Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
I mí Mheán Fómhair 2015, ghlac Ballstáit na Náisiún Aontaithe Clár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe ("I mBun Athraithe").
Is é is Clár Oibre 2030 ann ná plean gníomhaíochta ar son an duine, an phláinéid agus an rathúnais. Tá feidhm aige maidir le tíortha forbartha agus tíortha atá i mbéal forbartha araon. Tá Clár Oibre 2030 dírithe ar na 17 Sprioc Forbartha Inbhuanaithe agus ar an 169 mionsprioc a bhaineann leo.
Féach na nótaí cúlra thíos le haghaidh tuilleadh faisnéise:
In Éirinn, glacadh cur chuige uile-Rialtais i leith na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun feidhme, áit a bhfuil freagracht shonrach ar gach Aire as Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe aonair a bhaineann lena fheidhmeanna Aireachta nó lena feidhmeanna Aireachta a chur chun feidhme.
Tá freagracht fhoriomlán ar an Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide as na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn agus as formhaoirseacht a dhéanamh ar a gcur chun feidhme comhleanúnach ar fud an Rialtais, lena n-áirítear Pleananna Forfheidhmithe Náisiúnta agus creataí tuairiscithe a fhorbairt.
Tacaíonn an Grúpa Oifigeach Sinsearach um na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus an Grúpa Oibre Idir-rannach um na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe le cur chun feidhme agus le cur chuige uile-Rialtais. Imríonn an dá ghrúpa ról ríthábhachtach maidir le tosaíochtaí a shainaithint, maidir le formhaoirseacht agus faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn, agus maidir lena chinntiú go n-oibríonn oifigigh ó na Ranna Rialtais uile le chéile chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur san áireamh ina gcuid oibre agus ina gcaidreamh le geallsealbhóirí.
Bunaíodh an bord rialachais sonraí um na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun sonraí staitistiúla a fhoinsiú agus a fhorbairt do na táscairí a bhaineann le gach ceann de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe agus do spriocanna idirnasctha agus chun tuairisc a thabhairt ar na sonraí sin. Is í an Phríomh-Oifig Staidrimh a shainaithníonn agus a bhainistíonn na sonraí náisiúnta a theastaíonn chun na ceanglais tuairiscithe atá ar Éirinn maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chomhlíonadh.
Tá pointe teagmhála ag gach Roinn Rialtais do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Féach an liosta teagmhálaithe anseo.
Leis an Léarscáil Beartais maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, cuirtear leis an gcumas atá ag geallsealbhóirí an dóigh a mbíonn Spriocanna sonracha Forbartha Inbhuanaithe agus mionspriocanna gaolmhara á gcur chun feidhme ag Éirinn a rianú. Cothaítear agus feabhsaítear leis an Léarscáil freisin an caidreamh tras-Rialtais atá ar bun chun gach ceann de na Spriocanna agus na Mionspriocanna a chur chun feidhme.
Tá an Léarscáil Beartais maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ceaptha chun a bheith ina doiciméad beo, agus nuashonraíodh den uair is deireanaí i mí Dheireadh Fómhair 2022 í.
Leagtar amach sna Pleananna Náisiúnta Cur chun Feidhme maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe an creat uileghabhálach náisiúnta rialachais, comhordúcháin agus faireacháin le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Maidir leis na cineálacha mionsonraithe cur chuige beartais i leith dul chun cinn a dhéanamh ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe aonair agus ar chuspóirí aonair, pléitear iad sna beartais náisiúnta ábhartha atá leagtha amach sa Léarscáil Beartais maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Foilsíodh an Dara Plean Náisiúnta Cur Chun Feidhme maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2022-2024 an 5 Deireadh Fómhair 2022. Forbraíodh é i gcomhar le gach Roinn Rialtais agus gach príomh-gheallsealbhóir agus tá sé bunaithe ar an ionchur a fuarthas ón dá phróiseas comhairliúcháin phoiblí a reáchtáladh thar an mbliain seo a chuaigh thart. Leis an bPlean nua, cuirtear leis na struchtúir agus na sásraí atá leagtha amach sa chéad Phlean Náisiúnta Cur Chun Feidhme maidir leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Bunaíodh Fóram Náisiúnta Geallsealbhóirí na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun bonn eolais a chur faoin obair chun an creat náisiúnta le haghaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a fhorbairt tuilleadh agus chun sásra a sholáthar do gheallsealbhóirí ó gach earnáil chun smaointe agus réitigh nuálacha a phlé agus a thriail ar mhaithe leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach in Éirinn.
Gach bliain, ceapfar Coiste Fhóram na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ó earnálacha agus ó chúlraí éagsúla chun plean oibre d'Fhóram na bliana sin a fhorbairt agus chun struchtúr Fóraim Náisiúnta Gaeallsealbhóirí dea-phoiblithe inrochtana ionchuimsitheach a dhearadh.
Is féidir mionsonraí faoin gCoiste don bhliain 2024 a fháil anseo.
