Gníomhú ar Son na hAeráide
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ó An Roinn Comhshaoil, Aeráide agus Cumarsáide
Foilsithe
An t-eolas is déanaí
Ceann amháin de na dúshláin dhomhanda is mó don ghlúin seo agus do na glúnta atá le teacht is ea an dóigh a dtabharfaimid aghaidh ar an athrú aeráide. Déanfaidh tionchair an athraithe aeráide difear do gach earnáil den tsochaí agus is gá do gach duine dínn smaoineamh ar na dóigheanna is fearr ar féidir le hÉirinn rannchuidiú leis na réitigh. Tá deis theoranta againn fíorghníomhaíocht a dhéanamh chun a chinntiú go mbeidh na glúnta atá ann cheana agus na glúnta atá le teacht in ann maireachtáil ar bhealach inbhuanaithe i ndomhan ísealcharbóin a bheidh athléimneach ó thaobh na haeráide de.
Tá Rialtas na hÉireann ar thús cadhnaíochta maidir le haghaidh a thabhairt ar an dúshlán sin agus maidir lena chinntiú go nglacfar cur chuige marthanach straitéiseach i leith dícharbónú de réir a chéile agus dícharbónú buan. Tá sé ríthábhachtach go mbeadh ról ag cách, lena n-áireofar an rialtas, daoine aonair agus an mhórshochaí, sa chur chuige sin, rud a bhfuil maolú an athraithe aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide ar áireamh leis freisin.
Tá an suaitheadh aeráide ag déanamh difear éagsúil forleathan cheana féin ar shochaí, timpeallacht, geilleagar agus acmhainní nádúrtha na hÉireann. Ní mór d’Éirinn dlús suntasach a chur lena gealltanais maidir le dul i ngleic leis an suaitheadh aeráide. Cuid bhunúsach dár spriocanna dícharbónaithe a bhaint amach is ea an ról ceannaireachta is féidir leis an rialtas agus le comhlachtaí poiblí a imirt i ngníomhaíocht luath a dhéanamh i leith na haeráide.
Léigh tuilleadh faoi Dhul i nGleic leis an gCliseadh Aeráide
Aithníonn an rialtas cé chomh dúshlánach agus a bheidh sé astaíochtaí gás ceaptha teasa na hÉireann a laghdú. Taispeánfar sa bheartas náisiúnta maidir leis an aeráid uaillmhian an Rialtais agus ár dtiomantas do mhórspriocanna an Aontais Eorpaigh a bhaint amach. Leis sin, tabharfar aghaidh ar an dúshlán aeráide ar fud gach earnála den tsochaí agus cuirfear ar chumas na hÉireann aistriú chuig geilleagar ísealcharbóin faoin mbliain 2050.
Léigh tuilleadh faoin mBeartas Náisiúnta maidir leis an Aeráid
Fiú amháin i gcás go n-éireoidh leis na hiarrachtaí atá ar bun ar fud an domhain chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, leanfaidh éifeachtaí an athraithe aeráide le tionchar a imirt ar ár ngeilleagar agus ar ár sochaí de dheasca astaíochtaí roimhe agus astaíochtaí reatha. Tá sé ríthábhachtach oiriúnú chun dul i ngleic leis na rioscaí reatha agus na rioscaí amach anseo a ghabhann agus a ghabhfaidh le hathruithe san aeráid. Aithníonn an rialtas an méid sin, agus tá bearta á ndéanamh aige chun a chinntiú go mbíonn gach earnáil den rialtas agus den tsochaí ag obair le chéile chun a chinntiú gur féidir le hÉirinn bheith athléimneach ó thaobh na haeráide de faoin mbliain 2050.
Léigh tuilleadh faoi Oiriúnú don Chliseadh Aeráide
Aithníonn Éire go bhfuil an t-athrú aeráide ar cheann amháin de phríomhdhúshláin na haoise seo. Mura dtéitear i ngleic leis an dúshlán aeráide, beidh drochthionchair ollmhóra ann a dhéanfaidh difear do gach tír. Mar gheall ar scála an dúshláin aeráide agus ar a chasta atá sé, tá cur chuige comhordaithe ag teastáil ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal idirnáisiúnta araon.
Is doshéanta atá an fhianaise ar an téamh sa chóras aeráide agus is dóigh go bhfuil gníomhaíocht an duine ina príomhchúis leis an téamh a breathnaíodh ó lár an 20ú haois. Léirítear i mbreathnóireachtaí gur mhéadaigh meánteochtaí domhanda faoi bheagnach 1˚C ón ré réamhthionsclaíoch. Théigh an t-atmaisféar agus na haigéin, tháinig laghdú ar an méid sneachta agus oighir, agus d’ardaigh leibhéil na farraige mar gheall ar an méadú sna tiúchain de gháis cheaptha teasa. Tugtar le fios sna réamh-mheastacháin ar an athrú aeráide domhanda agus réigiúnach amach anseo go mbeidh astaíochtaí leanúnacha gás ceaptha teasa ina gcúis le tuilleadh téimh agus athruithe sa chóras aeráide.
Tá na hathruithe in aeráid na hÉireann ag teacht leis na treochtaí domhanda sin. Áirítear iad seo a leanas leis na tionchair a thuartar a bheidh ann amach anseo: tuilleadh méaduithe i leibhéil na farraige; stoirmeacha agus báisteach níos déine; dóchúlacht mhéadaithe go mbeidh tuilte abhann agus cósta ann agus méadú i méid na dtuilte sin; ganntanais uisce sa samhradh; riosca méadaithe go dtiocfaidh lotnaidí agus galair nua chun cinn; drochthionchair ar cháilíocht an uisce; agus athruithe i ndáileadh na speiceas plandaí agus ainmhithe ar talamh agus sna haigéin agus in eachtraí timthrialla beatha na speiceas sin.
In aghaidh an chúlra sin, ní mór straitéisí a cheapadh chun rioscaí athrú aeráide a laghdú agus a bhainistiú trí mheascán de fhreagairtí maolaithe agus de fhreagairtí oiriúnaithe.