Comhordú Oideachais don Lucht Siúil
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
D'fhoilsigh an Roinn Dlí agus Cirt agus Comhionannais an Straitéis Náisiúnta maidir le hIonchuimsiú Taistealaithe agus Romach i Meitheamh 2017. Bhí an Roinn Oideachais agus Scileanna páirteach i bhforbairt na straitéise agus is ball í den Ghrúpa Stiúrtha a cuireadh ar bun chun cur i bhfeidhm na straitéise nua a mhaoirsiú. Is iad na Ranna Rialtais, Gníomhaireachtaí agus Eagraíochtaí Neamhrialtasacha (ENRanna) ábhartha uile atá ina mbaill den Ghrúpa Stiúrtha.
Glactar cur chuige uile-Rialtais sa straitéis i leith saol Taistealaithe agus Romach in Éirinn a fheabhsú ar bhealaí praiticiúla follasacha. Tá Ranna tar éis obair i gcomhar lena chéile chun bearta a shainaithint a d'fhéadfaí a chur i gcrích chun feabhas ceart a chothú do Thaistealaithe agus Romaigh maidir lena gcaighdeán saoil. Aidhm eile atá ag an straitéis ná feabhas a chur ar an gcaoi a ndéileáiltear le pobail Taistealaithe agus Romach in Éirinn sa tseirbhís phoiblí. Ainmnítear 149 beart sa straitéis, a chlúdaíonn na téamaí Féiniúlacht Chultúrtha, Oideachas, Fostaíocht agus Geilleagar na dTaistealaithe, Páistí agus an Óige, Sláinte, Comhionannas Inscne, Frith-idirdhealú agus Comhionannas, Seirbhísí Poiblí, Cóiríocht, agus Pobail Taistealaithe agus Romach.
Seo a leanas na príomhbhearta i dtaca le hoideachas a moladh sa NTRIS:
Action Plan for Increasing Traveller Participation in Higher Education 2019-2021
Action Plan for Increasing Traveller Participation in Higher Education 2019-2021
Report and Recommendations for a Traveller Education Strategy
Report and Recommendations for a Traveller Education Strategy
Treoilínte d'Oideachas an Lucht Taistil i Scoileanna Dara Leibhéal
Tá na treoirlínte seo ar oideachas an Lucht Taistil do scoileanna dara leibhéal, ina gcuid dhílis lárnach de straitéisí na Roinne Oideachais agus Eolaíochta maidir le cuimsiú sóisialta, bochtaineacht a chloí, cur chun cinn an chomhionannais agus dul i ngleic le míbhuntáiste oideachais.
Suirbhé um Sholáthar Oideachais don Lucht Siúil Cigireacht na Roinne Oideachais agus Eolaíochta
Táthar tar éis an Suirbhé um Sholáthar Oideachais don Lucht Siúil seo a fhoilsiú i ndiaidh suirbhé leathan ar rannpháirteachas agus cuimsitheacht daltaí den Lucht Siúil i roinnt bunscoileanna agus iarbhunscoileanna.
Mar fhreagairt do bhearta sainiúla i Straitéis Náisiúnta Ionchuimsithe an Lucht Siúil agus na Romach agus i bPlean DEIS, tá tionscadal píolótach ar aidhm dó feabhsú thinreamh, rannpháirtíocht agus choinneáil Lucht Siúil agus na Romach ar scoileanna i bhfeidhm i gceithre ionad. Tá tacaíocht ag an tionscadal píolótach trí mhaoiniú ón Roinn Oideachais agus an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige.
Forbraíodh an tionscadal píolótach i gcomhpháirt leis an Roinn Oideachais, an Roinn Leanaí, Comhionannais, Míchumais, Lánpháirtíochta agus Óige, Seirbhís Tacaíocht Oideachais Tusla agus eagraíochtaí Lucht Siúil. Rinneadh tuairisc bhonnlíne taighde a choimisiúnú chun teacht ar thuiscint ar an gcomhthéacs bonnlíne sna hionaid phíolótacha uile.
Lena chois sin, cuirfear an tuairisc bhonnlíne taighde san áireamh mar chuid den mheastóireacht fhoriomlán ar na tionscadail phíolótacha a bheidh ag dul amach ar tairiscint gan mhoill.
Tá an tuarascáil taighde ar fáil anseo. ( HOME - pinkflowerresearch )