Na Comhaltaí de Choiste Fhóram Náisiúnta Geallsealbhóirí na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2022-2023 (níl leagan Gaeilge den doiciméad seo ar fáil)
Bunaíodh Clár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun cur le feasacht an phobail ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe trí chomhpháirtíocht agus trí chur chun cinn. Ag gníomhú dóibh trína gcleachtais eagraíochta, léiríonn na Curaidh bealaí inar féidir le heagraíochtaí agus daoine aonair rannchuidiú leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach. D’éirigh leis an tionscnamh seo feasacht a mhúscailt ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar fud pobail dhifriúla agus grúpaí difriúla, agus cuid mhór de na Curaidh ag díriú ar réimsí sonracha a bhaineann leis na Spriocanna.
Sa bhliain 2019, roghnaíodh 12 Churadh chun páirt a ghlacadh sa chéad leagan de chuid na hÉireann riamh de Chlár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.
Ceapadh 26 Churadh le haghaidh Chlár Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe 2023-2024.
I gcás an Chláir don bhliain 2024-2025, roghnaíodh 20 curadh ón earnáil phoiblí, ón earnáil phríobháideach, ón earnáil pobail, ón earnáil dheonach, ón earnáil óige agus ón earnáil eagraíochtaí neamhrialtasacha agus tá mór-eagraíochtaí náisiúnta agus mionghrúpaí pobail ina measc.
Faigh tuilleadh faisnéise faoi Churaidh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe don bhliain seo [external-link SDG Champions 2024-2025 | anseo. ]
Tá Fóram Ardleibhéil Polaitíochta na Náisiún Aontaithe freagrach as Clár Oibre 2030 a athbhreithniú, agus as gníomh leantach a dhéanamh ina leith, ar an leibhéal idirnáisiúnta. Tagann an Fóram Ardleibhéil Polaitíochta le chéile gach bliain i gceanncheathrú na Náisiún Aontaithe i Nua-Eabhrac, ar lena linn a fhaightear ionchur ó rialtais náisiúnta, ó chomhlachtaí idir-rialtasacha, ó ghníomhaireachtaí iomchuí de chuid na Náisiún Aontaithe, ón tsochaí shibhialta agus ó gheallsealbhóirí eile.
Tugtar spreagadh do thíortha cur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a athbhreithniú go tráthrialta agus Athbhreithnithe Náisiúnta Deonacha a chur i láthair. . Chuir Éire an chéad Athbhreithniú Náisiúnta Deonach uainn i láthair ag an bhFóram Ardleibhéil Polaitíochta sa bhliain 2018, agus bhí sí i láthair ag Fóram Ardleibhéal Polaitíochta na bliana 2022.
Cuireadh an dara hAthbhreithniú Náisiúnta Deonach ó Éirinn faoi bhráid na Náisiún Aontaithe go luath i mí an Mheithimh, agus cuireadh i láthair é ag Fóram Ardleibhéil Polaitíochta na Náisiún Aontaithe 2023 i Nua-Eabhrac. Tá an tAthbhreithniú Náisiúnta Deonach don bhliain 2023 bunaithe ar an téama 'Atógáil chun Feabhais Gan Aon Duine a Fhágáil ar Leataobh', agus áirítear leis ionchur ó Ranna Rialtais, ó ghrúpaí geallsealbhóirí, agus ón tsochaí shibhialta. Rannchuidigh ionadaithe don óige leis an Athbhreithniú freisin.
Le Seachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, déantar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a cheiliúradh agus músclaítear feasacht orthu. Is cuid den tSeachtain Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe (SOFI) níos leithne í Seachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Reáchtáladh an tríú Seachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe de chuid na hÉireann idir an 20 agus an 29 Meán Fómhair 2024. Eagraíodh níos mó ná 198 imeacht ar fud na hÉireann, agus bhí níos mó ná 4,000 gníomhaíochtaí ar siúl ar fud 39 dtír san Eoraip.
Dá mba mhaith leat go gcuirfí thú le liosta seachadta na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun an t-eolas is deireanaí a fháil ar fhorbairtí agus tionscnaimh ina leith, seol ríomhphost chuig SDGs@decc.gov.ie
Is é is GeoHive ann ardán comhoibrithe le haghaidh tuairisc a thabhairt ar dhul chun cinn i dtreo na spriocanna a bhaint amach agus le haghaidh faisnéis a chomhroinnt faoi thionscnaimh ghaolmhara. Is trí úsáid a bhaint as spriocanna agus táscairí comhaontaithe ar leibhéal domhanda na Náisiún Aontaithe agus ar leibhéal an Aontais Eorpaigh a thomhaistear an dul chun cinn atá déanta ag Éirinn ar gach sprioc a bhaint amach.
Le GeoHive, tarraingítear aird ar an dul chun cinn atá déanta ag Éirinn ar Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach, agus soláthraítear faisnéis faoi thionscnaimh a bhaineann leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe, mar aon le sonraí faoi gach ceann de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.