Taiscéalaíocht agus Táirgeadh Ola agus Gáis
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Tá an peitriliam (ola agus gás) ar fad in Éirinn dílsithe don Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide faoin Acht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960. Faoin Acht, ní mór do chuideachtaí údarú a fháil ón Aire chun go bhféadfaidh siad gníomhaíochtaí taiscéalaíochta nó táirgthe ola agus gáis a sheoladh amach ó chósta na hÉireann.
Tá i gClár an Rialtais gealltanas chun deireadh a chur le ceadúnais nua a eisiúint le haghaidh taiscéalaíocht agus astarraingt gáis ar an mbonn céanna leis an gcinneadh a rinne an rialtas roimhe i mí Mheán Fómhair 2019 i ndáil le taiscéalaíocht agus astarraingt ola. Thug an tAire éifeacht don ghealltanas sin láithreach, agus ní ghlacann an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide a thuilleadh le haon iarratais nua ar cheadúnais taiscéalaíochta le haghaidh gás nádúrtha nó ola.
Tugadh éifeacht reachtúil don ghealltanas sin tríd an Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, a tosaíodh an 7 Meán Fómhair 2021. Leis an Acht sin, cuirtear Éire ar chonair atá ina ceangal dlí i dtreo astaíochtaí glan-nialasacha a bhaint amach tráth nach déanaí ná an bhliain 2050 agus i dtreo laghdú 51% in astaíochtaí a bhaint amach faoi dheireadh na deacáide seo. Tugtar leis an Acht an creat trína bhféadfaidh Éire na ceangaltais aeráide idirnáisiúnta agus AE atá uirthi a chomhlíonadh agus trína bhféadfaidh sí a éirí ina ceannaire aitheanta i réimse an ghníomhaithe ar son na haeráide.
Cosúil le cur chun feidhme an toirmisc a tugadh isteach sa bhliain 2019 ar thaiscéalaíocht nua le haghaidh ola, ní dhéanfar leis an toirmeasc seo aon difear d’iarratais ná údaruithe a bhí i bhfeidhm sula ndeachaigh an Rialtas i mbun oifige i mí an Mheithimh 2020. Fágann sé sin go mbeidh údaruithe atá ann cheana in ann leanúint le hiarratas a dhéanamh ar dhul trí na céimeanna ceadúnúcháin i dtreo táirgthe go dtí go dtiocfaidh siad chun deiridh nádúrtha, lena n-áirítear dul in éag an údaraithe, scaradh leis an údarú, nó táirgeadh.
Chun seasamh reatha an Rialtais a léiriú, agus chun tuilleadh mionsonraí agus soiléire a thabhairt do gheallsealbhóirí maidir le stádas na nÚdaruithe Peitriliam a shealbhaíonn siad faoi láthair, d’fhoilsigh an Roinn Ráiteas Beartais athbhreithnithe maidir le Taiscéalaíocht agus Táirgeadh Peitriliam in Éirinn, rud a cuireadh in áit an Ráitis Beartais a foilsíodh sa bhliain 2019.
Tá an peitriliam (ola agus gás) ar fad in Éirinn dílsithe don Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide faoin Acht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960. Faoin Acht, is gá do chuideachtaí údarú a fháil ón Aire chun go bhféadfaidh siad gníomhaíochtaí taiscéalaíochta nó táirgthe ola agus gáis a sheoladh amach ó chósta na hÉireann.
Le halt 21 den Acht um Ghníomhú Aeráide agus um Fhorbairt Ísealcharbóin (Leasú), 2021, leasaítear an tAcht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960, chun srian a chur leis an gcumhacht atá ag an Aire údaruithe nua peitriliam a dheonú trí ailt áirithe den Acht a aisghairm. Foráiltear leis na forálacha atá fágtha, áfach, go bhféadfaidh an tAire údaruithe comharba a dheonú do shealbhóirí údaruithe atá ann cheana (agus údaruithe comharba breise a dheonú amach anseo, ag brath ar chéim an údaraithe).
