtol.ie/rtol-online/
Faoin Acht um Rialáil Iompair Phoiblí, 2009 (Acht PTR, 2009), tá an tÚdarás Náisiúnta Iompair freagrach as seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí a cheadúnú. Is minic a thugtar ‘seirbhísí bus tráchtála’ ar sheirbhísí bus poiblí do phaisinéirí, ós rud é go n-oibrítear iad gan aon fhóirdheontas poiblí ón NTA. Tugtar ‘ceadúnais bhealaigh’ orthu freisin, ós rud é go mbronnann an NTA ceadúnas ar leithligh ar bhealaí éagsúla.
Ní féidir seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí a sholáthar ach amháin i gcomhréir le ceadúnas arna eisiúint ag an Údarás Náisiúnta Iompair (an tÚdarás). I gcás ina bhfuil seirbhís sceidealaithe le soláthar, ní mór ceadúnas bealaigh a fháil ón Údarás Náisiúnta Iompair (NTA).
• Tá an NTA freagrach as seirbhísí bus poiblí do phaisinéirí a cheadúnú.
• I gcás ina bhfuil seirbhís sceidealaithe le soláthar, ní mór ceadúnas bealaigh a fháil.
• Maireann an bhailíocht suas le 3 bliana.
Tugtar sainmhíniú ar sheirbhís bus poiblí do phaisinéirí in Alt 2 den Acht um Rialáil Iompair Phoiblí, 2009 (an tAcht PTR, 2009). Go simplí, ciallaíonn seirbhís bus poiblí do phaisinéirí bus nó busanna a úsáid chun paisinéirí a iompar sa chaoi is:
a. go bhfuil gach turas oscailte lena úsáid ag daoine den phobal;
b. go n-íoctar táille nó táillí i ndáil le gach paisinéir. Is féidir táillí a íoc roimh an turas, lena linn nó ina dhiaidh. Áirítear orthu sin, mar shampla, airgead tirim, íocaíochtaí ar líne, cártaí turais réamhíoctha agus ticéid réamhíoctha;
c. go soláthraítear an tseirbhís ar bhonn tráthrialta agus sceidealaithe de ghnáth, agus
d. go gcuirtear iompar ar fáil do phaisinéirí idir pointí sonraithe críochfoirt nó ar bhealach ar leith nó eile i gcomhréir le hamchlár foilsithe.
Tabhair do d'aire go bhfuil sé de rogha ag an Údarás a chinneadh cé acu atá feidhm ag pointí c agus d thuas nó nach bhfuil.
Má tá aon amhras ort faoi cé acu a éilítear ceadúnas d’aon seirbhís a sholáthraíonn tú nó a bheartaíonn tú a sholáthar nó nach n-éilítear, ní mór duit teagmháil a dhéanamh leis an Údarás Náisiúnta Iompair.
Seol ríomhphost chuig buslicensing@nationaltransport.ie má tá aon cheist agat faoin bpróiseas ceadúnaithe do bhusanna tráchtála.
Seol gach iarratas ar cheadúnas nua, nó ar cheadúnas atá ann cheana féin a leasú, a athnuachan nó a aistriú, chuig bus.app@nationaltransport.ie
I gcás ina ndéantar iarratas ar cheadúnas nó ar leasú, ní mór duit fanacht ar an Údarás an ceadúnas nó an leasú ar cheadúnas a dheonú sula dtosaíonn tú ar sheirbhís a sholáthar. Ní thugann iarratas ar cheadúnas nua nó iarratas ar leasú ar cheadúnas atá ann cheana féin aon cheart chun an tseirbhís bus poiblí do phaisinéirí a sholáthar fad is atá an t-iarratas á bhreithniú ag an Údarás. Sháródh sé sin an Acht PTR, 2009.
I bhfocail eile, ní féidir leat tús a chur le seirbhís bus poiblí do phaisinéirí ná athrú a dhéanamh ar an tseirbhís cheadúnaithe a sholáthraíonn tú cheana féin gan ceadúnas a bheith eisithe ag an Údarás.
Féach Treoirlínte an Údaráis maidir le Seirbhísí Bus Poiblí do Phaisinéirí a Cheadúnú agus an Treoir Ghairid maidir le Seirbhísí Bus Poiblí do Phaisinéirí chun a thuilleadh eolais a fháil.
Sula ndéanann tú iarratas, beidh na nithe seo a leanas ag teastáil uait:
• Cruthúnas ar do Stádas Imréitigh Cánach ó na Coimisinéirí Ioncaim; agus
• Ceadúnas Oibreora Iompair Paisinéirí de Bhóthar bailí nó Ceadúnas Comhphobail bailí, arb é Aonad RTOL na Roinne Iompair a eisíonn an dá cheann díobh sin.
Is chun do leasa é an oiread faisnéise mionsonraithe agus is féidir faoin tseirbhís a bheartaíonn tú a sholáthar a chur san áireamh i d’iarratas chuig an Údarás, lena n-áirítear an méid seo a leanas:
• An margadh ar a bhfreastalóidh sí.
• Conas a chuirfidh sí breisluach ar fáil d’úsáideoirí iompair phoiblí.
• Aon fhaisnéis atá agat faoin líon paisinéirí féideartha. Chun a léiriú go bhfuil éileamh ar do sheirbhís bheartaithe, ba cheart duit doiciméadacht a chur san áireamh, mar shampla ceistiúcháin phaisinéirí, fianaise ar líonta nua paisinéirí nó líonta atá ag méadú ar an mbealach beartaithe (gnólachtaí, ollscoileanna, ionaid siopadóireachta, eastáit tithíochta, mar shampla), agus iarratais ó ghnólachtaí áitiúla a thacaíonn le d’iarratas.
• Cén chaoi a bhfuil an tseirbhís difriúil ó na seirbhísí iompair phoiblí atá ann cheana féin.
• Faisnéis faoi inrochtaineacht d’fheithicle/d’fheithiclí nó do sheirbhís/do sheirbhísí do dhaoine faoi mhíchumas.
Féach Déan Iarratas ar Cheadúnas nó Déan Leasú ar Cheadúnas atá Ann Cheana Féin chun tuilleadh mionsonraí a fháil faoin gcaoi le hiarratas bailí ar cheadúnas a dhéanamh.
Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun an forléargas iomlán ar Tháillí ar Cheadúnais Náisiúnta a fheiceáil: Táillí - Iompar Náisiúnta
Chomh luath agus a bheidh iarratas bailí athbhreithnithe ag an Údarás, déanfar ceann de na trí chineál chinnidh seo a leanas:
• Tairiscint le haghaidh na seirbhíse iomláin, mar a ndearnadh iarratas uirthi.
• Tairiscint i bpáirt le haghaidh an tseirbhís a ndearnadh iarratas uirthi – d‘fhéadfaí gan ach gnéithe de na seirbhísí is ábhar don iarratas a thairiscint, nó amanna na seirbhísí a athrú.
• Diúltú don iarratas.
Ba cheart a thabhairt do d’aire gur táscach í tairiscint agus nach bhfuil sí ceangailteach go dlíthiúil.
Ní ceadúnas chun seirbhís a oibriú í tairiscint.
Má dhéantar tairiscint le haghaidh ceadúnais, caithfidh tú roinnt doiciméad a sholáthar fós, sular féidir leat an tseirbhís a thosú. D’fhéadfadh an méid a thairg an tÚdarás duit a bheith difriúil ón méid a ndearnadh tú iarratas air. Míneofar é sin duit ag an gcéim seo (m.sh. amchlár tairgthe). Ní mór glacadh le tairiscint i scríbhinn. Is táscach í tairiscint agus níl sí ceangailteach go dlíthiúil, ós rud é go ndeonaítear ceadúnas faoi choinníoll aon doiciméadacht atá fós le cur isteach agus/nó aon íocaíochtaí atá fós le híoc a fháil. Cuirfear iad sin in iúl don iarratasóir.
D’fhéadfaí a áireamh leo sin:
• an táille eisiúna chuí don cheadúnas;
• formheas ón Údarás um Bóithre nó ón úinéir talún ábhartha (i gcás maoin phríobháideach) do na stadanna bus go léir atá beartaithe;
• mionsonraí faoi aon socruithe fochonraitheoireachta atá beartaithe;
• cóip d’árachas bailí chun an tseirbhís cheadúnaithe a sholáthar;
• cóip den Deimhniú ar an Tástáil Ródacmhainneachta Feithiclí Tráchtála (CVRT) do na feithiclí go léir;
• cóip den cheadúnas nó de na ceadúnais Mhórfheithicle Seirbhíse Poiblí (LPSV) do na feithiclí go léir agus/nó
• mionsonraí faoi libhré, acmhainn agus inrochtaineacht na bhfeithiclí atá le húsáid.
Is cion é faoin Acht PTR, 2009 na nithe seo a leanas a dhéanamh:
• Seirbhís gan cheadúnas a sholáthar.
• Gan cloí le coinníollacha ceadúnaithe aon cheadúnas atá ann cheana féin.
• Soláthar seirbhíse a athrú gan ceadúnas leasaithe a fháil roimh ré.
Mar a ndéantar foráil dó le hAlt 8 den Acht PTR, 2009, féadfaidh an tÚdarás Náisiúnta Iompair an dá chatagóir ceadúnais agus na tréimhsí bailíochta do na ceadúnais sin a shonrú. Léiríonn catagóirí ceadúnaithe bus riachtanais limistéir gheografacha éagsúla nó seirbhísí sonracha, (m.sh. turais, seirbhísí aonuaire, limistéir thuaithe). Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfadh go mbeadh gá le tréimhsí bailíochta éagsúla le haghaidh catagóirí éagsúla ceadúnas. Beidh gach ceadúnas bailí ar feadh trí bliana, mura luaitear a mhalairt thíos. Is tábhachtach go mbeadh an córas sách solúbtha chun freastal ar chineálacha nua seirbhísí de réir mar a thagann siad chun cinn.
Dá réir sin, cuirfear na catagóirí agus na tréimhsí bailíochta seo a leanas i bhfeidhm:
• Ceadúnais a bhaineann go sonrach le himeacht nó ionad: Deonófar ceadúnais sa chatagóir seo ar feadh tréimhse an imeachta nó ar feadh 12 mhí i gcás ionad a mbeidh roinnt imeachtaí ann.
• Ceadúnais le haghaidh gnáthsheirbhísí: Deonófar gach ceadúnas sa chatagóir seo ar feadh 3 bliana. Féadfar ceadúnais a bheith le haghaidh seirbhís ar feadh na bliana nó seirbhísí séasúracha, m.sh. míonna an tsamhraidh nó téarmaí acadúla.
• Seirbhísí sealadacha/seirbhísí a fhreagraíonn d’éileamh: Beidh tréimhse bhailíochta aon bhliain amháin ag ceadúnais faoin gcatagóir seo agus beidh siad in-athnuaite faoi théarmaí Alt 16 den Acht PTR, 2009.
• Seirbhísí spriocdhírithe sonracha (lena n-áirítear turas, imeachtaí sóisialta mar shampla clubanna oíche, biongó, srl.): Beidh tréimhse bhailíochta 3 bliana ag ceadúnais faoin gcatagóir seo.
Ar aon dul le forálacha an Achta PTR, 2009, déanfaidh an tÚdarás, i gcás gach iarratas ar cheadúnas, beag beann ar an gcatagóir, breithniú ar an éileamh nó ar an éileamh féideartha sa mhargadh go léir nó i gcodanna de, atá ann don tseirbhís bus poiblí do phaisinéirí dá bhfuil an t-iarratas á dhéanamh. Agus breithniú á dhéanamh aige ar an éileamh nó ar an éileamh féideartha, breithneoidh an tÚdarás riachtanais úsáideoirí iompair phoiblí agus na seirbhísí atá á gcur ar fáil ag aon seirbhís bus poiblí do phaisinéirí atá ann cheana féin ar an mbealach a bhfuil an tseirbhís bus poiblí do phaisinéirí atá molta le freastal air, nó gar de. Breithneofar iarratais ar a bhfiúntas aonair féin agus ar bhonn cás-ar-chás lena chinntiú go gcuirtear riachtanais úsáideoirí iompair phoiblí i gcroílár an phróisis cinnte ceadúnas.
Is Deimhniú Inniúlachta Gairmiúla do thiománaithe gairmiúla busanna agus trucailí é CPC tiománaí. An tÚdarás um Shábháilteacht ar Bhóithre a riarann é agus leagann sé amach ardchaighdeáin sábháilteachta agus tiomána i measc tiománaithe busanna agus trucailí.
Le bheith i do thiománaí gairmiúil busanna nó trucailí caithfidh tú:
• láncheadúnas do charranna a bheith agat.
• a bheith os cionn 18 chun CPC Tiománaí trucaile a fháil
• a bheith os cionn 21 chun CPC Tiománaí bus a fháil
• a bheith ábalta ó thaobh na sláinte de bus nó trucail a thiomáint
Beidh CPC Tiománaí uait má oibríonn tú go gairmiúil duit féin mar oibreoir iompair aonair nó má tá tú fostaithe ag cuideachta mar thiománaí gairmiúil. Más mian leat oibriú mar thiománaí gairmiúil bus nó trucaile, teastaíonn láncheadúnas tiomána uait don chatagóir feithicle is mian leat a thiomáint agus Deimhniú Inniúlachta Gairmiúla Tiomána.
Má thiomáineann tú aon cheann de na feithiclí sa liosta thíos, ní theastaíonn CPC Tiomána uait:
• feithiclí nach gceadaítear dóibh dul níos tapúla ná 45 chiliméadar san uair.
• feithiclí a úsáideann nó a rialaíonn Óglaigh na hÉireann, Cosaint Shibhialta, an tSeirbhís Dóiteáin agus fórsaí atá freagrach as an ord poiblí a choimeád.
• feithiclí atá i mbun tástálacha bóthair maidir le forbairt theicniúil, chun críocha deisithe nó cothabhála, nó tiománaithe feithiclí nua nó atógtha nár cuireadh i seirbhís go fóill.
• tiománaithe feithiclí chun críocha neamhthráchtála, m.sh., tiomáint mar oibrí deonach gan phá, tiománaithe feithiclí éigeandála nó tarrthála
• feithiclí a úsáideann teagascóirí tiomána atá cláraithe leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre agus formheasta ag an Údarás sin atá i mbun teagaisc tiomána d’aon duine ar mian leis ceadúnas tiomána nó CPC a fháil.
• feithiclí a úsáidtear chun paisinéirí nó earraí a iompar le haghaidh úsáid phearsanta agus ní le haghaidh ghnó.
• feithiclí a iompraíonn ábhair nó trealamh a úsáideann an tiománaí mar chuid dá chuid oibre, ar choinníoll nach tiomáint na feithicle é príomhghníomhaíocht an tiománaí.
Tá roinnt imthosca ann nach n-éilíonn ar thiománaí bunaithe a bhfuil cearta faighte aige aon scrúdú a dhéanamh. Mar sin féin, is gá duit CPC Tiománaí a dhéanamh fós agus oiliúint thréimhsiúil i CPC Tiománaí a dhéanamh chun do cháilíocht CPC Tiománaí a choimeád agus bheith ag tiomáint go gairmiúil.
Tá 10 gcéim i gceist le bheith i do thiománaí CPC:
1. Ullmhaigh
2. Tástáil teoirice
3. Tástáil cás-staidéar
4. Ceadúnas foghlaimeora
5. Ceachtanna i dTiomáint Ghairmiúil
6. Tástáil tiomána
7. Tástáil imshiúil
8. Ceadúnas Tiomána
9. Cárta CPC tiománaí
10. Tiomáint chomhlíontach agus fanacht cáilithe
Is féidir leat tabhairt faoi dheimhniúchán mar thiománaí bus nó trucaile a fháil agus na céimeanna go léir a dhéanamh. Ní gá duit ach an tástáil cás-staidéar agus an tástáil imshiúil a dhéanamh agus pas a fháil iontu le bheith incháilithe do chárta CPC Tiománaí má tá láncheadúnas tiomána bailí bus nó trucaile agat cheana féin.
Molann an RSA duit cúrsa ceachtanna tiomána a dhéanamh le duine dár dTeagascóirí Tiomána Formheasta (ADI) chun ullmhú do do thástáil tiomána phraiticiúil. Ós rud é go socraíonn gach scoil tiomána a dtáillí féin ar an teagasc, molaimid duit géarsiopadóireacht a dhéanamh chun teacht ar an gclár oiliúna is fearr a oireann do do riachtanais.
Ar cáilíocht don CPC Tiomána a bhaint amach, caithfidh tú é a choinneáil ar bun trí Mhodúil Oiliúna CPC bhliantúla a dhéanamh i gcaitheamh timthriall cúig bliana le bheith cáilithe i gcónaí.
Cliceáil ar an nasc seo a leanas chun - Ionad Oiliúna CPC Tiomána a aimsiú
Na dlíthe agus na pionóis a bhfuil feidhm acu maidir le CPC Tiomána.
Caithfidh gach tiománaí gairmiúil bus agus trucaile Deimhniú Inniúlachta Gairmiúla Tiomána (CPC Tiomána) a bheith aige. Tá sé mídhleathach tiomáint go gairmiúil gan chárta CPC Tiomána agus gearrtar pionóis dhiana as neamhchomhlíontacht.
Is féidir achoimre a thabhairt ar na tréimhsí bailíochta le haghaidh Cheadúnú Bus mar seo a leanas:
Ceadúnas/Tástáil | Bailíocht |
CVRT | 1 bhliain |
LPSV | 3 Bliana (is féidir é a eisiúint ar feadh tréimhse níos giorra faoi lánrogha an chigire PSV) |
Ceadúnas Seirbhíse Bus Poiblí do Phaisinéirí | 3 bliana (mura luaitear a mhalairt) |
RPTOL | 5 bliana |
Ceadúnas Tiomána Náisiúnta (Grúpa 2 – Busanna) | 5 bliana |
CPC | Ar cáilíocht don CPC Tiomána a bhaint amach, caithfidh tú é a choinneáil ar bun trí Mhodúil Oiliúna CPC bhliantúla a dhéanamh i gcaitheamh timthriall cúig bliana le bheith cáilithe i gcónaí. |
Cineálacha busanna agus na hoibleagáidí atá ort caighdeáin sábháilteachta a choinneáil ar bun mar oibreoir bus.
Tá dhá chatagóir busanna ann:
• M2 – Bus Bus beag atá in ann níos mó ná 8 bpaisinéir a iompar (gan an tiománaí san áireamh) sa bhreis ar an tiománaí agus nach mó ná cúig thona an uasmhais atá aige.
• M3 – Bus Bus mór atá in ann níos mó ná 8 bpaisinéir a iompar (gan an tiománaí san áireamh) sa bhreis ar an tiománaí agus gur mhó ná cúig thona an uasmhais atá aige.
Má tá tú ag smaoineamh ar bhus úsáidte a cheannach, ba cheart duit cuairt a thabhairt ar feithicil tráchtála úsáidte a cheannach chun comhairle a fháil.
Gheobhaidh tú a thuilleadh eolais faoi ghnéithe sábháilteachta feithiclí anseo freisin.
Do bhus a chothabháil agus a dheisiú - Mar úinéir nó oibreoir bus, tá sé thar a bheith tábhachtach d’fheithicil a choimeád ródacmhainneach i gcónaí.
Caithfidh gach oibreoir bus a chinntiú go bhfuil busanna ródacmhainneach. Caithfidh siad:
• Córais chothabhála choisctheacha tráthrialta agus ardchaighdeáin a bheith ar bun
• Seiceálacha imshiúil laethúla a dhéanamh
• Fabhtanna a dheisiú go tapa
• A chinntiú go ndéantar busanna a thástáil in am
• Féindearbhú bliantúil a dhéanamh leis an Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre.
Taobh amuigh de na buntáistí um shábháilteacht ar bhóithre agus go bhfuil oibleagáid dhlíthiúil ort ina leith, trí bhusanna a choinneáil i riocht maith, laghdaítear an dóchúlacht go gcuirfí moill ar do bhus mar gheall ar agaí neamhfhónaimh gan choinne, go ndéanfaí busanna neamhshábháilte a gaibhniú agus go gcuirfí moilleanna breise orthu ag cigireachtaí cois bóthair.
Tá a thuilleadh faisnéise le fáil ar an suíomh gréasáin maidir le Cothabháil agus deisiúchán feithiclí CVRT.
• Seiceálacha Imshiúil Laethúla léiríonn an tábhacht agus na buntáistí a bhaineann le seiceálacha imshiúil laethúla agus na hoibleagáidí atá ort mar thiománaí bus.
• Tá riosca i gceist le tiomáint don obair, ní hamháin don tiománaí ach do chomhghleacaithe agus do dhaoine den phobal freisin, mar shampla coisithe agus úsáideoir bóithre eile.
• Tá comhairle ar ár suíomh gréasáin Tiomáint don Obair faoi chabhrú le tiomáint don obair a dhéanamh níos sábháilte do
Is féidir leat a thuilleadh eolais a fháil ó CVRT faoin gcaoi a mbíonn tiomáint don obair níos sábháilte ach do bhus a chothabháil i gceart agus seiceálacha imshiúil a dhéanamh air.