Féadfaidh sealbhóirí ceadúnas taiscéalaíochta, sealbhóirí ceadúnas lorgaireachta peitriliam agus sealbhóirí léasanna peitriliam iarratas a dhéanamh chun gníomhaíochtaí (mar shampla, suirbhéanna láithreáin) a sheoladh faoi na húdaruithe sin. Tá siad sin faoi réir na dtreoirlínte ón Roinn, nuair is cuí, amhail na Téarmaí Ceadúnúcháin le haghaidh Taiscéalaíocht, Forbairt agus Táirgeadh Ola agus Gáis Amach ón gCósta, an treoirdhoiciméad maidir le Measúnuithe Acmhainne Airgeadais agus an Modh le haghaidh Slánaíocht Airgeadais/Árachas Sealbhóirí Údaruithe Peitriliam a Mheasúnú.
Gach trí mhí, foilsíonn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide an t-eolas is deireanaí ar na húdaruithe peitriliam (ar a dtugtar “Tuarascáil Acraíochta”), mar aon le Léarscáil Lamháltais ghaolmhar ar a léirítear a láithreacha amach ón gcósta.
Ceanglaítear ar an Aire Tuarascáil Sé Mhí a leagan faoi bhráid an Oireachtais, rud ina dtugtar mionsonraí faoi gach údarú peitriliam atá gníomhach.
Ceanglaítear leis an Treoir maidir le Measúnacht Straitéiseach Timpeallachta go ndéanfaí measúnacht timpeallachta ar phleananna agus cláir áirithe ar dóigh dóibh tionchar suntasach a bheith acu ar an gcomhshaol. Is é an aidhm atá leis an measúnacht sin forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn trí thosca comhshaoil a chomhtháthú isteach go luath in aon ghníomhaíocht ceadúnúcháin.
Déantar Measúnachtaí Straitéiseacha Timpeallachta Amach ó Chósta na hÉireann chun measúnacht a dhéanamh ar aon tionchair a d’fhéadfadh a bheith ag baint le gníomhaíochtaí a sheoltar faoi údaruithe taiscéalaíochta agus táirgthe peitriliam laistigh d’uiscí amach ó chósta na hÉireann. Agus an mheasúnacht á hullmhú, seoltar comhairliúchán poiblí agus breithnítear na haighneachtaí agus na barúlacha a fhaightear.
Leis na measúnachtaí, soláthraítear dóibh sin a oibríonn amach ó chósta na hÉireann agus a úsáideann an limistéar sin bonnlíne comhshaoil oibríochtúil ar ina haghaidh is féidir leo a gcuid oibre a sheoladh agus cinntítear cosaint éifeachtach don mhuirthimpeallacht.
Tá an séú measúnacht (IOSEA6) ar siúl faoi láthair agus cuirfear san áireamh inti na hathruithe beartais uile a rinne an Rialtas ó IOSEA5, lena n-áirítear an gealltanas atá i gClár an Rialtais chun deireadh a chur le ceadúnais nua a eisiúint le haghaidh taiscéalaíocht agus astarraingt gáis ar an mbonn céanna leis an gcinneadh a rinne an Rialtas roimhe sa bhliain 2019 i ndáil le taiscéalaíocht agus astarraingt ola.
Ní mór na sonraí teicniúla uile a fhaightear faoi údaruithe peitriliam arna n-eisiúint ag an Aire a thuairisciú don Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide, a dhéanann Stór Náisiúnta na sonraí sin a bhainistiú agus a chothabháil. Áirítear leis an Stór sin sonraí ó thoibreacha (samplaí geolaíocha san áireamh), suirbhéanna geoifisiceacha agus staidéir theicniúla.
Chun taiscéalaíocht éifeachtach peitriliam a éascú, cuireann an Roinn na sonraí sin ar fáil go poiblí a luaithe a théann an tréimhse rúndachta in éag.
Is féidir faisnéis faoi conas na sonraí sin a rochtain a fháil ar shuíomh gréasáin na Roinne.
Imríonn an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide ról lárnach maidir le taighde a thionscnamh agus a chothú, ar taighde é lena gcuirtear leis an eolas atá ann ar an limistéar amach ó chósta na hÉireann agus lena n-éascaítear taiscéalaíocht éifeachtach. Mar chuid den ról atá ag an rialtas maidir le bainistíocht inbhuanaithe gníomhaíochtaí amach ón gcósta agus maidir le straitéisí cuí caomhantais mhuirí, rinne an Roinn mórchlár taighde um bailiú sonraí ar a dtugtar ObSERVE a bhunú i gcomhpháirt leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Tá sé mar aidhm leis an gclár cur leis an eolas agus an tuiscint atá againn ar speicis chosanta agus ar ghnáthóga íogaire amach ó chósta na hÉireann.