Is mar seo a leanas iad na catagóirí do cheadúnais tiomána agus d’aois íosta tiománaithe bus in Éirinn:
Catagóir | Cineál Feithicle | Aois Íosta |
D1 | Feithiclí i gcatagóir D a dearadh agus a tógadh chun líon nach mó ná sé phaisinéir déag a iompar, sa bhreis ar an tiománaí, nach mó ná 8 méadar a bhfad uasta agus nach mó ná 750 kg MAM¹ an leantóra orthu. | 21 bliain |
D | Feithiclí a dearadh agus a tógadh chun níos mó ná ocht bpaisinéir a iompar, sa bhreis ar an tiománaí, agus nach mó ná 750 kg MAM¹ an leantóra orthu. | 24 bliana nó 21 bliain le CPC |
An aois íosta ag a bhféadfaidh tú ceadúnas foghlaimeora a fháil sa chatagóir sin.
Tabhair do d’aire: Ciallaíonn “cóiríocht do phaisinéirí” cóiríocht suíochán do phaisinéirí sa bhreis ar shuíochán an tiománaí.
MAM¹ (Mais Údaraithe Uasta). De ghnáth, tagraíonn monaróirí di mar ollmheáchan ceaptha feithicle (d.g.v.w.) agus léirítear í ar phláta miontail a ghreamaíonn an monaróir den fheithicil.
Níl cead agat go dleathach tiomáint gan tionlacan go dtí go mbeidh láncheadúnas tiomána bailí agat.
Is féidir leat catagóir a chur le do cheadúnas tiomána go tapa agus go héasca anois. Ní gá foirmeacha páipéir a chomhlánú, coinne a dhéanamh ná cuairt a thabhairt ar ionad NDLS. Níl ag teastáil uait ach na nithe a leanas:
• Cruthúnas ar do sheoladh dar dáta laistigh de na sé mhí dheireanacha má tá do sheoladh reatha difriúil ón seoladh a thug tú nuair a rinne tú iarratas ar do Chárta Seirbhísí Poiblí.
• An tástáil tiomána a bheith gnóthaithe agat sa chatagóir a bhfuil iarratas á dhéanamh agat uirthi laistigh den dá bhliain dheireanacha.
• Cruthúnas go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn má tá d’áit bhreithe agus do náisiúntacht taobh amuigh den AE/LEE.
• Foirm thuairisc liachta a comhlánaíodh go hiomlán laistigh den mhí dheireanach, más gá i do chás.
• Deimhniú Inniúlachta Gairmiúla (CPC) tiomána ábhartha atá comhlánaithe go hiomlán, más gá.
• Táille iarratais €35.00. Is féidir leat íoc le cárta creidmheasa nó dochair.
Is forbhreathnú é seo ar na céimeanna nach mór duit a dhéanamh le bheith i do thiománaí sábháilte, cáilithe agus gairmiúil sa chatagóir ceadúnais a roghnaigh tú.
Ní mór duit:
• a bheith ábalta, ó thaobh na sláinte de, chun tiomána.
• láncheadúnas tiomána, bailí i gcatagóir B (carr nó veain éadrom) a bheith agat agus na riachtanais ábhartha go léir a chomhlíonadh maidir le Deimhniú Inniúlachta Gairmiúla (CPC) Tiomána (Féach a thuilleadh eolais thíos).
• an tástáil teoirice tiománaí i gcatagóir C (trucail), i gcatagóir D (bus) nó i gcatagóir C agus D (trucail agus bus) a bheith déanta agus pas faighte iontu sula ndéantar iarratas ar cheadúnas foghlaimeora sa chatagóir ábhartha.
• gan ach an cineál feithicle dá bhfuil ceadúnas foghlaimeora nó ceadúnas tiomána agat a thiomáint.
• gan trucail nó bus a thiomáint ach amháin nuair atá duine in éineacht leat a bhfuil láncheadúnas bailí aige sa chatagóir chéanna le dhá bhliain anuas ar a laghad.
• do cheadúnas tiomána nó do cheadúnas foghlaimeora a iompar leat i gcónaí agus tú ag tiomáint.
• Ní mór duit do chéannacht a chruthú agus do theidlíocht maidir le ceadúnas tiomána nó ceadúnas foghlaimeora a bheith agat. Ciallaíonn sé sin go bhfuil tú ar a laghad 21 bliain d’aois an tráth a ndéanann tú iarratas ar cheadúnas foghlaimeora i gcatagóir D (CPC bus) nó ar cheadúnas foghlaimeora i gcatagóir D1 (mionbhus).
• Ní mór duit a chruthú go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn, go bhfuil seoladh bailí agus uimhir Phearsanta Seirbhíse Poiblí (UPSP) agat, agus go bhfuil tú ábalta, ó thaobh na sláinte de, chun tiomána. Ba cheart duit a chinntiú go bhfuil d’fheithicil sábháilte, ródacmhainneach, faoi árachas, faoi cháin agus L-Phlátaí uirthi.
• I gcás ina bhfuair tú láncheadúnas le haghaidh chatagóir D1 (mionbhus) an 9 Meán Fómhair, 2008, nó roimhe sin, seans go mbeidh tú díolmhaithe ó chuid de na riachtanais, nó ó na riachtanais go léir, a bhaineann le Deimhniú Inniúlachta Gairmiúla (CPC).
Nuair a fhaigheann tú pas sa tástáil tiomána phraiticiúil, eisítear deimhniú inniúlachta duit. Nuair a fhaigheann tú pas sa tástáil imshiúil, eisítear cóip de bhileog marcála an tástálaí duit, ar a bhfuil an scór a fuair tú. Ní thugann an deimhniú agus an bhileog marcála teidlíocht duit tiomáint mar shealbhóir láncheadúnas CPC. Ní mór duit cloí le rialacha do cheadúnais foghlaimeora go dtí go n-eiseofar láncheadúnas tiomána duit.
Ní mór duit iarratas ar do cheadúnas tiomána a dhéanamh laistigh de dhá bhliain ón dáta a bhfuair tú do dheimhniú inniúlachta agus scór na tástála imshiúil. Mura ndéanann tú iarratas ar do cheadúnas laistigh den tréimhse ama sin, ní bheidh do dheimhniú inniúlachta ná scór na tástála imshiúil bailí a thuilleadh agus beidh ort íoc as an tástáil tiomána agus as an tástáil imshiúil agus iad a dhéanamh arís.
Is féidir leat iarratas ar cheadúnas tiomána a dhéanamh ar líne ag NDLS.ie le Cárta Seirbhísí Poiblí agus MyGovID fíoraithe, nó go pearsanta ag ionad áitiúil de chuid na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána.
€55.00 an táille ar cheadúnas CPC cúig bliana nua. €35.00 an táille iarratais chun catagóir nua a chur le ceadúnas tiomána atá faighte cheana féin.
D’fhéadfadh tréimhsí agus táillí ceadúnais eile a bheith i gceist duit. Is féidir leat íoc leis na modhanna seo.
Chun iarratas ar do cheadúnas tiomána a dhéanamh go pearsanta, beidh na nithe a leanas ag teastáil uait:
• foirm iarratais ar cheadúnas tiomána agus í comhlánaithe agus sínithe
• do dheimhniú inniúlachta
• do cheadúnas tiomána reatha.
• do cheadúnas foghlaimeora reatha nó an ceann is déanaí a bhí agat. I gcás inar cailleadh nó goideadh do cheadúnas, ní mór duit aitheantas fótagrafach bailí a thabhairt leat freisin.
• cruthúnas ar do sheoladh dar dáta laistigh de na sé mhí dheireanacha.
• cruthúnas go bhfuil gnáthchónaí ort in Éirinn má tá d’áit bhreithe agus do náisiúntacht taobh amuigh den AE/LEE
• d’fhoirm thuairisc liachta a comhlánaíodh agus a síníodh laistigh de na trí mhí dheireanacha, agus foirm thuairisce ar radharc na súl dar dáta laistigh de na trí mhí dheireanacha, má bhaineann sí sin leat
• do tháille iarratais €55.00. Seans go mbainfidh tréimhsí agus táillí ceadúnais eile leat. Is féidir leat íoc leis na modhanna seo.
Beidh ort coinne a dhéanamh ar líne chun freastal ar aon cheann de na 36 ionad de chuid na Seirbhíse Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána (NDLS) go pearsanta. Iarraimid ort a chinntiú go mbeidh na foirmeacha agus an t-aitheantas is gá ullmhaithe agat roimh ré chun an seans go gcuirfí moill ort ar an lá a íoslaghdú.
Níl an tSeirbhís Náisiúnta um Cheadúnais Tiomána ag glacadh ach le híocaíochtaí le cárta creidmheasa nó dochair agus le GooglePay nó Apple Pay faoi láthair.
Déanfar ghrianghraf díot agus do shíniú a ghabháil go leictreonach ag an ionad NDLS.