Thosaigh an chéad chéim de chlár ObSERVE sa bhliain 2015 agus bhí sí ar siúl ar feadh tréimhse trí bliana. Tá an dara céim de chlár ObSERVE á fhorbairt faoi láthair. Leanfaidh an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide leis an gclár a threorú, i gcomhar leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta agus le comhpháirtithe nua, is iad sin: an Roinn Tithíochta, Pleanála agus Rialtais Áitiúil agus an Rannóg um Fhuinneamh Idirnáisiúnta agus um Fhuinneamh Amach ón gCósta sa Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Bainfidh gáscheantair Cheann Chionn tSáile, Bhaile Choitín agus na Seacht gCeanna deireadh a saolré táirgiúla amach le linn na bliana 2020 agus tosófar díchoimisiúnú a luaithe a stopfar ag táirgeadh gás nádúrtha uathu. A bhuí leis an soláthar gáis nádúrtha ó gháscheantar na Coiribe, tháinig laghdú suntasach ar spleáchas na hÉireann ar ghás allmhairithe. Tá táirgeadh ón ngáscheantar sin ag meath anois agus meastar go dtiocfaidh sé chun deiridh thart ar an mbliain 2030.
Tar éis 40 bliain, tháinig an táirgeadh gáis ó Gháscheantair Limistéar Chionn tSáile (Ceann Chionn tSáile, Baile Choitín agus na Seacht gCeanna) chun deiridh an 5 Iúil 2020, toisc go bhfuil na taiscí gáis spíonta. Bhí gáscheantar Cheann Chionn tSáile ar an gcéad gháscheantar riamh in Éirinn. Aimsíodh sa bhliain 1971 é agus tosaíodh ag táirgeadh gáis uaidh sa bhliain 1978. Aimsíodh roinnt gáscheantar satailíte ina dhiaidh sin, agus iad go léir suite thart ar 50 ciliméadar amach ó chósta Chontae Chorcaí sa Mhuir Cheilteach. Ba ó Gháscheantair Limistéar Chionn tSáile a tháinig an gás nádúrtha ar fad in Éirinn ón mbliain 1978 go dtí an bhliain 1995 go dtí gur tháinig na hidirnascairí i mbun feidhme thart ar an mbliain 1995. Le chéile, bhí siad ar an aon fhoinse dhúchasach gáis nádúrtha amháin in Éirinn go dtí an bhliain 2015, tráth a tháinig gáscheantar na Coiribe i mbun feidhme. Níos déanaí fós, freastalaíodh leo ar thart ar 4% de riachtanas bliantúil gáis na hÉireann.
Nuair a stopann gáscheantar ag táirgeadh gáis, ní mór an bonneagar ar fad a bhaineann leis a dhíchoimisiúnú. Áirítear leis sin toibreacha a chalcadh agus gach saoráid eile a dhíchóimeáil a luaithe a asbhaintear an gás ar fad uathu. Beidh Gáscheantair Limistéar Chionn tSáile ar na chéad gháscheantair a dhíchoimisiúnófar riamh in Éirinn. Tá díchoimisiúnú shaoráidí Chionn tSáile faoi réir na ceaduithe riachtanacha rialála agus comhshaoil uile a fháil ón Aire Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide.
Ceanglaítear ar na hoibritheoirí plean mionsonraithe díchoimisiúnaithe a chur faoi bhráid na Roinne, ina leagtar amach conas a dhíchoimisiúnóidh siad na saoráidí go sábháilte gan ach an tionchar is lú is féidir a imirt ar an gcomhshaol. Déantar an plean sin a mheasúnú agus a cheadú ar aon dul leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta. Faigheann an Roinn sainchomhairle neamhspleách mar chuid den phróiseas rialála le haghaidh díchoimisiúnú. Déanann sí idirchaidreamh le rialálaithe ábhartha amhail an Coimisiún um Rialáil Fóntais (CRF), Garda Cósta na hÉireann, agus an tÚdarás Sláinte agus Sábháilteachta freisin.
Is féidir tuilleadh faisnéise faoi na hiarratais ar dhíchoimisiúnú a ceadaíodh go dtí seo a fháil thíos: